Page:Mo sgeal fein.djvu/142

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

ar pháipéar. Níor chuireas suím ró mór i n-aon rud d’á bhfeaca ann go dtí gur luigh mo shúil ar an méid seo, .i. “Extraordinary occurrence. About 2 o’clock, p.m. on Saturday last a distinct shock of earthquake was felt in the neighbourhood of Mallow. It was accompanied by a loud subterranean noise which lasted only a moment. Several persons felt the shock and heard the sound.”

Thuigeas ansan cad é an brígh a bhí leis an bhfuaim úd d’airigheas agus mé cúpla míle soir ó Mhalla Dé Satharainn roimis sin. Tráth éigin sa bhfóghmhar, sa bhliain d’aois an Tighearna míle ocht gcéad trí fichid a h-ocht, iseadh do h-airigheadh an fothrom san agus do mothuigheadh an t-aon luasgadh talmhan amháin sin, i n-aice Mhalla. Níor mhothuigheas-sa an luasg, toisg mé bheith sa charra, is dócha, agus an carra ag gluaiseacht.

An fhaid a bhíos i gCill Úird an uair sin thugas breis agus bliain am’ chómhnuighe i dtigh athá ar chnucán os cionn drochaid Araiglinn, tímpal míle soir síos ó’n mbaile bheag ar a dtugtar Cill Úird. Do h-innseadh dom go raibh an Barún Pigott ’n-a chómhnuighe sa tigh chéadna nuair a bhí sé óg, nuair a bhí sé ’n-a mhacléighinn, agus go raibh seómra beag aige ar mhullach caraige laistiar de’n tigh agus go dtugadh sé a lán d’á aimsir sa tseómra san i n’aonar ag déanamh foghluma. Bhí sé ’n-a bhreitheamh i mB’l’Átha Cliath nuair a bhíos-sa am’ chómhnuighe sa tigh. Tigh ana dheas chun cómhnuighthe iseadh an tigh an fhaid a bhíon an samhradh ann, ach tá sé ’n-a sheasamh ar ghruadh an chnucáin ar an dtaobh thuaidh, agus nuair a thagan an geimhre beirean an fuacht air go h-ana dhian. Baile-idir-dhá-abhainn an ainim a tugtar ar an mbaile. Ruithean abha Araiglinn isteach