Page:Seadna.djvu/218

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
214
SÉADNA

a bhí ag muíntir an rígh radharc maith a fhághail ar Shéadna, mar níor stad béal Chormaic an fhaid a bhí sé sa chathair ach ag trácht ar Shéadna agus ag déanamh iongnadh dhé agus ’ghá mhaoidheamh ná raibh a leithéid eile i n-Éirinn le doimhneas aigne agus le géire inntleachta agus le faidearadha, agus le luas gnímh nuair a bhéadh an gníomh le déanamh.

An chéad fheuchaint a fuaradar air, agus é ag teacht isteach sa pháirc i dteannta na ndaoine a thug leó é chun an urúdhais a dhéanamh, is amhlaidh a tháinig iaracht de sheirbhthean ortha. “Ach!” ar siad, “Má ’sé sin é!” Ní raibh ann, dar leó, ach gréasaidhe mar aon ghréasaidhe, agus ní raibh i gcaint Chormaic ach gaoith. Ach nuair airigheadar an socarughadh a dhéin sé i dtaobh na gcapall do leath a súile ortha, agus tháinig iongnadh a gcroídhe ortha a rádh nár chuimhnigh aoinne acu féin ar an slígh sin chun an sgéil a shocarughadh.

Nuair a bhí an sgéal socair agus gach aoinne sásta agus muíntir an rígh ag cuimhneamh ar chasadh abhaile, tháinig an ceann airm ag triall ar Shéadna agus ghlaoidh sé i leath taoibh air.

“A leithéid seo, a Shéadna,” ar seisean. “Ag fágáilt an bhaile dhom thug an rígh foláramh dom tusa do dhul liom síos nuair a bhéinn ag filleadh, mar gur airigh sé tuairisg mhór ort agus gur mhaith leis fear de d’ cháil a bheith i n-aice leis thíos aige.”

“Abair leis an rígh, a dhuin’uasail,” arsa Séadna, “gur neamhnídh liom-sa saidhbhreas saoghalta agus gur cuma liom beó nó marbh mé féin, seachas toil mo rígh do chómhlíonadh; gur suarach le rádh iad mo dheagh-thréithe agus gur beag é m’eólus, ach pé beag mór é mo dhícheal go ndéanfad é ’na sheirbhís. Iar ar a shoillse suím beag aimsire a thabhairt dom chun an méid cúraim