Page:Seadna.djvu/210

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
206
SÉADNA

Do tugadh iaracht ar í bhreith uaim ach ambasa choimeádas mo ghreim, agus fé mar a tháinig liom mo ghreim a choimeád do chas mo mhisneach orm agus mo neart. Nuair a thuig an bhean nár bh’ aon mhaith dí bheith ag tarang d’fhan sí socair, ach níor thug sí a h-aghaidh orm. An fhaid a bhí sí ag fanmhaint socair, agus mise a d’iaraidh a dhéanamh amach cé r’ bh’ í féin, do bhog mo ghreim a gan fhios dom. Do snapadh an lámh uaim agus do léim an bhean amach as an dtrucail uaim. Le linn léimt amach dhí, fé mar a raghadh crúca nó rud éigin i n-achran ’na cuid éadaigh, do baineadh leagadh aisti. Thuit sí ar an mbóthar agus do ghluais an roth ar a ceann. Díreach agus í ag túirliocan ar an mbóthar do baineadh an dá chois uaithi agus do h-iompuigheadh a ceann isteach fé ’n roth. Ba bheag nár chuas i laige ansan dáiríribh. ‘Tá dhá leath déanta dh’á ceann!’ arsa mise liom féin. Do stadas an capall láithreach. Bhíos deimhnightheach go raibh an bhean marbh, agus gan aon fhínné agam ach Dia ar an gcuma ’nar thuit an sgéal amach. Do léimeas amach as an dtrucail. Ag teacht anall ó m’ thaobh féin de’n chapall dom do léim an bhean suas agus siúd de dhruim an chlaidhe isteach í, i gcoill a bhí i n-aice an bhóthair ann. ‘Seadh!’ arsa mise, am’ aigne féin, ‘bheirim a bhuidhchas le Dia na glóire, moladh go deó leis, pé saghas tú, tú bheith ábalta ar an méid sin a dhéanamh! Chomáineas liom a leith chun an Drochaid agus do stadas ag an dtigh ósda. Chómh luath agus a chonac an chéad amhsgarnach de sholus an lae, amach liom agus soir airís go dtí an áit ’na bhfeaca ag dul isteach tar claidh í. Bhí lochán fola ar an mbóthar sa n-áit ’nar leagadh í agus bhí an fhuil ar an dtalamh go trom anonn go claidh, agus ar dhrom an chlaidhe sa n-áit ’nar léim sí isteach. Chuas isteach