Page:Mo sgeal fein.djvu/116

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

le h-aon rud a dhéanamh a chuirfeadh cosg leis an meathalughadh a bhí ag cur na Gaeluinne as an saoghal, do chonac i leabhar éigin caint a dúbhairt Eoghan Ó Camhraighe i dtaobh na h-oibre a bhí aige féin agus ag cuid de lucht a chómhaimsire ’á dhéanamh, .i. “go rabhadar ag cruinniughadh agus ag míniughadh na seana Ghaeluinne a bhí ins na leabhraibh a sgríobhadh fadó, i dtreó, nuair a bhéadh an Ghaeluinn a bhí d’á labhairt imthighthe as an saoghal, go mbéadh fuíghleach éigin nó iarsma éigin fágtha i n-Éirinn ’n-a diaigh.”

“Dar fiadh,” arsa mise am’ aigne, “má bhíodar súd chómh deimhnightheach, agus an Ghaeluinn chómh beó agus a bhí sí an uair sin, go raibh sí ag dul chun báis agus ná raibh aon bhreith acu féin, d’á fheabhas éirim aigne a bhí acu, ar í choimeád ó bhás, cad déarfaidís dá mbéidís beó an uair seo agus go bhfeicfidís conus mar atá an Ghaeluinn imthighthe a’ breis agus leath an oileáin! Má thuigeadar súd ná raibh aon bhreith acu féin ar an meathalughadh do chosg an uair sin, cad déarfaidís leis an t-é a mheasfadh go mbéadh aon bhreith ag aoinne ar an meathalughadh do chosg anois!”

B’ é crích an mhachtnamh agam é gur stadas. Ach, mar adúbhart, do leanas ag rádh na Coróinneach Muire as Gaeluinn.

Le linn na h-aimsire sin do thárla go raibh buidhean des na macaibh léighinn a bhíodh d’á dtabhairt i n-aonfheacht isteach i halla mór gach aon tráthnóna, chun raint foghluma dhéanamh ar conus Béarla do léigheadh agus do sgríobhadh agus do labhairt mar ba chóir agus mar ba chuibhe agus mar ba cheart do dhaoine foghlumanta. Do ráinig go rabhas-sa ar an mbuidhin sin. Bhí sagart óg ó dhóiseas Chorcaighe i mbun na h-oibre sin dúinn. Chuireadh sé i n-ár suidhe sinn uaireanta agus thugadh