Page:Mo sgeal fein.djvu/165

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

tarna buachaill i n-aonfheacht linn sa n-obair. Sar a raibh trí seachtmhaine curtha dhínn againn bhí mór-sheisear buachaillí agam ag foghluim na Laidne uaim. Geallaim go mb’ éigean dom féachaint chúgham féin go maith, agus mo chuid sean’ eóluis do ghlanadh agus do líomhadh agus do chur i dtreó agus i n-eagar. Is uathbhásach an sás ceistiúcháin buachaillí idir a dódhéag agus a cúigdéag! Is fearr an t-eolus a chuireas-sa an uair sin ar an Laidin leis an athnuachaint sin, agus leis an múineadh, ’ná mar a chuireas uirthi nuair a bhíos ’ghá foghluim i Maghchromtha nó i gCeann Tuirc, nó i gColáisde na Mainistreach féin. Is fearr go mór a mhúinean múineadh duine ’ná mar a mhúinean foghluim é.

Bhí buachaill ’n-a chómhnuighe thuaidh i n-aice Bhaile Mhistéala agus Toirdhéalbhach ua Siadhail ab ainim dó. Bhí bean ’n-a cómhnuighe i n-aice Rátha Chormaic, bean chreideamhnach, agus bhí gaol aici le Toirdhéalbhach. Bhí fhios aici go raibh aidhm ana mhór ag Toirdhéalbhach ar bheith ’n-a shagart. D’inis sí dhó i dtaobh na h-oibre a bhí agam-sa ’á dhéanamh. Siúd chúgham adtuaidh é. Do thosnuigh sé ar an obair. Bhí sé an uair sin, is dóich liom, tímpal dhá bhliain déag nó trí bliana déag. Thugas fé ndeara go luath go raibh an éirim aige, agus an chúil-fhéith, agus féith na foghluma.

Bhí an sgoil ar siúbhal ansan, agus bhí an ceól ar siúbhal, agus bhí léigheadh na leabhar ar siúbhal, agus bhí gach aon rud ag dul chun cínn go h-áluinn. Ní raibh aon cheangal chun oibre orm féin ná ar na buachaillí. Nuair a thagadh gnó paróiste orm-sa d’imthigheadh na buachaillí abhaile dhóibh féin, agus bhídís ag déanamh na h-oibre sa bhaile chómh maith agus d’fhéadaidís é, agus ag cuimhneamh ar cheisteanaibh le cur