Mo Sgéal Féin/20

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Mo Sgéal Féin
by Peadar Ua Laoghaire
Mo Sgéal Féin is the autobiography of Peadar Ua Laoghaire (1839–1920), published in 1915.

[ 146 ]

XX
ÁR SGOIL I RÁTH CHORMAIC

Nuair a tháinig an t-am, do réir mar a thuig an t-Easbog, do cuireadh ó-dheas mé, treasna na h-abhan, treasna Abhan Móire, go Ráth Chormaic. Ní rabhas abhfad sa pharóiste sin nuair a thosnuigheas ar an obair chéadna a bhí ar siúbhal agam i gCill Úird. Chruinnigheas cuid de bhuachaillíbh na sráide bige sin agus do labhras leó. D’innseas dóibh i dtaobh na h-oibre a bhíodh ar siúbhal agam i gCill Úird an fhaid a bhíos ann, i dtaobh na leabhar agus i dtaobh an dá chárta, agus i dtaobh staonadh ó’n ólachán go mór mór. Do tógadh na cártaí agus do gealladh an staonadh. Do thógamair tigh agus do ceannaigheadh na leabhair agus bhí an leabharlann againn, fé chomairce Bhríghde Naomhtha, díreach mar a bhí i gCill Úird.

Níor bh’ fhada gur thugas fé ndeara go raibh tuisgint i gceól agá lán des na buachaillíbh i Ráth Chormaic. Bhíodh amhráin againn, amhráin Bhéarla ab eadh iad, [ 147 ]ámhthach. Ní raibh aon fhocal Gaeluinne d’á labhairt sa tsráid bheag. Ach má b’ amhráin Bhéarla féin iad, bhídís ar áilleacht le feabhas guthaí agus le binneas glórtha agus le fuaim árd agus le h-uchtach.

Bhí eólus maith, leis, ag cuid des na buachaillíbh ar cheól úirlisí, ar cheól fliúite agus ar cheól bheidhlín. Do thuigeas am’ aigne go mb’ fhéidir gur mhaith an rud, ó bhí an dúil sa cheól acu agus an éirim cheóil chómh maith san acu, na h-úirlisí práis do sholáthar agus banna práis a bheith againn. Dheineamair suas dachad púnt agus chuireamair fios ar raint des na h-úirlisíbh práis. Do labhras le fear de lucht ceóil an airm istigh sa [1]Mhainistir agus d’iaras air teacht chúghainn amach go Ráth Chormaic cúpal uair sa tseachtmhain agus a mhúineadh dos na buachaillíbh conus na h-úirlisíbh práis do láimhseáil agus an ceól do bhaint asta. Shocaruigheamair ar an ndíoluigheacht a gheóbhadh sé agus tháinig sé. Bhí sé ag teacht ar feadh raint aimsire; níor ró fhada é. Do phioc cuid des na buachaillíbh suas an t-eólus go tiugh i dtreó go rabhadar-san ábalta ar an gcuid eile do mhúineadh agus gur fhéadamair comáint linn agus gan bheith ag díol ár gcod’ airgid le fear na casóige deirge. Sar a raibh mórán aimsire curtha dhíobh ag na buachaillí bhíodar ábalta ar na h-úirlisíbh do láimhseáil go cliste, agus do sheinnidís an ceól chómh maith agus d’fhéadfadh aon bhanna airim é sheinnt.

Bhíos i Ráth Chormaic tímpal dhá bhliain is dóich liom nuair a bhí an méid sin gnótha déanta. Ansan díreach iseadh tháinig leitir chúgham ó Bhaile Átha Cliath ’ghá innsint dom go raibh buidhean ar bun sa chathair [ 148 ]sin, buidhean “chun na Gaedhilge do choimeád beó.”

“Dar fiadh,” arsa mise am’ aigne féin, “má’s maith é is mithid é!”

Chomáineas leitir chúcha ’ghá iaraidh ortha na leabhríní a bhí acu do chur chúgham. Tháinig an chéad cheann des na leabhríníbh. D’innseas dos na buachaillíbh cad a bhí déanta agam. D’airighdís mé go minic ag tabhairt seanamóna as Gaeluinn uaim do’n phobal Dé Domhnaigh. Dúbhradar go léir láithreach gur mhaith leó an Ghaeluinn d’fhoghluim. Chuireas macshamhail do’n leabhrín i láimh gach buachalla agus chromadar ar na focalaibh d’fhoghluim. Bhí focail bheaga ana shímplidhe ins na ceachtanaibh tosaigh, mar seo, chómh fada agus is cuimhin liom anois:

lá = a day.
bó = a cow.
gé = a goose.
cat = a cat.
bean = a woman.
breagh = fine.
bán = white.
dubh = black.
mór = big.
beag = little.

Ansan bhí ceacht eile mar seo:—

lá breagh = a fine day.
bó mór = a big cow.
gé bán = a white goose.
cat dubh = a black cat.
bean beag = a little woman.
bean mór = a big woman.
bó maith = a good cow.
bó dubh = a black cow.

Chuireamair dínn raint des na ceachtanaibh. Ansan, nuair a bhí raint des na ceachtanaibh foghlumtha ag na buachaillíbh do h-innseadh an méid seo sgéil dúinn:—

‘The true Irish for “a big cow” is really, not “bó mór,” but “bó mhór.” So also with those other instances; the true Irish is, not “bean mór,” but [ 149 ]“bean mhór”; not “bean beag,” but “bean bheag”; not “bó maith,” but “bó mhaith”; not “bó dubh,” but “bó dhubh.” We really considered it better not to burthen the learner at the beginning with the mysteries of Irish aspiration,’ nó rud éigin mar sin.

Chómh luath agus chonaic na buachaillí an méid sin, “What is this!” ar siad. “We were first taught to say ‘bó dubh,’ and now we are told that ‘bó dubh’ is wrong, and that we must say ‘bo dhubh’! Why were we not told the right word from the start?”

Chuireadar stailc suas. Ní fhoghlumóchaidís a thuille Gaeluinne as na leabhraibh sin. Chuireas-sa stailc suas chómh maith leó. Thuigeas am’ aigne aon daoine do cheap go bhféadfaí an Ghaeluinn a choimeád beó leis an saghas san oibre nár bh’ aon mhaith bheith ag brath ortha. Nuair airigheadh duine des na seana chainteóiribh “bó mór,” agus “bó dubh,” agus “bean beag,” bhídís ag cur an anama amach ag gáirí.

Thugas fé ndeara go raibh cuid des na buachaillíbh agus go raibh éirim aigne acu agus solus breitheamhantais agus cúil-fhéith thar an gcoitchiantacht, cuid acu abhfad thar an gcoitchiantacht. Do buaileadh isteach am’ aigne gur mhór an truagh gan caoi thabhairt dóibh ar úsáid éigin thairbheach a dhéanamh de’n éirim sin agus de’n tsolus san agus de’n chúil-fhéith sin.

Bhí mo chuid eóluis féin ar na seana theangthachaibh, ar an Laidin agus ar an nGréigis, ag dul i ndúire agus i neamhchruinneas agus i ndoirchíghe.

“Dar fiadh,” arsa mise liom féin, “b’fhéidir nár bh’ fhearra dhom rud a dhéanfainn ’ná mo sheana leabhair Laidne agus Gréigise do tharang chúgham airís agus díriughadh ar na seana theangthachaibh uaisle sin do mhúineadh do dhuine nó do bheirt des na buachaillíbh seo. [ 150 ]Cá bh’fhios a thiocfadh as ’n-a dhiaigh so? Pé rud a thiofcadh as ’n-a dhiaigh so ná ná tiocfadh, do thiocfadh as anois go ndéanfainn m’ eólus féin ar na seana theangthachaibh d’athnuachaint, agus níor mhisde dhom san.”

Tharaingeas chúgham na seana leabhair agus ghlanas an ceó dhíobh agus cromas ar fhéachaint tríotha. Ba ghearr go bhfeaca go raibh gádh leis an athnuachaint. Do labhras le duine des na buachaillíbh, an fear ab fhearr díobh. Tomás ua Mórdha ab ainim dó. B’ é an fear ab fhearr é ar an gceól agus ar léigheadh na leabhar agus ar gach aon tsaghas eile oibre aigne d’á mbíodh ar siúbhal againn. D’fhiafraigheas dé ar mhaith leis Laidion a dh’fhoghluim.

“Cad é an gnó bhéadh agam dé, a Athair?” ar seisean.

“Cá bh’ fhios ná go ndéanfadh Dia sagart díot,” arsa mise. “Má’s maith leat Laidion d’ fhoghluim,” arsa mise, “múinfead-sa dhuit í, agus ní bheidh agat le díol as an obair ach aon nídh amháin.”

“Agus cad é an nídh é sin, a Athair?” ar seisean.

“An nídh seo, a Thomáis,” arsa mise; “má osgalan Dia an bóthar duit chun bheith ad’ shagart go ndéanfair féin leanmhaint de’n staonadh ó’n ól agus go ndéanfair do dhícheal chun a chur fhéachaint ar dhaoine eile an staonadh céadna dhéanamh.”

“Déanfad an nídh sin, a Athair,” ar seisean, “agus go deimhin, dá mb’ é toil Dé dhom é, do thabharfainn an saoghal go léir ar bheith am’ shagart.”

“Tá go maith,” arsa mise. “Sidé an leabhar, féach, agus sidí an chéad cheacht atá agat le foghluim, agus tá sé chómh maith againn tosnughadh anois.”

Agus do thosnuigheamair. Níor bh’fhada go raibh an [ 151 ]tarna buachaill i n-aonfheacht linn sa n-obair. Sar a raibh trí seachtmhaine curtha dhínn againn bhí mór-sheisear buachaillí agam ag foghluim na Laidne uaim. Geallaim go mb’ éigean dom féachaint chúgham féin go maith, agus mo chuid sean’ eóluis do ghlanadh agus do líomhadh agus do chur i dtreó agus i n-eagar. Is uathbhásach an sás ceistiúcháin buachaillí idir a dódhéag agus a cúigdéag! Is fearr an t-eolus a chuireas-sa an uair sin ar an Laidin leis an athnuachaint sin, agus leis an múineadh, ’ná mar a chuireas uirthi nuair a bhíos ’ghá foghluim i Maghchromtha nó i gCeann Tuirc, nó i gColáisde na Mainistreach féin. Is fearr go mór a mhúinean múineadh duine ’ná mar a mhúinean foghluim é.

Bhí buachaill ’n-a chómhnuighe thuaidh i n-aice Bhaile Mhistéala agus Toirdhéalbhach ua Siadhail ab ainim dó. Bhí bean ’n-a cómhnuighe i n-aice Rátha Chormaic, bean chreideamhnach, agus bhí gaol aici le Toirdhéalbhach. Bhí fhios aici go raibh aidhm ana mhór ag Toirdhéalbhach ar bheith ’n-a shagart. D’inis sí dhó i dtaobh na h-oibre a bhí agam-sa ’á dhéanamh. Siúd chúgham adtuaidh é. Do thosnuigh sé ar an obair. Bhí sé an uair sin, is dóich liom, tímpal dhá bhliain déag nó trí bliana déag. Thugas fé ndeara go luath go raibh an éirim aige, agus an chúil-fhéith, agus féith na foghluma.

Bhí an sgoil ar siúbhal ansan, agus bhí an ceól ar siúbhal, agus bhí léigheadh na leabhar ar siúbhal, agus bhí gach aon rud ag dul chun cínn go h-áluinn. Ní raibh aon cheangal chun oibre orm féin ná ar na buachaillí. Nuair a thagadh gnó paróiste orm-sa d’imthigheadh na buachaillí abhaile dhóibh féin, agus bhídís ag déanamh na h-oibre sa bhaile chómh maith agus d’fhéadaidís é, agus ag cuimhneamh ar cheisteanaibh le cur [ 152 ]chúgham-sa nuair a thiocfainn tar n-ais ag triall ortha.

Bhí ana shaoghal againn, agam-sa agus acu-san, mise ’ghá múineadh agus iadsan ag foghluim uaim, agus aoibhneas aigne orainn ar gach taobh. Ní dóich liom go bhfuil aoibhneas le fághail ar an saoghal so a dh’fhéadfadh bheith níos aoibhne ’ná an t-aoibhneas aigne sin a bhíon ar mhúinteóir agus ar lucht foghluma nuair a bhíd siad ar aon aigne sa n-obair, agus nuair a thuigid siad féin a chéile, agus nuair ná bíon de thoisg ná de bhun ná d’aidhm acu leis an obair ach onóir do Dhia agus tairbhe do’n chreideamh. Bhí an t-aoibhneas san againn an uair sin, agus bhíomair ag dul ar aghaidh leis an obair go buacach.

  1. .i. Mainistir Fhear Muighe (Fermoy).
Public domain
This work is in the public domain in countries where the copyright term is the author's life plus 70 years or less. See Copyright.