Page:Mo sgeal fein.djvu/138

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

a bhaile airís tar éis an Aifrinn do rádh, agus bhuail cuid de’n phobul uime ar an mbóthar. Iadsan ag teacht go dtí an t-Aifrean agus an t-Aifrean ráidhte aige-sean. Bhí air bheith i n-am chun Aifrinn do rádh an lá céadna i mBaile na Móna tar éis dul abhaile dhó. Do labhair sé le cuid des na daoine a bhí déanach.

“Ohó!” ar seisean.

“Gríosach, a chodail i mBaile na Móna,
Do sgiob sé an t-Aifrean ó mhuintir Chill Chóirne!”

Thagadh glaodhach ola chúgham go minic ainíos ar fad ó bhruach Abhan Móire, agus is minic gur i lár na h-óidhche thagadh sé. Uaireanta, b’ fhéidir, bheinn tar éis bheith thíos ann i gcaitheamh an lae, ag déanamh gnótha Domhnaigh nó ag tabhairt turus ar sgoileanaibh. Ansan b’ fhéidir, nuair a bheinn am’ shámh-chodla, i lár na h-oídhche, thiocfadh an glaodhach ola, agus chaithinn eirighe agus imtheacht síos airís. Ach bhíos óg láidir an uair sin agus ní bhíodh puínn binne agam ar neithibh de’n tsórd san.

Gaeluinn a labhradh gach aoinne liom an uair sin nuair a théighinn mar sin ag cur na h-ola ortha. Na teachtairí féin, bíodh go mbíodh cuid acu óg go maith, is Gaeluinn a labhraidís liom.

An sagart paróiste a bhí os a gcionn bhí Gaeluinn bhreagh aige. An t-Athair Tomás ua Muirithe ab ainim dó. Andeas ó Chairbre a thainig sé. Tháinig sé andeas sar ar deineadh dá dhóiseas de dhóiseas Chluanach agus Rosa. Bhí sé suas le deich mbliana agus trí fichid nuair a bhíos-sa agus é féin i bparóiste Chille Sheanaigh. Do mhair sé go dtí go raibh sé aon bhliain