Page:Mo sgeal fein.djvu/136

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

ní baoghal ná go gcoimeádfad cuimhne air. Do rith buachaill chúgham isteach agus saothar air i dtreó gur ar éigin fhéad sé labhairt.

“Tá fear ag fághail bháis, a Athair,” ar seisean.

“Canad?” arsa mise.

“Thiar ar Beinn na Leacht, a Athair,” ar seisean.

“Cad ’tá air?” arsa mise.

“Do shloig sé a theanga, a Athair!” ar seisean.

“Aililiú!” arsa mise, “conus fheadfadh sé a theanga do shlogadh?”

“Bhí sé ag ól bhainne raímhir, a Athair,” ar seisean, “agus do shloig sé siar a theanga i n-aonfheacht leis an mbainne. Ní’l aon fhocal cainte aige,” ar seisean, “agus nuair fhéachamair isteach ’n-a bhéal níor fhéadamair aon radharc fhághail ar a theangain. Is baoghalach ná béarfair ’n-a bheathaigh air, a Athair,” ar seisean.

Chomáineas liom siar. Do rugas ’n-a bheathaigh air. Bhí a chaint aige nuair a shroiseas é.

“Airiú, cad fé ndeara dhuit do theanga shlogadh!” arsa mise leis.

“Ó mhaise!” ar seisean, “an breallán buachalla san!” ar seisean. “Bhí tart orm agus d’ólas an deoch ró thapaidh, agus tháinig crampa nó rud éigin de’n tsórd san am’ sgórnaigh i dtreó gur crap mo theanga siar ar fad am’ chúlcraos agus gur mheas sé siúd gur b’ amhlaidh a shloigeas mo theanga! Ní’l aon chiall aige!”

Bhí an crampa imthighthe a’ sgórnaigh an fhir bhoicht i dtreó ná raibh aon ghádh le h-ola aige, agus thánag-sa abhaile air mo shuaimhneas.

Ní gan chúis a tugtar Beinn na Leacht ar an mbaile sin. Táid na leachtana ann. Tá ar dtúis ann dhá roth mhóra leathana cloch, roth mór lasmuich agus an roth