Page:Mo sgeal fein.djvu/160

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

de mhuíntir Chill Úird ó-thuaidh go Baile Mhistéala lá Domhnaigh, go dtí cruinniughadh mór díobh a bhí ann, agus go mb’ éigean dom dul leó, agus gur mheasamair go raibh árd obair déanta againn nuair a bhí obair an lae sin déanta againn. Ba bheag ná go raibh Éire saor againn ó dhaor-smacht Gall, dar linn.


XX
ÁR SGOIL I RÁTH CHORMAIC

Nuair a tháinig an t-am, do réir mar a thuig an t-Easbog, do cuireadh ó-dheas mé, treasna na h-abhan, treasna Abhan Móire, go Ráth Chormaic. Ní rabhas abhfad sa pharóiste sin nuair a thosnuigheas ar an obair chéadna a bhí ar siúbhal agam i gCill Úird. Chruinnigheas cuid de bhuachaillíbh na sráide bige sin agus do labhras leó. D’innseas dóibh i dtaobh na h-oibre a bhíodh ar siúbhal agam i gCill Úird an fhaid a bhíos ann, i dtaobh na leabhar agus i dtaobh an dá chárta, agus i dtaobh staonadh ó’n ólachán go mór mór. Do tógadh na cártaí agus do gealladh an staonadh. Do thógamair tigh agus do ceannaigheadh na leabhair agus bhí an leabharlann againn, fé chomairce Bhríghde Naomhtha, díreach mar a bhí i gCill Úird.

Níor bh’ fhada gur thugas fé ndeara go raibh tuisgint i gceól agá lán des na buachaillíbh i Ráth Chormaic. Bhíodh amhráin againn, amhráin Bhéarla ab eadh iad,