Séadna/25

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Séadna by Peadar Ua Laoghaire
Caibidiol 25
[ 210 ]
CAIBIDIOL A CÚIG A’S FICHE.

Um an dtaca san bhí muíntir an rígh tar éis túirliocan d’á gcapaillibh ar pháirc an aonaigh. D’éaghmuis na gcapall a bhí acu féin chun marcaidheachta, bhí tréad mór eile capall acu d’á dtiomáint, agus giollaí ’na mbun. B’ shiniad na capaill a bhí le tabhairt tar n-ais do na daoinibh gur ceannuigheadh uatha iad an lá úd an aonaigh, agus gur tugadh an t-airgead bréagach dóibh asta i n-ainim an rígh. Bhí muíntir na sráide bailighthe ar an gclaidh, mór-thímpal na páirce, agus bolgshúilí ortha, ag feuchaint ar fhearaibh an rígh, agus ar na clócaíbh síoda, agus ar na caipíníbh cogaidh, agus ar na claidhmhtibh móra fada a bhí acu, agus ar na claidhmhtibh beaga, agus ar na gathanaibh breaghtha sleamhne fada a bhí ’na seasamh anáirde, agus ar na ribíníbh a bhí asta thuas ag rinnce leis an ngaoith. Ach níor leig fir an rígh ortha gur bh’ aon iongnadh leó aon nídh d’á raibh ann. Níor dhéineadar aon iongnadh díobh féin ná d’ aoinne eile.

Bhí muíntir na tuatha ag teacht, na nduine ’s ’na nduine, mar do cuireadh sgéala chúca sa tímpal, aoinne gur ceannuigheadh capall uaidh do’n rígh agus gur tugadh airgead bréagach dó mar dhíoluigheacht ann, ná raibh aige ach teacht go dtí páirc an aonaigh an lá san agus go raibh a chapall le fághail aige, dá n-aithnigheadh sé é, ach go ndéanfadh duine creideamhnach éigin urúdhas air.

Thánadar go léir. Níor bhaoghal go dtiocfadh aoinne agus go leigfeadh sé air capall a bheith imthighthe uaidh. Bhí aithne ró mhaith acu go léir ar a chéile. D’aithneóchfí an cleas san láithreach. Go mór mór, ní fhéadfadh duine de’n tsórd san fear a fhághail a dhéanfadh an t-urúdhas [ 211 ]air. Tháinig fear an bhramaigh, agus tháinig Seághan Ceatach ag déanamh an urúdhais air. Bhí sé nach mór ar an gcéad duine a fuair a chuid. Sul ar tugadh a chapall féin d’aoinne do deineadh socarughadh áirighthe. Do h-órduigheadh gan aoinne de’n mhuíntir n-a mbéadh a gcapaill fághalta acu d’imtheacht ó’n bpáirc go dtí go mbéadh an capall déanach tabhartha amach agus an fear déanach sásta. Isé cúis gur deineadh an t-órdughadh san ’ná le h-eagla go ndéanfaí aon dearmhad i raint na gcapall agus, chun an dearmhaid do leigheas, nár bh’ fholáir na capaill go léir agus na h-éilteóirí go léir a bheith ar aon láthair.

Bhí daoine creideamhnacha a ndóithin ag na h-éilteóiríbh chun na n-urúdhas a dhéanamh. Bhí an sagart ann agus urúdhas aige d’á dhéanamh ar mhórsheisear i n-aonfheacht. Bhí Cormac ann, mar bhí an sagart imthighthe ó’n dtígh roimis agus do lean sé é. Bhí Diarmuid ann, mar ní bhéadh Sadhbh sásta gan é theacht amach go bhfeicfeadh sé muíntir an rígh agus áilneacht a n-órnáidí agus méid a ngradaim. Bhí Séadna ann mar bhí an uile dhuine des na h-éilteóiríbh ’ghá iaraidh air an t-urúdhas a dhéanamh air féin, pé ’cu bhí urúdhas déanta ar dhuine eile aige nó ná raibh.

Do glaodhadh na h-éilteóirí agus na h-uraídhe suas i láthair an chinn airm. Bhí fear an bhramaigh ar tusach. Chonaic sé an bramach, abhfad sul ar glaodhadh air, agus d’aithin sé é. Chonaic fear eile leis an bramach agus cheap sé gur leis féin é. Nuair a glaodhadh ar éilteóir an bhramaigh phreab an bheirt éilteóirí suas.

“Is liom-sa é,” arsa duine acu.

“Ní leat ach liom-sa,” arsa ’n fear eile.

D’fheuch an ceann airm ar na h-uraídhibh. Ní fheidir aoinne cad ba cheart a dhéanamh. Do labhair Séadna. [ 212 ]“Beirtear an bramach amach i lár na páirce,” ar seisean. “Téidheadh duine de’n bheirt éilteóirí seo go dtí taobh de’n pháirc agus an duine eile go dtí an taobh eile. Sgaoiltear ansan de’n bhramach agus glaoidís araon air. Isé mo thuairim go dtiocfidh an bramach ag triall ar an éilteoir dleaghthach.”

Do déineadh mar sin. Chómh luath agus fuair an bramach cead a chinn do ruith sé anonn ag triall ar an bhfear a chothuigh é.

Ba ghearr go raibh na capaill rannta, ach má ’seadh bhí daoine fós ann a bhí in éaghmuis a gcapall féin. Níor fhéad an lucht cuardaigh teacht suas leis na capaillibh go léir. Na daoine a bhí i n-éaghmuis a gcoda bhíodar go dúbhach agus go dobrónach, agus isé a dúbhairt gach aoinne ’ná gur chruaidh an cás é má bhéadh thiar ortha an tarna lá chómh maith agus bhí thiar ortha an chéad lá. Bhí gach aoinne ag déanamh truagha dhóibh, agus bhí gach aoinne ag cur ’s ag cúiteamh féuchaint conus ba cheart an cás ’na rabhdar do thabhairt airís os cómhair an rígh. Do thuig an uile dhuine, dá mbéadh fios an sgéil i gceart ag an rígh, go ndéanfadh sé rud éigin dóibh.

Ansan iseadh a dúbhairt fear cinn riain an airm go raibh órdughadh aige féin ó’n rígh, aoinne ná béadh a chapall ann le tabhairt dó, fiacha an chapaill a thabhairt dó. “Ach,” ar seisean, “conus a déanfar amach fiacha an chapaill agus gan an capall ann!”

Do stad an uile dhuine. Ní fheidir aoinne conus fhéadfaí fiacha an chapaill a dhéanamh amach agus gan an capall ann. Ní bhéadh aon chiall le breitheamhantas an éilteóra do ghlacadh ar fhiacha a chapaill féin. Ní lúgha ’ná bhéadh aon chiall le comhthrom an airgid bhréagaigh do thabhairt, i n-airgead dílis, do gach éilteóir ná raibh a chapall ann le tabhairt dó. Cad a bhí le déanamh? Bhí [ 213 ]an sgéal ag dul sa mhuilion ortha go léir. Na h-éilteóirí ag lorg a gcirt go dána fé mar órduigh an rígh dóibh é. Fear cinn riain an airm i gcruadh-chás, ná feidir sé an mór ba cheart a thabhairt do gach éilteoir. Agus gan aoinne ábalta ar aon tuairim a thabhairt fé luacht dleaghthach na gcapall a bhí gan fághail.

Do labhair Séadna airís.

“Déintear an sgéal do shocarughadh ar an gcuma so,” ar seisean. “Tugtar anso amach os ár gcómhair an capall is fearr agus an capall is measa ar na capaill seo a rainneadh anois. Curtar meas ó bheirt mholtóirí ar cad is fiú gach capall de’n dá chapall san. Ansan curtar an luacht mór agus an luacht beag le chéile agus déintear dhá leath de’n iomláine. Tugtar oiread airgid agus bhéidh i leath na h-iomláine sin do gach duine ná fuil a chapall féin ann le tabhairt dó. Leis an socarughadh san b’fhéidir go mbéidh duine a gheabhaidh beagán níos mó ’ná a cheart agus duine a gheabhaidh beagán níos lúgha ’ná a cheart, ach ní mheasaim gur féidir aon tsocarughadh eile dhéanamh a thiocfaidh níos giorra do’n cheart.”

Do liúghadar na daoine go léir agus bhuaileadar a mbasa.

“Siní an chaint! Siní an chaint!” ar siad. “Siné an moladh ceart!”

D’fheuch an ceann airm ar Shéadna.

“Airiú,” ar seisean, “ní gréasaidhe atá againn ionat-sa ach breitheamh!”

Do socaruigheadh an sgéal ar an gcuma san agus bhí gach aoinne sásta.

D’á mhéid dúil a bhí ag na daoine radharc fhághail ar fhearaibh an rígh agus ar a n-arm agus ar a n-éide agus ar a ngleus agus ar a ngradam, ba mhó ’ná san an dúil [ 214 ]a bhí ag muíntir an rígh radharc maith a fhághail ar Shéadna, mar níor stad béal Chormaic an fhaid a bhí sé sa chathair ach ag trácht ar Shéadna agus ag déanamh iongnadh dhé agus ’ghá mhaoidheamh ná raibh a leithéid eile i n-Éirinn le doimhneas aigne agus le géire inntleachta agus le faidearadha, agus le luas gnímh nuair a bhéadh an gníomh le déanamh.

An chéad fheuchaint a fuaradar air, agus é ag teacht isteach sa pháirc i dteannta na ndaoine a thug leó é chun an urúdhais a dhéanamh, is amhlaidh a tháinig iaracht de sheirbhthean ortha. “Ach!” ar siad, “Má ’sé sin é!” Ní raibh ann, dar leó, ach gréasaidhe mar aon ghréasaidhe, agus ní raibh i gcaint Chormaic ach gaoith. Ach nuair airigheadar an socarughadh a dhéin sé i dtaobh na gcapall do leath a súile ortha, agus tháinig iongnadh a gcroídhe ortha a rádh nár chuimhnigh aoinne acu féin ar an slígh sin chun an sgéil a shocarughadh.

Nuair a bhí an sgéal socair agus gach aoinne sásta agus muíntir an rígh ag cuimhneamh ar chasadh abhaile, tháinig an ceann airm ag triall ar Shéadna agus ghlaoidh sé i leath taoibh air.

“A leithéid seo, a Shéadna,” ar seisean. “Ag fágáilt an bhaile dhom thug an rígh foláramh dom tusa do dhul liom síos nuair a bhéinn ag filleadh, mar gur airigh sé tuairisg mhór ort agus gur mhaith leis fear de d’ cháil a bheith i n-aice leis thíos aige.”

“Abair leis an rígh, a dhuin’uasail,” arsa Séadna, “gur neamhnídh liom-sa saidhbhreas saoghalta agus gur cuma liom beó nó marbh mé féin, seachas toil mo rígh do chómhlíonadh; gur suarach le rádh iad mo dheagh-thréithe agus gur beag é m’eólus, ach pé beag mór é mo dhícheal go ndéanfad é ’na sheirbhís. Iar ar a shoillse suím beag aimsire a thabhairt dom chun an méid cúraim [ 215 ]atá ar mo láimh anso do chur i dtreó agus a chur díom.”

“Cad é an méid aimsire a bhéadh uait?” arsa ’n ceann airm.

“Bliaghain agus rátha, a dhuin’uasail,” arsa Séadna.

“Tá go maith,” arsa ’n ceann airm.

Isé cúis ’na ndúbhairt Séadna, “bliaghain agus rátha”, mar ní raibh an uair sin gan caitheamh de na trí bliaghna deug ach bliaghain agus rátha.

Síle.— Ach, Dia linn! An fear bocht! Cad é an mhaith dhó a shaoghal! Airiú, nár ghearr an mhoill ar an aimsir imtheacht!

Gobnait.— Seadh, agus gur dhóich le duine i dtusach na h-aimsire nár bh’ fhios cathain a bhéadh sí caithte.

Nóra.— Agus feuch, dúbhairt a máthair ná béadh Peig trí bliaghna déag go Bealtaine.

Cáit.— Cathain a dúbhairt sí é sin?

Nóra.— Nach cuimhin leat an oídhche úd a tháinig an sgannradh ar Shíle agus gur ritheamair go léir? Ní rabhas-sa imthighthe amach ar fad agus d’airigheas an méid sin. “Agus gan tú ach trí bliaghna déag chun na Bealtaine,” ar sise.

Peig.— Pé fada gairid iad na bliaghanta bhíodar imthighthe ach amháin bliaghain agus rátha, agus bhí an méid sin féin ag imtheacht go tiugh.

Cáit.— Ní fheadar an tsaoghal conus fhéadadh sé an oídhche a chodladh, ná aon bhlúire bídh a chaitheamh. Ba dhóich liom dá mbeinn ’na chás go marbhóch’ sé mé bheith ag cuimhneamh ar an lá a bhí ag teacht. Ní fheadar ó thalamh an domhain conus fhéad sé an sgéal a ghlacadh chómh bog.

Peig.— Ba bheag seachtmhain ná tugadh sé cuaird anonn go tigh an tsagairt, agus an lá a théidheadh sé [ 216 ]anonn thugadh sé féin agus an sagart tamall mór i bhfochair a chéile.

Gobnait.— Dar ndóin, níor thug sé a rún do’n tsagart.

Peig.— Ní raibh an rún tabhartha aige dhó an lá a bhí sé ag caint leis i dtaobh an chleamhnais úd Mháire Ghearra, agus níor thug sé dhó an lá san é, ach ní fheadar-sa cia ’cu a thug sé dhó ’na dhiaigh san é nó nár thug.

Nóra.— Dar ndó, ní fhéadfadh sé é thabhairt dó.

Cáit.— ’Gcloistí uirthi! Dar ndó, ní’l sé ceangailte ar dhuine rún a choimeád ó shagart.

Peig.— Ní’l sé ceangailte ar dhuine rún a choimeád ó shagart nuair a bhéadh faoisdin aige d’á dhéanamh leis an sagart, ach d’fhéadfadh sé bheith ceangailte air gan an rún a thabhairt dó lasmuich de’n fhaoistin.

Nóra.— Ó, tuigim. Agus nuair a gheabhadh an sagart an rún sa bhfaoisdin bhéadh sé ceangailte ar an sagart féin an rún do choimeád agus gan sgéidh air.

Peig.— Bhéadh go díreach, fé mar atá ceangailte ar an sagart rún na bpeacaí a h-innstear dhó a choimeád.

Ach ar aon chuma bhíodh Séadna thall go minic ag caint leis an sagart agus chaithidís a lán de’n lá i bhfochair a chéile. Chídhtí Séadna go minic ag dul chun Comaoine, agus bhíodh áthas ar na daoine d’á bhárr san, go mór mór toisg ainim an mhí-chreidimh a bheith air i dtusach bára. Ar dtúis chídhtí ag dul chun Comaoine dhá uair sa mbliaghain é, um Cháisg agus um Nodlaig, ansan uair sa rátha, agus i ndeire bára chídhtí ag dul chun Comaoine é gach aon chéad Domhnach de’n mhí.

Bhí sé féin agus an sagart ar pháirc an aonaigh ag caint le chéile tar éis na gcapall a bheith rannta. Tháinig fear cinn riain an airm chúca, ag fágáil slán [ 217 ]ag an sagart, agus cé bhuailfeadh chúca, san am gcéadna díreach, ach Cormac.

“Seadh, a Athair,” arsa Cormac, “ó tá an méid sin gnótha déanta agus gach aoinne sásta, b’fhéidir nár mhisde dhúinn iaracht a thabhairt ar ghnó bheag eile dhéanamh. Ná h-imthigh, a Shéadna,” ar seisean, “ná thusa, a dhuin’ uasail,” ar seisean leis an gceann airm. “Dhéineabhair araon an gnó eile úd chómh maith ní misde liom-sa sibh araon a bheith i láthair mo gnótha-sa anois.”

“Mura mbéadh Séadna bhí sé thiar orainn sa ghnó ó chianaibh,” arsa ’n ceann airm. “Ní’l uaim-se anois ach slán fhágáilt ag bhúr sagart agus agaibh go léir sul a dtugad aghaidh ar Bhaile’bhfad-síos. Ach pé gnó é seo eile atá agat-sa le déanamh, a Chormaic, má ’s maith leat go ndéanfainn-se ríghneas beag mar gheall air, déanfad é agus fáilte. Tá súil agam go bhfuil t’aigne-se sásta, a Athair, le gnó an lae,” ar seisean leis an sagart.

“Ana shásta, a dhuine uasail,” arsa ’n sagart. “Tabhair mo dheagh-mhéinn agus mo chion go dílis agus go dúrthachtach do shoillse an rígh, nuair a bhéidh caint agat leis, agus abair leis ná féadfainn a innsint d’á shoillse méid an bhuidhchais atá agam, agus againn go léir, air, mar gheall ar an ngníomh atá déanta aige ar na daoine bochta so a chaill a gcuid. Abair le n-a shoillse gur fada a bhéidh cuimhne ag muíntir na h-áite seo ar an ngníomh uasal san, agus má thagan feidhm i n-ar ghádh congnamh uainn — nár leigidh Dia go dtiocfaidh — ach má thagan, abair leis ná fuil fear sa dúthaigh seo ná h-imireóchaidh a anam go fonnmhar ar son an rígh.”

“Tá a fhios ag an nduin’uasal so, a Athair,” arsa Cormac, “gur minic a dúbhart-sa féin an chaint sin [ 218 ]leis, ó’n lá a thug an rígh órdughadh uaidh na capaill seo do sholáthar agus do thabhairt thar n-ais do na daoine bochta so.”

“Dúbhraís go deimhin, a Chormaic,” arsa ’n ceann airm. “Dúbhraís chómh minic sin é, ní baoghal go ndearmhadfar é. Ach ní h-alaidh dhúinn do ghnó-sa féin a dhearmhad. Cad é an gnó é seo atá agat féin le déanamh, a Chormaic? Tá súil agam ná cuirfidh sé sinn i bpúnc chómh cruaidh leis an bpúnc ’na rabhmair ó chianaibh go dtí gur réidhtigh Séadna sinn as.”

“Siní an chaint, a Chormaic,” arsa ’n sagart. “Cad é an gnó é seo atá le déanamh agat?”

“Bhíos thall ag an dtigh, a Athair, chun labhartha leat ’na thaobh, ach bhís imthighthe rómham. Dúbhradh liom go rabhais tagaithe anso agus do leanas t’onóir.”

“Tá go maith,” arsa ’n sagart. “Táimíd go léir anso anois. Cad tá uait, a Chormaic?”

“Tá so, a Athair,” arsa Cormac, “go n-oirean dom athrughadh beag a dhéanamh ar mo shlígh bheatha.”

“Athrughadh ar do shlígh bheatha!” arsa ’n sagart, agus iongnadh a chroídhe air mar ’dh eadh. “Ní dócha, a Chormaic, gur b’ í an bháilligheacht a cheapfá a chaitheamh uait!”

“Adhemhaise, a Athair,” arsa Cormac, “is dóich liom gur beag d’á mhearbhall atá ort nach í an bháilligheacht a mheasfainn a chaitheamh uaim, nídh nach iongnadh; ach an dúil a bheith riamh agat’ onóir sa tsult, agus nach foláir leat anois pas beag magaidh a dhéanamh fúm-sa, ó b’ anamh liom an chaoi thabhairt do t’ onóir chuige.”

“Go deimhin agus go dearbhtha, a Chormaic,” arsa ’n sagart, agus é ag gáirídhe, “ní cúrsaí magaidh ná suilt ar fad an sgéal. ‘Athrughadh beag’, a thugan tú air, is dóich liom-sa gur b’ é rud é ná athrughadh ana mhór. [ 219 ]Ach bíodh sé beag nó mór, tá aon nídh amháin deimhnightheach. Má ’s mar chabhair agus mar chongnamh d’á fear a ceapadh an bhean, ní dóich liom go mbeidh an fear eile sin le fághail is mó go mbeidh a bhean ’na cabhair agus ’na congnamh aige ’ná mar a bhéidh sí agat-sa nuair a bhéidh Sadhbh pósta agat.”

“Mhaise, tabh’r ’om do lámh bheannuighthe, a Athair!” arsa Cormac. “Ag magadh nó dáiríríbh duit is maith í do chaint, agus is maith an sás fírinne dh’ innsint thú. Agus cathain a bhéidh sé caothamhail do t’ onóir teacht agus an ceangal a chur orainn?”

“Pé am is fearr a thiocfaidh isteach le d’ chaothamhlacht féin, a Chormaic,” arsa ’n sagart.

Caibidiol 25