Page:Mo sgeal fein.djvu/161

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.


ámhthach. Ní raibh aon fhocal Gaeluinne d’á labhairt sa tsráid bheag. Ach má b’ amhráin Bhéarla féin iad, bhídís ar áilleacht le feabhas guthaí agus le binneas glórtha agus le fuaim árd agus le h-uchtach.

Bhí eólus maith, leis, ag cuid des na buachaillíbh ar cheól úirlisí, ar cheól fliúite agus ar cheól bheidhlín. Do thuigeas am’ aigne go mb’ fhéidir gur mhaith an rud, ó bhí an dúil sa cheól acu agus an éirim cheóil chómh maith san acu, na h-úirlisí práis do sholáthar agus banna práis a bheith againn. Dheineamair suas dachad púnt agus chuireamair fios ar raint des na h-úirlisíbh práis. Do labhras le fear de lucht ceóil an airm istigh sa [1]Mhainistir agus d’iaras air teacht chúghainn amach go Ráth Chormaic cúpal uair sa tseachtmhain agus a mhúineadh dos na buachaillíbh conus na h-úirlisíbh práis do láimhseáil agus an ceól do bhaint asta. Shocaruigheamair ar an ndíoluigheacht a gheóbhadh sé agus tháinig sé. Bhí sé ag teacht ar feadh raint aimsire; níor ró fhada é. Do phioc cuid des na buachaillíbh suas an t-eólus go tiugh i dtreó go rabhadar-san ábalta ar an gcuid eile do mhúineadh agus gur fhéadamair comáint linn agus gan bheith ag díol ár gcod’ airgid le fear na casóige deirge. Sar a raibh mórán aimsire curtha dhíobh ag na buachaillí bhíodar ábalta ar na h-úirlisíbh do láimhseáil go cliste, agus do sheinnidís an ceól chómh maith agus d’fhéadfadh aon bhanna airim é sheinnt.

Bhíos i Ráth Chormaic tímpal dhá bhliain is dóich liom nuair a bhí an méid sin gnótha déanta. Ansan díreach iseadh tháinig leitir chúgham ó Bhaile Átha Cliath ’ghá innsint dom go raibh buidhean ar bun sa chathair

  1. .i. Mainistir Fhear Muighe (Fermoy).