Jump to content

Page:Mo sgeal fein.djvu/163

From Wikisource
This page has been proofread.

“bean mhór”; not “bean beag,” but “bean bheag”; not “bó maith,” but “bó mhaith”; not “bó dubh,” but “bó dhubh.” We really considered it better not to burthen the learner at the beginning with the mysteries of Irish aspiration,’ nó rud éigin mar sin.

Chómh luath agus chonaic na buachaillí an méid sin, “What is this!” ar siad. “We were first taught to say ‘bó dubh,’ and now we are told that ‘bó dubh’ is wrong, and that we must say ‘bo dhubh’! Why were we not told the right word from the start?”

Chuireadar stailc suas. Ní fhoghlumóchaidís a thuille Gaeluinne as na leabhraibh sin. Chuireas-sa stailc suas chómh maith leó. Thuigeas am’ aigne aon daoine do cheap go bhféadfaí an Ghaeluinn a choimeád beó leis an saghas san oibre nár bh’ aon mhaith bheith ag brath ortha. Nuair airigheadh duine des na seana chainteóiribh “bó mór,” agus “bó dubh,” agus “bean beag,” bhídís ag cur an anama amach ag gáirí.

Thugas fé ndeara go raibh cuid des na buachaillíbh agus go raibh éirim aigne acu agus solus breitheamhantais agus cúil-fhéith thar an gcoitchiantacht, cuid acu abhfad thar an gcoitchiantacht. Do buaileadh isteach am’ aigne gur mhór an truagh gan caoi thabhairt dóibh ar úsáid éigin thairbheach a dhéanamh de’n éirim sin agus de’n tsolus san agus de’n chúil-fhéith sin.

Bhí mo chuid eóluis féin ar na seana theangthachaibh, ar an Laidin agus ar an nGréigis, ag dul i ndúire agus i neamhchruinneas agus i ndoirchíghe.

“Dar fiadh,” arsa mise liom féin, “b’fhéidir nár bh’ fhearra dhom rud a dhéanfainn ’ná mo sheana leabhair Laidne agus Gréigise do tharang chúgham airís agus díriughadh ar na seana theangthachaibh uaisle sin do mhúineadh do dhuine nó do bheirt des na buachaillíbh seo.