Page:Mo sgeal fein.djvu/169

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

orainn. Do labhair an sagart paróiste liom agus thug sé le tuisgint dom nár thaithn leis mé bheith ag múineadh na mbuachaillí. Dúbhart leis, go breagh réidh, gur istigh am’ thigh féin a bhíos ’ghá múineadh, agus go raibh sé chómh maith agam bheith ag déanamh na h-oibre sin istigh am’ thigh féin le bheith ag imirt chártaí nó le bheith ag tuitim am’ chodla.

Tamall ’n-a dhiaigh san tháinig leitir chúgham ó’n Easbog ’ghá rádh liom go raibh sagart paróiste thuaidh sa [1]Ráth agus go raibh dúil ana mhór aige sgoil Laidne chur ar bun sa bhaile sin.

“Tá,” arsa’n t-Easbog liom, “airgead éigin le fághail ó’n Riaghaltas chun sgoile de’n tsórd a choimeád suas sa n-áit agus tá an t-airgead san díomhaoin toisg gan an sgoil a bheith ann. Ba dhóich liom gur mhaith an rud duit-se dul ó-thuaidh go dtí an Ráth agus an obair seo atá agat ’á dhéanamh i Maghchromhtha do dhéanamh thuaidh.”

Bhí fhios agam cad é an brígh a bhí leis an gcaint sin. Bhí fhios agam nár labhair an t-Easbog mar sin gan sagart paróiste Magchromtha bheith ag gearán orm-sa agus ar mo sgoil. Ach do sgaoileas leis.

“Tá go maith, a Thighearna Easboig,” arsa mise. “Comáin ó-thuaidh mé.”

Do buaileadh isteach am’ aigne, leis, go mb’ fhéidir gur bh’ é toil Dé mé dhul ó-thuaidh. B’ fhearr liom go mór fanmhaint i Maghchromtha dá bhfágtí ann mé. Ach do thuigeas go mb’ fhéidir nár bh’ é sin toil Dé. Thuigeas go mb’ fhéidir go raibh gnó éigin ceapaithe ag Dia dhom le déanamh sa Ráth nár bh’fhéidir dom a dhéanamh i Maghchromtha. Siní an fhírinne. Bhí uaigneas

  1. .i. Ráth Luirc (Charleville).