Page:Mo sgeal fein.djvu/143

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

sa n-Abhainn Mhór lastoir de’n bhaile, agus ruithean an Fhuinsion isteach sa n-Abhainn Mhór chéadna laistiar de’n bhaile, agus fágan san an baile idir an dá abhainn. Tá seana chaisleán tamall ó-dheas ó’n áit ’n-a bhfuil an tigh, agus an Ríghtheaghlach a tugtar mar ainim air. “Rathealy” a tugtar i mBéarla air, i dtreó gur dhóich le duine gur ó dhuine éigin de mhuíntir Éalaighthe a tugadh an ainim. Sin mar a loitean an Béarla gach aon rud Gaedhlach go mbíon aon teangabháil aige leis. Tá bóthar breagh réidh fan bhruach Abhan Móire soir go h-Ínse an Léime agus go dtí an Baile Dubh agus go Lios Mór, agus as san go Ceapach Chuinn.

Ní fada a bhíos ar an gcnucán úd i mBaile ’-dir-dhá-Abhainn nuair a bhí eolus maith curtha agam ar na bóithribh go léir, a bhfuil tríd an bparóiste dhíobh. Do h-innseadh dom go raibh tobar beannuighthe sa chúinne thoir de’n pharóiste agus gur “Tobar na h-Ola” a tugtí air. Chómh luath agus d’airigheas é bheith ann chuas soir go bhfeicfinn é. Áit ana uaigneach iseadh an áit ’n-a bhfuil sé. Tobairín deas iseadh é, agus uisge ana bhreagh ann. D’ólas deoch as agus thaithn sé go mór liom. Do h-innseadh dom go mbíodh daoine ag tabhairt turus ann, mór-thímpal an tobair, agus go mbíodh cómhchalán ann uair sa mbliain. Do h-innseadh dom gur thárla, nuair a bhí cómhchalán éigin acu ann agus mórán daoine cruinnighthe ann, gur eirigh bruighean fíochmhar eatartha agus gur doirteadh fuil ann, mórán dé, agus ansan gur cuireadh mallacht ar an áit, agus gur tugadh “Tobar na Fola” ar an dtobar i n-inead “Tobar na h-Ola.”