Page:Mo sgeal fein.djvu/141

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

sholus. Thug bean an tíghe stiúrughadh agus cómharthaí an bhóthair dom agus do ghluaiseas, am’ charra bheag, soir go dtí an drochad atá ar abhainn Araiglinn; soir ó-thuaidh tré Bhaile na Páirce, mór-thímpal i radharc an tseana chaisleáin atá ’n-a sheasamh ar mhullach cnucáin ar an dtaobh thiar de’n abhainn, d’ abhainn Araiglinn; fan na h-abhan airís, soir ó-thuaidh, go dtí gur shroiseas an crosaire mar a n-iompuighthear siar go dtí Cúil Múchan. Do leanas an bóthar díreach soir ó-thuaidh fé bhun Bhaile na mBodach. Ansan do shroiseas drochad eile agus chuadhas thar abhainn siar agus suas cnucán, agus bhíos ag séipéal Araiglinn. Séipéal nua ab eadh é. Bhí sé ana árd, agus do luigheadh an ghaoth go mór ar an gcnucán nuair a bhíodh aon phuínn nirt inti. Tá dhá shruthán dheasa ag teacht chun a chéile thoir thíos ag bun an chnucáin, agus deinean an cnucán foithin mhór do’n ínse bheag atá thíos idir an dá shruth. Níor fhéadas gan a mheas gur mhór an truagh nár deineadh an séipeál thíos ar an ínse sin i n-inead é dhéanamh thuas ar mhullach an chnucáin. Ínse an Chlampair an ainim a tugtar ar an ínse sin.

Nuair a bhí an pobal cruinnighthe dúbhart an t-Aifrean dóibh, agus ansan thugas aghaidh siar ó-dheas airís ar Cill Úird, agus bhíos ann ar a dódhéag chun an tarna h-Aifrinn do rádh ann. Bhí iongnadh a chroídhe ar an sagart paróiste nuair a chonaic sé ag teacht mé. Bhí fhios aige go raibh an sagart a bhí aige rómham imthighthe, ach ní raibh fhios aige go rabhas-sa tagaithe. Bhí sé ar buile chúgham nuair nár thugas aghaidh ar a thigh féin. D’innseas dó conus mar a bhí sé ró dhéanach sa n-oídhche nuair a shroiseas an áit agus ná raibh fhios agam cá raibh a thigh.

Ar maidin Dé Luain a bhí chúghainn bhíos ag féachaint