atá ar mo láimh anso do chur i dtreó agus a chur díom.”
“Cad é an méid aimsire a bhéadh uait?” arsa ’n ceann airm.
“Bliaghain agus rátha, a dhuin’uasail,” arsa Séadna.
“Tá go maith,” arsa ’n ceann airm.
Isé cúis ’na ndúbhairt Séadna, “bliaghain agus rátha”, mar ní raibh an uair sin gan caitheamh de na trí bliaghna deug ach bliaghain agus rátha.
Síle.— Ach, Dia linn! An fear bocht! Cad é an mhaith dhó a shaoghal! Airiú, nár ghearr an mhoill ar an aimsir imtheacht!
Gobnait.— Seadh, agus gur dhóich le duine i dtusach na h-aimsire nár bh’ fhios cathain a bhéadh sí caithte.
Nóra.— Agus feuch, dúbhairt a máthair ná béadh Peig trí bliaghna déag go Bealtaine.
Cáit.— Cathain a dúbhairt sí é sin?
Nóra.— Nach cuimhin leat an oídhche úd a tháinig an sgannradh ar Shíle agus gur ritheamair go léir? Ní rabhas-sa imthighthe amach ar fad agus d’airigheas an méid sin. “Agus gan tú ach trí bliaghna déag chun na Bealtaine,” ar sise.
Peig.— Pé fada gairid iad na bliaghanta bhíodar imthighthe ach amháin bliaghain agus rátha, agus bhí an méid sin féin ag imtheacht go tiugh.
Cáit.— Ní fheadar an tsaoghal conus fhéadadh sé an oídhche a chodladh, ná aon bhlúire bídh a chaitheamh. Ba dhóich liom dá mbeinn ’na chás go marbhóch’ sé mé bheith ag cuimhneamh ar an lá a bhí ag teacht. Ní fheadar ó thalamh an domhain conus fhéad sé an sgéal a ghlacadh chómh bog.
Peig.— Ba bheag seachtmhain ná tugadh sé cuaird anonn go tigh an tsagairt, agus an lá a théidheadh sé