Page:Mo sgeal fein.djvu/137

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.


eile laistigh dé sin agus iad aoninneach. De chlochaibh, curtha ’n-a seasamh, mar bhéadh clocha roilighe, atá an dá roth san déanta. Tá ansan, siar ó-dheas ó’n roth amuich, dhá líne cloch agus na clocha ’n-a seasamh ar an gcuma gcéadna, agus an dá líne fan a chéile, agus gan iad ró fhada amach ó chéile. Ní cuimhin liom anois cad é an fhaid a déarfainn a tá ionta, ach is dóich liom go rabhadar ceathair nó cúig de shlataibh nó mar sin. Bhí cúpla cloch nó trí thiar ag an gceann thiar díobh ’ghá dtabhairt chun a cheile i dtreó gur pharallelogram iad. Tá breis agus cheithre bliana agus dachad ó chonac iad.

Tá bóthar siar ó Bheinn na Míol go Nead an Fhiolair agus go Cill Chóirne. Mórán blianta sar a dtánag-sa go Beinn na Míol bhí sagart áirighthe ’n-a chómhnuighe i gCill Chóirne. Do buaileadh breóite é. Cheap sé go mbéadh sé tagaithe chuige féin i gcóir an Domhnaigh a bhí chuige, ach ní raibh. Bhí sagart a bhí báidheamhail leis thoir i mBaile na Móna. Chomáin sé teachtaire soir um thráthnóna Dé Satharainn ’ghá iaraidh ar shagart Bhaile na Móna teacht, dá mb’ fhéidir é, agus an t-Aifrean do rádh thar a cheann i gCill Chóirne. Bhí capall ana mhaith ag sagart Bhaile na Móna agus “Gríosach” an ainim a bhí aige ar an gcapall. D’eirigh sé go moch ar maidin Dé Domhnaigh agus siúd siar é, siar Ath an Dalláin, siar Beinn na Míol, siar Gleann na h-Aithrighe, siar go Nead an Fhiolair agus go dtí séipéal Chill Chóirne. Dúbhairt sé an t-Aifrean díreach ar an uair a bhí ceapaithe, gan aon neómat ríghnis. Is dócha go mb’ fhéidir go raibh taithíghe ag cuid de’n phobul ar an Aifrean a bheith tamall beag deirineach. Pé sgéal é, bhí a lán acu déanach chun an Aifrinn an mhaidean san. Bhí an sagart ag dul soir