Page:Mo sgeal fein.djvu/166

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

chúgham-sa nuair a thiocfainn tar n-ais ag triall ortha.

Bhí ana shaoghal againn, agam-sa agus acu-san, mise ’ghá múineadh agus iadsan ag foghluim uaim, agus aoibhneas aigne orainn ar gach taobh. Ní dóich liom go bhfuil aoibhneas le fághail ar an saoghal so a dh’fhéadfadh bheith níos aoibhne ’ná an t-aoibhneas aigne sin a bhíon ar mhúinteóir agus ar lucht foghluma nuair a bhíd siad ar aon aigne sa n-obair, agus nuair a thuigid siad féin a chéile, agus nuair ná bíon de thoisg ná de bhun ná d’aidhm acu leis an obair ach onóir do Dhia agus tairbhe do’n chreideamh. Bhí an t-aoibhneas san againn an uair sin, agus bhíomair ag dul ar aghaidh leis an obair go buacach.


XXI
I MAGHCHROMTHA

I lár an aoibhnis dúinn do tháinig atharughadh. Tháinig leitir ó’n Easbog ’á rádh liom-sa dul siar go Maghchromtha agus gnó sagairt do dhéanamh ann. Chuir san stad leis an obair i Ráth Chormaic. D’imthigheas siar. Ní fada a bhíos thiar nuair a lean an chuid ba mhó des na buachaillíbh mé. Ghlacadar lóisdín sa tsráid agus thagaidís chun mo thíghe-se gach aon lá agus do ghluais an múineadh agus an fhoghluim airís.

Suim aimsire tar éis na h-oibre do thosnughadh i Maghchromtha tháinig leitir chúgham ó Bhaile Átha Cliath,