Page:Mo sgeal fein.djvu/170

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

orm mar gheall ar a bheith orm imtheacht a’ Maghchromtha, mar d’á ghioracht a bhíos ann bhí báidh ana mhór agam féin agus ag na daoine le n-a chéile. Ach bhí aon tsásamh aigne amháin agam ag imtheacht dom. Ní h-ag leanmhaint mo thoile féin a bhíos. Chuireas mo thoil le toil Dé.

“Cá bh’ fhios dómh-sa,” arsa mise am’ aigne féin, “cad ’tá beartuighthe ag Dia sa ghnó so? Ní chun mo thoile féin do leanmhaint a dhein Dia sagart díom!”

Ní chuirfinn an méid sin cainte síos anso anois ach chun a thaisbeáint nár cheart aon mhilleán a bheith ar shagart paróiste Maghchromtha. Má b’ é toil Dé mise do dhul ó-thuaidh go dtí an Ráth, ní raibh sa méid a dhein an sagart paróiste sin, leis, ach rud a cheaduigh toil Dé dhó a dhéanamh. Níor chuaidh an duine bocht ó bhéalaibh na ndaoine sa ghnó. Bhí leath-amadán sa tsráid agus d’airigheadh sé na daoine ag caint agus ’á rádh gur dhíbir an sagart paróiste an sagart óg mar gheall ar bheith ag múineadh Laidne dos na buachaillíbh.

“Is ait an sgéal é sin!” arsa’n t-amadán. “Cad é an díobháil do shagart bheith ag múineadh buachaillí? Dá mba ag múineadh cailíní óga a bhéadh sé ba cheart, b’ fhéidir, a rádh leis gan bheith ’ghá dhéanamh. Ach ag múineadh buachaillí!”

Chuaidh caint an amadáin i mbéalaibh na ndaoine agus bhí raint spóirt acu. Dúbhradar go tapaidh go raibh an ceart ag an amadán, agus do cuimhnigheadh ar an sean-fhocal: “Dealg múnlaíghe, fiacal chon nó focal amadáin, na trí neithe is géire ar bith.”