Page:Mo sgeal fein.djvu/144

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
XVIII
SÉAMUS FRÉINÍ, AN FOGHLUIDHE

An bóthar mór ó Chorcaigh go Baile Átha Cliath, bóthar an chóiste, mar a tugtar air, is tré Chill Úird ó-thuaidh a ghabhan sé, tré lár na gcnuc. Táid na cnuic ana uaigneach. Raint aimsire ó shin bhíodar níos uaignighe go mór ’ná mar atáid siad anois, agus ’ná mar a bhíodar nuair a bhíos-sa sa pharóiste. Bhíodh foghluidhe ar an mbóthar san agus bhíodh sé ag robáil na ndaoine. Do thárla go raibh file n-ar bh’ ainim dó Éamonn de Bhál ag gabháil an bóthar lá. Tháinig sé chun áite a bhí ana uaigneach. Do phreab an foghluidhe chuige amach ó chlaidh an bhóthair. Séamus Fréiní ab ainim do’n fhoghluidhe. Thóg sé suas a phiostal ar aghaidh an fhile amach.

“Sín chúgham aon airgead atá agat,” ar seisean.

“Ní’l aon leathphinne airgid agam-sa, a mhic ó,” arsa’n file. “Tar anso agus cuardaigh mé má’s dóich leat go bhfuil,” ar seisean.

D’fhéach Fréiní air.

“Pé ’cu ’tá airgead agat nó ná fuil,” ar seisean, “ní’l puínn d’á dheabhramh ort. Chím go bhfuil bróga nua ort,” ar seisean, “pé ball ’n-a bhfuarais iad.” D’fhéach sé síos ar a chosaibh féin agus ar na seana bhrógaibh briste a bhí ortha. “Is dóich liom,” ar seisean, “go n-oireamhnfadh na bróga nua san mise. Bain díot iad.” B’éigean dó. “Caith chúgham a leith iad,” arsa Fréiní. Do chaith. “Druid uaim síos ansan tamall anois,” arsa Fréiní.

Do dhruid. Ansan do bhain Fréiní dhé a sheana