Page:Seadna.djvu/221

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
217
SÉADNA

ag an sagart, agus cé bhuailfeadh chúca, san am gcéadna díreach, ach Cormac.

“Seadh, a Athair,” arsa Cormac, “ó tá an méid sin gnótha déanta agus gach aoinne sásta, b’fhéidir nár mhisde dhúinn iaracht a thabhairt ar ghnó bheag eile dhéanamh. Ná h-imthigh, a Shéadna,” ar seisean, “ná thusa, a dhuin’ uasail,” ar seisean leis an gceann airm. “Dhéineabhair araon an gnó eile úd chómh maith ní misde liom-sa sibh araon a bheith i láthair mo gnótha-sa anois.”

“Mura mbéadh Séadna bhí sé thiar orainn sa ghnó ó chianaibh,” arsa ’n ceann airm. “Ní’l uaim-se anois ach slán fhágáilt ag bhúr sagart agus agaibh go léir sul a dtugad aghaidh ar Bhaile’bhfad-síos. Ach pé gnó é seo eile atá agat-sa le déanamh, a Chormaic, má ’s maith leat go ndéanfainn-se ríghneas beag mar gheall air, déanfad é agus fáilte. Tá súil agam go bhfuil t’aigne-se sásta, a Athair, le gnó an lae,” ar seisean leis an sagart.

“Ana shásta, a dhuine uasail,” arsa ’n sagart. “Tabhair mo dheagh-mhéinn agus mo chion go dílis agus go dúrthachtach do shoillse an rígh, nuair a bhéidh caint agat leis, agus abair leis ná féadfainn a innsint d’á shoillse méid an bhuidhchais atá agam, agus againn go léir, air, mar gheall ar an ngníomh atá déanta aige ar na daoine bochta so a chaill a gcuid. Abair le n-a shoillse gur fada a bhéidh cuimhne ag muíntir na h-áite seo ar an ngníomh uasal san, agus má thagan feidhm i n-ar ghádh congnamh uainn — nár leigidh Dia go dtiocfaidh — ach má thagan, abair leis ná fuil fear sa dúthaigh seo ná h-imireóchaidh a anam go fonnmhar ar son an rígh.”

“Tá a fhios ag an nduin’uasal so, a Athair,” arsa Cormac, “gur minic a dúbhart-sa féin an chaint sin