Séadna/24

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Séadna by Peadar Ua Laoghaire
Caibidiol 24
[ 202 ]
CAIBIDIOL A CEATHAIR A’S FICHE.

Fé cheann seachtmhaine bhí árd ghleó sa tsráid bheag. Thánadar lucht airm an rígh agus an fear cinn riain os a gcionn, agus iad ar a gcapaillibh, agus clóca síoda ar gach fear díobh. Claidheamh gach fir ar sileadh síos le maoitheán a chapaill, agus sleagh bhreagh fhada ’na seasamh anáirde i láimh gach fir, agus fir agus mná agus aos óg na sráide ag brúth ar a chéile a d’iaraidh radharc fhághail ortha.

Bhí Sadhbh i n-aonfheacht leó agus Cormac, agus iad istigh i gcóisde bhreagh, agus dhá chapall de chapaillibh an rígh ag tarang an chóisde. Bhí clóca dearg ar Shadhbh, clóca ba dheirge go mór, agus ba bhreaghtha, ’ná an clóca a bhí uirthi an lá úd an aonaigh. An clóca dubh úd a bhí uirthi an mhaidion a chonaic Pails ag imtheacht í, is dócha go raibh sé i bhfolach aici. Bhí slabhra óir ar a muineál, agus e chómh trom chómh téagartha, ba dhóich leat, le réidhtheach trucaile. Bhí fáinní móra óir ar a méireanaibh agus búclaí óir ’na brógaibh. Ní caipín a bhí ar an gclóca ach cába, agus mór-thímpal le fabhra an chába, agus ag luíghe anuas ar a slinneánaibh, bhí sraith de shiogairlíníbh óir go raibh órlach go leith ar faid i ngach siogairlín acu, agus iad ag crith agus ag taithneamh agus ag spréacharnaigh fé sholus na gréine le gach cor d’á gcuireadh an cóisde dhé. I mbrollach an chlóca, fé n-a brághaid, bhí cnaipe óir a bhí chómh mór le píosa coróinneach. Síos lasmuich le h-imeal an chlóca agus mór-thímpal leis an iachtar aige, bhí fabhra d’éadach snáth-óir a bhí dhá órlach go maith ar leithead, agus é go greanta agus go solusmhar, gur dhóigh leat gur shíog [ 203 ]lasrach é nuair a suaithtí é fé ’n ngréin. An fúnsa óir úd a bhí ar cheann Shíogaidhe nuair a bhí an ghruaig liath air, bhí sé ar a ceann aici ag coimeád a gruaige.

Bhí Cormac ansúd le n-a h-ais sa chóisde ’na shuidhe. Ní raibh aon órnáidí air, ámhthach, ach mar a bhí sé riamh. B’ é an báille céadna é. Bhí an pus mórchúiseach céadna air, agus na pluic, agus an muineál ramhar, agus an chneadach, díreach fé mar a bhí air an lá úd a tháinig sé ag éileamh na sealbha ar an mbaintrigh. Má bhí aon athrughadh ann, sa chneadach iseadh a bhí an t-athrughadh. Bhí sí sin air níos géire ’ná mar ba ghnáth leis.

Do stad an cóiste ar aghaidh tíghe Dhiarmuda Léith amach. Bhí Diarmuid ’na sheasamh idir dhá lígh an doruis agus a ghuala leis an ursain aige. Do léim Sadhbh amach as an gcóisde agus siúd chuige anonn í.

“Ó!” ar sise, “airiú cad d’imthigh ort ó shin!” ag cur a dhá láimh tímpal a mhuiníl agus ag tabhairt cúpla póg dó. “Airiú, a dhaid,” ar sise, “ní’l spide fí ort! Cad d’imthigh ort i n-aon chor!”

“Tháinig taom beag slaodáin orm, a ghamhain,” ar seisean, “agus is dóich liom go ndeighidh sé i n-achran ionam níos mó ’ná mar a cheapas a raghadh sé.”

“Taom beag slaodáin!” ar sise. “Tháinig droch bhreóiteacht éigin ort, agus mura mbéadh go dtáinig ní bhéadh an driuch san ort. Feuch!” ar sise, “tá an t-éadach ’na mhálaíbh tímpal ort! Cad d’imthigh aír, a Phails?” ar sise leis an seana mhnaoi.

“Tá sé tar éis éagcruais a chur dé, slán beó mar a n-innstear é!” arsa Pails, go righin.

“Éagcruas!” arsa Sadhbh, “go saoraidh Dia na glóire sinn! Airiú cad é mar shaghas duine thú, nó cad é an donas a bhí ag gabháil duit agus a rádh gur imthighis agus gur chuiris an bhreóiteacht san ort féin [ 204 ]gan ghádh gan riachtanas! Is éachtach an obair a rádh ná féadfadh duine imtheacht ó’n mbaile ar feadh beagán aimsire agus tú fhágáil i bhfeighil na h-áite gan tú dhul ag cur éagcruais ort féin le d’ chuid buartha agus díth céille. Feuch an driuch atá anois ort!” Agus leis sin do chrom sí ar ghol.

Bhuail Cormac isteach ’na diaidh.

“Dar fiadh, a Dhiarmuid,” ar seisean, “ach do chuais as go maith. Chuais as go dian mhaith, deirim leat é. Ní raibh aon droich iontaoibh agam asat ’ná aon droch amhras agam ort, ach ’na thaobh san a’s uile níor mheasas go dtiocfá uaidh chómh maith. Ní foláir nó tá an croídhe go foláin agus go láidir agat agus a rádh go bhfuilir chómh curanta tar éis ar chuiris díot.”

“Ní fheadaraís a leath, a Chormaic,” arsa Diarmuid. “Do bhuail bean chúgam isteach anso tá suim laetheanta ó shin ann, agus ní fheacaís riamh ach an phreab a bhain sí asam. Níor baineadh a leithéid de gheit asam ó’n lá a rugadh mé, agus oídhche an aonaigh féin a chur leis. Is beag ’ná go ndúbhairt sí suas le m’ béal gur marbhuigheadh Sadhbh ar an mbóthar, lastuaidh i mball éigin, agus go bhfeacaidh sí marbh í. Mura mbéadh gur tháinig an sagart isteach agus gur áitimh sé orm ná raibh aon bhrígh le n-a caint is dócha go n-éireóch’ mo chroídhe orm.”

“Ach cé r’ bh’ í féin, ámhthach?” arsa Cormac.

“Go deimhin ní fheadar cé r’ bh’ í féin. Ní fheaca riamh roimhe sin am’ shúilibh cinn í, agus geallaim dhuit ná fuil aon lorg agam ar í fheiscint airís,” arsa Diarmuid. “B’ í an bhean í dob’ éagsamhlaíghe d’ar bhuail riamh umam.”

“Cad é an saghas í?” arsa Cormac.

“Droch shaghas. Geallaim dhuit é,” arsa Diarmuid. [ 205 ]“B’ é rud í ’ná creachoil de mhnaoi chruaidh, gharbh, chnámhach, agus í ar leath-shúil agus taobh d’á béal siar go cluais uirthi nach mór, slán mo chómhartha choídhche!”

“Ó, tá sí agam!” arsa Cormac. “Droch shaghas, ní misde dhuit a rádh. Tá aithne agam-sa ar an stiúsaídhe sin le fada. Mise bhain an tsúil aisti agus chuir an mháchail uirthi.”

“Tusa!” arsa Diarmuid.

“Mise go díreach, agus ’neosfad duit conus é,” arsa Cormac. “Is dóich liom go bhfuil deich mbliaghna ó shin ann,” ar seisean. “Ag teacht abhaile ó Chorcaigh iseadh bhíos. Bhí sé i n-am mhairbh na h-oídhche. Bhíos ag gabháil i leith chun Drochaid na dTruip Sídhe. Bhí a fhios agam an droch ainim a bheith ar an áit ach ní raibh sgáth ná eagla orm. Ní bhíon aon eagla choídhche orm roim aon rud de’n tsórd san, pé tráth de’n oídhche bhéadh ann, nuair a bhím ag déanamh mo ghnótha féin. Ní féidir dóibh baint le duine a bhíon ag déanamh a ghnótha féin agus gan é ag cur chúca ná uatha. Ach duine bhéadh ag dul i n-áiteanaibh aeracha i n-am mhí-thráthamhail agus le corp dánaidheachta, ní h-aon iongnadh go gcurfaí a mhalairt de chúram air uaireanta. Ach, pé sgéal é, féuchaint d’á dtugas thorm cad a chífinn ach an bhean agus í ’n-a suidhe ar an leath-ladha eile de’n trucail uaim, agus a drom liom. Nuair a chonac í is dócha gur tháinig iaracht de laige orm toisg an droch ainim a bheith ar an áit. Pé rud a tháinig orm níor lean sé abhfad orm. Ba ghearr gur shamhluigheas mar bhéadh lámh duine ag dul isteach am’ brollach mar a raibh pé pingin airgid a bhí agam. Ní túisge mhothuigheas an lámh ’ná thuigeas láithreach gur duine saoghalta a bhí agam agus do luígheas greim ar an láimh. Lámh churanta láidir dob’ eadh í agus colpa teann córach téagartha uirthi [ 206 ]Do tugadh iaracht ar í bhreith uaim ach ambasa choimeádas mo ghreim, agus fé mar a tháinig liom mo ghreim a choimeád do chas mo mhisneach orm agus mo neart. Nuair a thuig an bhean nár bh’ aon mhaith dí bheith ag tarang d’fhan sí socair, ach níor thug sí a h-aghaidh orm. An fhaid a bhí sí ag fanmhaint socair, agus mise a d’iaraidh a dhéanamh amach cé r’ bh’ í féin, do bhog mo ghreim a gan fhios dom. Do snapadh an lámh uaim agus do léim an bhean amach as an dtrucail uaim. Le linn léimt amach dhí, fé mar a raghadh crúca nó rud éigin i n-achran ’na cuid éadaigh, do baineadh leagadh aisti. Thuit sí ar an mbóthar agus do ghluais an roth ar a ceann. Díreach agus í ag túirliocan ar an mbóthar do baineadh an dá chois uaithi agus do h-iompuigheadh a ceann isteach fé ’n roth. Ba bheag nár chuas i laige ansan dáiríribh. ‘Tá dhá leath déanta dh’á ceann!’ arsa mise liom féin. Do stadas an capall láithreach. Bhíos deimhnightheach go raibh an bhean marbh, agus gan aon fhínné agam ach Dia ar an gcuma ’nar thuit an sgéal amach. Do léimeas amach as an dtrucail. Ag teacht anall ó m’ thaobh féin de’n chapall dom do léim an bhean suas agus siúd de dhruim an chlaidhe isteach í, i gcoill a bhí i n-aice an bhóthair ann. ‘Seadh!’ arsa mise, am’ aigne féin, ‘bheirim a bhuidhchas le Dia na glóire, moladh go deó leis, pé saghas tú, tú bheith ábalta ar an méid sin a dhéanamh! Chomáineas liom a leith chun an Drochaid agus do stadas ag an dtigh ósda. Chómh luath agus a chonac an chéad amhsgarnach de sholus an lae, amach liom agus soir airís go dtí an áit ’na bhfeaca ag dul isteach tar claidh í. Bhí lochán fola ar an mbóthar sa n-áit ’nar leagadh í agus bhí an fhuil ar an dtalamh go trom anonn go claidh, agus ar dhrom an chlaidhe sa n-áit ’nar léim sí isteach. Chuas isteach [ 207 ]agus do leanas rian na fola tríd an gcoill soir ó thuaidh, agus soir ó thuaidh airís tríd an bpáirc a bhí lastuaidh de’n choill, go dtí go dtánag go dtí tigh beag, botháinín suarach, a bhí sa chúinne thoir thuaidh de’n pháirc. Bhí an fhuil ansúd ar an dtalamh isteach go dorus an tíghe bhig. Chuireas mo lámh ar an laiste. Do bhog an chómhla rómham isteach. Chuas isteach. Chonac bean ’na suíghe ar shuíghistín ar aghaidh na teine amach agus í ’ghá suathadh féin anonn ’s anall mar a bhéadh bean a bhéadh ag déanamh buartha, agus í ag gol go fuígheach, fé n-a h-anáil.

‘Bail ó Dhia anso isteach!’ arsa mise. Phreab sí ’na suíghe agus thug sí a h-aghaidh orm. Bhí a ceann fillte i n-éadach aici ach súil léi agus bhí an tsúil nach mór dúnta le h-at. Chaith sí í féin ar a dhá glúin. ‘Cumaraí mh’ anama ort Chormaic!’ ar sise. ‘Ná tabhair suas do’n dlígh mé an turus so. Tá mo mháthair agam ansan thíos,’ ar sise, ‘gan mheabhair gan chiall, gan siúbhal gan rian, gan aithne gan urlabhra, le dhá bhliaghain agus chúig seachtmhaine an tSathrainn seo chúgainn. Má beirtear uaithi anois mé gheabhaidh sí bás do’n ghorta! Ní bhéidh duine aici a thabharfaidh sagart ná bráthair chuici, ná shínfidh deoch chúici! Iaraim i n-achainígheachaibh ort, as ucht Íosa Críosd na bhFlathas, agus as ucht na Maighdine Muire agus le h-anaman do mháthar féin, gan mé bhreith ó’n aindeiseóir sin thíos!’

“Níor bh’ aon leas-ainim aindeiseóir a thabhairt ar an seana mhnaoi, agus níor mhisde a rádh ’ná gur bh’ aindeiseóir eile an bhean óg, agus an cor a bhí uirthi tar éis an bhárthain a ghaibh í. Do thugas m’aghaidh ar an ndorus agus dúbhart mar seo:— ‘Bhíos ag teacht abhaile ó Chorcaigh aréir,’ arsa mise, ‘agus tháinig bean éigin isteach sa trucail chúgam, ’ghá leigint uirthi gur [ 208 ]sprid í, go saoraidh Dia sinn! Chuir sí a lámh isteach am’ brollach. Cheap sí mo chuid airgid do bhreith uaim, ach níor éirigh léi. Ní fheadar cad é an gnó a bhéadh ag sprid d’ór ’ná d’airgead. Do luígheas greim ar an láimh. Ba ghreannmhar an sprid í agus lámh fola agus feóla uirthi! Cheapas greim a choimheád uirthi agus í bhreith liom abhaile chun go mbéadh a fhios agam cad é an saghas an sprid. Ach bhí sí ró thapaidh dom. Do shnap sí uaim an lámh agus do léim sí as an dtrucail amach. Do ghluais an roth ar a ceann. Ní raibh leigheas agam-sa air sin. B’ é leamhnughadh Dé, moladh go deó leis! nár marbhuigheadh láithreach í. Ach is dóich liom gur chuir an méid sin a dóithin de phionós uirthi an turus so. Ní fheadar cé h-í ’na cé ’ro díobh í,’ arsa mise, ‘ach má airighim an cleas san ’na diaigh airís nó má gheibhim radharc mo shúl uirthi amuich ’ná i mbaile, tabharfad suas do’n dlígh í,’ arsa mise,— agus chuireas an dorus amach díom. Is dócha nár chuireadh riamh i ndiaigh aon Chríosdaidhe oiread beannachtaí beannuighthe agus a cuireadh am’ dhiaigh-se an mhaidion shamhraidh sin, agus mé ag gabháil an pháirc ó dheas ó’n dtigh bheag san, agus an ghrian ag eiríghe. Ach ‘ní h-é seo é ach é siúd.’ Tá nídh nach é sin anois agam le cur os do chómhair-se, a Dhiarmuid. Táim féin agus Sadhbh anso ’ghá chuimhneamh nár bh’ fhearra dhúinn rud a dhéanfaimís ’ná an chuid eile d’ár saoghal a chaitheamh i dteannta ’chéile. An dóich leat an mbéadh aon locht agat orm mar chleamhain, a Dhiarmuid?”

“Go deimhin agus go dearbhtha, a Chormaic, a mhic ó,” arsa Diarmuid, “is amhlaidh mar atá an sgéal, ní dóich liom go bhféadfaí aon fhear a fhághail i n-Éirinn is fearr a bhéadh ’na cheann di ’ná mar a bhéir-se. Agus isé rud a dúbhairt an sagart féin, an lá a airigheamair an chéad [ 209 ]ráfla de’n sgéal, ’ná gur mhaith agus gur dhian mhaith an chleamhnas é, agus ná béadh aon teip ’ná go mbéadh an rath air, le congnamh Dé a’s sinn slán.”

“Tá go maith,” arsa Cormac. “Fágfad ansan sibh go fóil agus raghad soir go tigh an tsagairt féuchaint cathain a bhéidh caoi aige ar theacht agus sinn a phósadh.”

Caibidiol 24