Page:Seadna.djvu/209

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
205
SÉADNA

“B’ é rud í ’ná creachoil de mhnaoi chruaidh, gharbh, chnámhach, agus í ar leath-shúil agus taobh d’á béal siar go cluais uirthi nach mór, slán mo chómhartha choídhche!”

“Ó, tá sí agam!” arsa Cormac. “Droch shaghas, ní misde dhuit a rádh. Tá aithne agam-sa ar an stiúsaídhe sin le fada. Mise bhain an tsúil aisti agus chuir an mháchail uirthi.”

“Tusa!” arsa Diarmuid.

“Mise go díreach, agus ’neosfad duit conus é,” arsa Cormac. “Is dóich liom go bhfuil deich mbliaghna ó shin ann,” ar seisean. “Ag teacht abhaile ó Chorcaigh iseadh bhíos. Bhí sé i n-am mhairbh na h-oídhche. Bhíos ag gabháil i leith chun Drochaid na dTruip Sídhe. Bhí a fhios agam an droch ainim a bheith ar an áit ach ní raibh sgáth ná eagla orm. Ní bhíon aon eagla choídhche orm roim aon rud de’n tsórd san, pé tráth de’n oídhche bhéadh ann, nuair a bhím ag déanamh mo ghnótha féin. Ní féidir dóibh baint le duine a bhíon ag déanamh a ghnótha féin agus gan é ag cur chúca ná uatha. Ach duine bhéadh ag dul i n-áiteanaibh aeracha i n-am mhí-thráthamhail agus le corp dánaidheachta, ní h-aon iongnadh go gcurfaí a mhalairt de chúram air uaireanta. Ach, pé sgéal é, féuchaint d’á dtugas thorm cad a chífinn ach an bhean agus í ’n-a suidhe ar an leath-ladha eile de’n trucail uaim, agus a drom liom. Nuair a chonac í is dócha gur tháinig iaracht de laige orm toisg an droch ainim a bheith ar an áit. Pé rud a tháinig orm níor lean sé abhfad orm. Ba ghearr gur shamhluigheas mar bhéadh lámh duine ag dul isteach am’ brollach mar a raibh pé pingin airgid a bhí agam. Ní túisge mhothuigheas an lámh ’ná thuigeas láithreach gur duine saoghalta a bhí agam agus do luígheas greim ar an láimh. Lámh churanta láidir dob’ eadh í agus colpa teann córach téagartha uirthi