leis, ó’n lá a thug an rígh órdughadh uaidh na capaill seo do sholáthar agus do thabhairt thar n-ais do na daoine bochta so.”
“Dúbhraís go deimhin, a Chormaic,” arsa ’n ceann airm. “Dúbhraís chómh minic sin é, ní baoghal go ndearmhadfar é. Ach ní h-alaidh dhúinn do ghnó-sa féin a dhearmhad. Cad é an gnó é seo atá agat féin le déanamh, a Chormaic? Tá súil agam ná cuirfidh sé sinn i bpúnc chómh cruaidh leis an bpúnc ’na rabhmair ó chianaibh go dtí gur réidhtigh Séadna sinn as.”
“Siní an chaint, a Chormaic,” arsa ’n sagart. “Cad é an gnó é seo atá le déanamh agat?”
“Bhíos thall ag an dtigh, a Athair, chun labhartha leat ’na thaobh, ach bhís imthighthe rómham. Dúbhradh liom go rabhais tagaithe anso agus do leanas t’onóir.”
“Tá go maith,” arsa ’n sagart. “Táimíd go léir anso anois. Cad tá uait, a Chormaic?”
“Tá so, a Athair,” arsa Cormac, “go n-oirean dom athrughadh beag a dhéanamh ar mo shlígh bheatha.”
“Athrughadh ar do shlígh bheatha!” arsa ’n sagart, agus iongnadh a chroídhe air mar ’dh eadh. “Ní dócha, a Chormaic, gur b’ í an bháilligheacht a cheapfá a chaitheamh uait!”
“Adhemhaise, a Athair,” arsa Cormac, “is dóich liom gur beag d’á mhearbhall atá ort nach í an bháilligheacht a mheasfainn a chaitheamh uaim, nídh nach iongnadh; ach an dúil a bheith riamh agat’ onóir sa tsult, agus nach foláir leat anois pas beag magaidh a dhéanamh fúm-sa, ó b’ anamh liom an chaoi thabhairt do t’ onóir chuige.”
“Go deimhin agus go dearbhtha, a Chormaic,” arsa ’n sagart, agus é ag gáirídhe, “ní cúrsaí magaidh ná suilt ar fad an sgéal. ‘Athrughadh beag’, a thugan tú air, is dóich liom-sa gur b’ é rud é ná athrughadh ana mhór.