Page:Mo sgeal fein.djvu/167

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

ó’n “gCuman” úd “chun na Gaedhilge do choimeád beó.” Do tráchtadh liom ar an ngádh a bhí leis an obair a bhí ag an gCuman ’á dhéanamh, agus ar an ngádh a bhí le h-airgead chun na h-oibre do dhéanamh. Dhá fhírinne ghlan ab eadh an dá nídh sin gan amhras. Chuireas púnt airgid chúcha agus do sgríobhas leitir cúcha, agus is i nGaeluinn do sgríobhas í. Thugas iaracht, sa leitir, ar raint neithe do chur ar a súilibh dóibh i dtaobh an chuma ’n-ar cheart an obair a bhí curtha rómpa acu do dhéanamh. Chuireadar freagra chúgham ar mo leitir ag gabháil buidhchais an airgid liom. Agus chuireadar chúgham cló de’n Freeman’s Journal agus mo leitir Ghaeluinne i gcló air, díreach mar a sgar mo lámh léi. Do thugadar le tuisgint dom, ámhthach, i dtaobh na cómhairle a bhí tabhartha agam dóibh, ná raibh aon ghádh le dithineas. Ba mhar a chéile an sgéal agus a rádh: “A dhuine mhacánta, tabhair-se aire do d’ ghnó féin agus leig dúinne an rud céadna dhéanamh.”

Ní dúbhradh an chaint tur ar an gcuma san, ach siné brígh a bhí leis an gcaint. Ní raibh aon mhilleán i n-aon chor agam ortha. Ní féidir do dhuine a thuisgint conus is ceart an Ghaeluinn do choimeád beó mura dtuigean sé cad é an saghas ruda an Ghaeluinn atá beó. Níor thuigeadar súd cad é an saghas ruda Gaeluinn bheó ná cad é an saghas ruda Gaeluinn mharbh. Bhí sé daingean ’n-a n-aigne gur thuigeadar an dá nídh sin níb’ fhearr go mór ’ná mar a thuigeas-sa aon nídh acu. D’á bhrígh sin níor bh’ fhéidir dóibh cómhairle do ghlacadh uaim-se ’n-a dtaobh, agus ní raibh aon mhilleán agam ortha. Ach níor dheineas a thuille cur isteach ortha le leitreachaibh—ná le h-airgead. An t-Athair Eóin ó Nualláin, sagart riaghalta, isé bhí an uair sin ’n-a cheann ar an gCuman san. Sagart ana mhaith, ana