an sgéal ag dul sa mhuilion ortha go léir. Na h-éilteóirí ag lorg a gcirt go dána fé mar órduigh an rígh dóibh é. Fear cinn riain an airm i gcruadh-chás, ná feidir sé an mór ba cheart a thabhairt do gach éilteoir. Agus gan aoinne ábalta ar aon tuairim a thabhairt fé luacht dleaghthach na gcapall a bhí gan fághail.
Do labhair Séadna airís.
“Déintear an sgéal do shocarughadh ar an gcuma so,” ar seisean. “Tugtar anso amach os ár gcómhair an capall is fearr agus an capall is measa ar na capaill seo a rainneadh anois. Curtar meas ó bheirt mholtóirí ar cad is fiú gach capall de’n dá chapall san. Ansan curtar an luacht mór agus an luacht beag le chéile agus déintear dhá leath de’n iomláine. Tugtar oiread airgid agus bhéidh i leath na h-iomláine sin do gach duine ná fuil a chapall féin ann le tabhairt dó. Leis an socarughadh san b’fhéidir go mbéidh duine a gheabhaidh beagán níos mó ’ná a cheart agus duine a gheabhaidh beagán níos lúgha ’ná a cheart, ach ní mheasaim gur féidir aon tsocarughadh eile dhéanamh a thiocfaidh níos giorra do’n cheart.”
Do liúghadar na daoine go léir agus bhuaileadar a mbasa.
“Siní an chaint! Siní an chaint!” ar siad. “Siné an moladh ceart!”
D’fheuch an ceann airm ar Shéadna.
“Airiú,” ar seisean, “ní gréasaidhe atá againn ionat-sa ach breitheamh!”
Do socaruigheadh an sgéal ar an gcuma san agus bhí gach aoinne sásta.
D’á mhéid dúil a bhí ag na daoine radharc fhághail ar fhearaibh an rígh agus ar a n-arm agus ar a n-éide agus ar a ngleus agus ar a ngradam, ba mhó ’ná san an dúil