Mo Sgéal Féin/21

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Mo Sgéal Féin
by Peadar Ua Laoghaire
Mo Sgéal Féin is the autobiography of Peadar Ua Laoghaire (1839–1920), published in 1915.

[ 152 ]

XXI
I MAGHCHROMTHA

I lár an aoibhnis dúinn do tháinig atharughadh. Tháinig leitir ó’n Easbog ’á rádh liom-sa dul siar go Maghchromtha agus gnó sagairt do dhéanamh ann. Chuir san stad leis an obair i Ráth Chormaic. D’imthigheas siar. Ní fada a bhíos thiar nuair a lean an chuid ba mhó des na buachaillíbh mé. Ghlacadar lóisdín sa tsráid agus thagaidís chun mo thíghe-se gach aon lá agus do ghluais an múineadh agus an fhoghluim airís.

Suim aimsire tar éis na h-oibre do thosnughadh i Maghchromtha tháinig leitir chúgham ó Bhaile Átha Cliath, [ 153 ]ó’n “gCuman” úd “chun na Gaedhilge do choimeád beó.” Do tráchtadh liom ar an ngádh a bhí leis an obair a bhí ag an gCuman ’á dhéanamh, agus ar an ngádh a bhí le h-airgead chun na h-oibre do dhéanamh. Dhá fhírinne ghlan ab eadh an dá nídh sin gan amhras. Chuireas púnt airgid chúcha agus do sgríobhas leitir cúcha, agus is i nGaeluinn do sgríobhas í. Thugas iaracht, sa leitir, ar raint neithe do chur ar a súilibh dóibh i dtaobh an chuma ’n-ar cheart an obair a bhí curtha rómpa acu do dhéanamh. Chuireadar freagra chúgham ar mo leitir ag gabháil buidhchais an airgid liom. Agus chuireadar chúgham cló de’n Freeman’s Journal agus mo leitir Ghaeluinne i gcló air, díreach mar a sgar mo lámh léi. Do thugadar le tuisgint dom, ámhthach, i dtaobh na cómhairle a bhí tabhartha agam dóibh, ná raibh aon ghádh le dithineas. Ba mhar a chéile an sgéal agus a rádh: “A dhuine mhacánta, tabhair-se aire do d’ ghnó féin agus leig dúinne an rud céadna dhéanamh.”

Ní dúbhradh an chaint tur ar an gcuma san, ach siné brígh a bhí leis an gcaint. Ní raibh aon mhilleán i n-aon chor agam ortha. Ní féidir do dhuine a thuisgint conus is ceart an Ghaeluinn do choimeád beó mura dtuigean sé cad é an saghas ruda an Ghaeluinn atá beó. Níor thuigeadar súd cad é an saghas ruda Gaeluinn bheó ná cad é an saghas ruda Gaeluinn mharbh. Bhí sé daingean ’n-a n-aigne gur thuigeadar an dá nídh sin níb’ fhearr go mór ’ná mar a thuigeas-sa aon nídh acu. D’á bhrígh sin níor bh’ fhéidir dóibh cómhairle do ghlacadh uaim-se ’n-a dtaobh, agus ní raibh aon mhilleán agam ortha. Ach níor dheineas a thuille cur isteach ortha le leitreachaibh—ná le h-airgead. An t-Athair Eóin ó Nualláin, sagart riaghalta, isé bhí an uair sin ’n-a cheann ar an gCuman san. Sagart ana mhaith, ana [ 154 ]naomhtha, ana dheaghchroídheach, ab eadh é gan aon dabht. Dhein sé mórán oibre ar son na Gaeluinne, agus obair chruaidh ab eadh an obair a dhein sé. Ach cad é an tairbhe obair chruaidh gan eólus?

Bhí buidhean fear i Maghchromtha an uair sin. Is dóich liom gur “Young Men’s Society” gur bh’ eadh iad. Chonaic cuid acu an leitir i nGaeluinn ar an bhFreeman. Thánadar chúgham agus d’iaradar orm teacht chun a seómra tamall beag i dtosach gach oídhche agus iaracht a dhéanamh ar Ghaeluinn a mhúineadh dhóibh. Dúbhart go dtiocfainn. Do thánag. Ní rabhas dhá neómat sa tseómra ag caint leó nuair a chonac go raibh eólus maith acu ar an nGaeluinn cheana féin, agus ná raibh agam le déanamh ach a thaisbeáint dóibh conus í léigheadh agus do sgrí’. D’aimsigh gach duine acu a pheann agus a dhubh agus a pháipéar, agus do ghluais an obair. Chómh luath agus bhí na leitireacha acu do shuíghdís chun an bhúird agus do chromainn-se ar sgéal éigin a dh’innsint, agus do sgríbhidís-sin síos ar pháipéar gach focal fé mar a thagadh sé as mo bhéal.

Ní raibh puínn trioblóide sa n-obair sin dómh-sa. Ní bhíodh orm dul ag triall ortha ach cúpla oídhche sa tseachtmhain, agus ní bhíodh orm fanmhaint ach leath uair a’ chluig gach oídhche. Ní raibh orm aon mhúineadh cainte dhéanamh. Bhí an chaint agá bhformhór chómh maith díreach agus bhí sí agam féin.

Bhí an obair ar siúbhal ar an gcuma san, go h-éasga agus go h-anamamhail. Bhí beirt nó triúr buachaillí ó’n gcómharsanacht tagaithe chúgham chun na Laidne dh’fhoghluim agus iad tar éis na geallamhna do thabhairt go staonfaidís ó gach deoch meisgeamhail. I lár na h-oibre dhúinn ámhthach tháinig matalong crosta [ 155 ]orainn. Do labhair an sagart paróiste liom agus thug sé le tuisgint dom nár thaithn leis mé bheith ag múineadh na mbuachaillí. Dúbhart leis, go breagh réidh, gur istigh am’ thigh féin a bhíos ’ghá múineadh, agus go raibh sé chómh maith agam bheith ag déanamh na h-oibre sin istigh am’ thigh féin le bheith ag imirt chártaí nó le bheith ag tuitim am’ chodla.

Tamall ’n-a dhiaigh san tháinig leitir chúgham ó’n Easbog ’ghá rádh liom go raibh sagart paróiste thuaidh sa [1]Ráth agus go raibh dúil ana mhór aige sgoil Laidne chur ar bun sa bhaile sin.

“Tá,” arsa’n t-Easbog liom, “airgead éigin le fághail ó’n Riaghaltas chun sgoile de’n tsórd a choimeád suas sa n-áit agus tá an t-airgead san díomhaoin toisg gan an sgoil a bheith ann. Ba dhóich liom gur mhaith an rud duit-se dul ó-thuaidh go dtí an Ráth agus an obair seo atá agat ’á dhéanamh i Maghchromhtha do dhéanamh thuaidh.”

Bhí fhios agam cad é an brígh a bhí leis an gcaint sin. Bhí fhios agam nár labhair an t-Easbog mar sin gan sagart paróiste Magchromtha bheith ag gearán orm-sa agus ar mo sgoil. Ach do sgaoileas leis.

“Tá go maith, a Thighearna Easboig,” arsa mise. “Comáin ó-thuaidh mé.”

Do buaileadh isteach am’ aigne, leis, go mb’ fhéidir gur bh’ é toil Dé mé dhul ó-thuaidh. B’ fhearr liom go mór fanmhaint i Maghchromtha dá bhfágtí ann mé. Ach do thuigeas go mb’ fhéidir nár bh’ é sin toil Dé. Thuigeas go mb’ fhéidir go raibh gnó éigin ceapaithe ag Dia dhom le déanamh sa Ráth nár bh’fhéidir dom a dhéanamh i Maghchromtha. Siní an fhírinne. Bhí uaigneas [ 156 ]orm mar gheall ar a bheith orm imtheacht a’ Maghchromtha, mar d’á ghioracht a bhíos ann bhí báidh ana mhór agam féin agus ag na daoine le n-a chéile. Ach bhí aon tsásamh aigne amháin agam ag imtheacht dom. Ní h-ag leanmhaint mo thoile féin a bhíos. Chuireas mo thoil le toil Dé.

“Cá bh’ fhios dómh-sa,” arsa mise am’ aigne féin, “cad ’tá beartuighthe ag Dia sa ghnó so? Ní chun mo thoile féin do leanmhaint a dhein Dia sagart díom!”

Ní chuirfinn an méid sin cainte síos anso anois ach chun a thaisbeáint nár cheart aon mhilleán a bheith ar shagart paróiste Maghchromtha. Má b’ é toil Dé mise do dhul ó-thuaidh go dtí an Ráth, ní raibh sa méid a dhein an sagart paróiste sin, leis, ach rud a cheaduigh toil Dé dhó a dhéanamh. Níor chuaidh an duine bocht ó bhéalaibh na ndaoine sa ghnó. Bhí leath-amadán sa tsráid agus d’airigheadh sé na daoine ag caint agus ’á rádh gur dhíbir an sagart paróiste an sagart óg mar gheall ar bheith ag múineadh Laidne dos na buachaillíbh.

“Is ait an sgéal é sin!” arsa’n t-amadán. “Cad é an díobháil do shagart bheith ag múineadh buachaillí? Dá mba ag múineadh cailíní óga a bhéadh sé ba cheart, b’ fhéidir, a rádh leis gan bheith ’ghá dhéanamh. Ach ag múineadh buachaillí!”

Chuaidh caint an amadáin i mbéalaibh na ndaoine agus bhí raint spóirt acu. Dúbhradar go tapaidh go raibh an ceart ag an amadán, agus do cuimhnigheadh ar an sean-fhocal: “Dealg múnlaíghe, fiacal chon nó focal amadáin, na trí neithe is géire ar bith.”

  1. .i. Ráth Luirc (Charleville).
Public domain
This work is in the public domain in countries where the copyright term is the author's life plus 70 years or less. See Copyright.