Page:Mo sgeal fein.djvu/168

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.


naomhtha, ana dheaghchroídheach, ab eadh é gan aon dabht. Dhein sé mórán oibre ar son na Gaeluinne, agus obair chruaidh ab eadh an obair a dhein sé. Ach cad é an tairbhe obair chruaidh gan eólus?

Bhí buidhean fear i Maghchromtha an uair sin. Is dóich liom gur “Young Men’s Society” gur bh’ eadh iad. Chonaic cuid acu an leitir i nGaeluinn ar an bhFreeman. Thánadar chúgham agus d’iaradar orm teacht chun a seómra tamall beag i dtosach gach oídhche agus iaracht a dhéanamh ar Ghaeluinn a mhúineadh dhóibh. Dúbhart go dtiocfainn. Do thánag. Ní rabhas dhá neómat sa tseómra ag caint leó nuair a chonac go raibh eólus maith acu ar an nGaeluinn cheana féin, agus ná raibh agam le déanamh ach a thaisbeáint dóibh conus í léigheadh agus do sgrí’. D’aimsigh gach duine acu a pheann agus a dhubh agus a pháipéar, agus do ghluais an obair. Chómh luath agus bhí na leitireacha acu do shuíghdís chun an bhúird agus do chromainn-se ar sgéal éigin a dh’innsint, agus do sgríbhidís-sin síos ar pháipéar gach focal fé mar a thagadh sé as mo bhéal.

Ní raibh puínn trioblóide sa n-obair sin dómh-sa. Ní bhíodh orm dul ag triall ortha ach cúpla oídhche sa tseachtmhain, agus ní bhíodh orm fanmhaint ach leath uair a’ chluig gach oídhche. Ní raibh orm aon mhúineadh cainte dhéanamh. Bhí an chaint agá bhformhór chómh maith díreach agus bhí sí agam féin.

Bhí an obair ar siúbhal ar an gcuma san, go h-éasga agus go h-anamamhail. Bhí beirt nó triúr buachaillí ó’n gcómharsanacht tagaithe chúgham chun na Laidne dh’fhoghluim agus iad tar éis na geallamhna do thabhairt go staonfaidís ó gach deoch meisgeamhail. I lár na h-oibre dhúinn ámhthach tháinig matalong crosta