Page:Mo sgeal fein.djvu/140

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

go samhlóchainn é. Theip orm cuimhneamh ar aon tsaghas fothraim a chuirfinn i gcomparáid leis. Bhí sé ana láidir, ana throm. Ba dhóich le duine go raibh sé sa spéir agus fé thalamh i n-aonfheacht. Dá gcuireadh sé an tarna guth as d’fhéadfainn, b’ fhéidir, tuairim éigin a thabhairt fé cad é an saghas fothraim é, ach níor chuir. Chomáineas liom agus d’imthigh sé as mo cheann.

Fuaras an bóthar ó Mhalla go Cill Úird níba shia go mór ’ná mar a shíleas. Bhí sé ag déanamh amach ar a dódhéag sa n-oídhche nuair a shroiseas an áit. Do chailleas raint mhaith aimsire, tar éis na h-oídhche theacht orm, ag glaodhach ar dhaoine a bhí n-a gcodla agus ag cur tuairisge na slíghe ortha. Do shroiseas Cill Úird. Bhí na dóirse go léir dúnta agus na daoine ’n-a gcodla. Chonac solus i n-aon tigh amháin. Thugas aghaidh ar an solus. Do ghlaodhas ar mhuíntir an thíghe. Tháinig bean chun an doruis chúgham. D’innseas di cé r’ b’ é mé, agus d’fhiafraigheas di a’ bhféadfadh sí bheith istigh a thabhairt dom go lá, mar go raibh orm dul amach go moch ar maidin go h-Araiglinn chun an Aifrinn do rádh ann.

“Ochón, a Athair,” ar sisi, “tabharfad agus fáilte; agus go deimhin féin ní ró mhaith an chóir is féidir dom a chur ort, a Athair,” ar sisi. “Ach bíodh an chóir olc nó maith ní ró fhada a bheidh an tigh seo againn chun bheith istigh a thabhairt d’aoinne ann. Táimíd féin le cur amach as ar maidin Dé Luain! Tar isteach, a Athair,” ar sisi.

Chuas isteach. Bhí tigh folamh amuich sa chlós agus chuireas mo láir isteach ann agus thugas rud le n-ithe dhi. Bhí san agam sa trap bheag. Do cuireadh cóir chodlata orm féin chómh maith agus d’fhéad na daoine bochta é. Bhíos am’ shuidhe ar maidin ar an gcéad