Séadna/23

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Séadna by Peadar Ua Laoghaire
Caibidiol 23
[ 193 ]
CAIBIDIOL A TRÍ A’S FICHE.

“Um eadarthra lar na mháireach bhí an bheirt ag dorus tíghe an rígh. Tháinig an ceann amach. Chonaic sé Cormac.

‘Cá bhfuil sí?’ ar seisean.

‘Sidí í,’ arsa Cormac go réidh.

‘Téanam, a ’nghean ó,’ arsa ’n ceann.

“Do ghluais sí i n-aonfheacht leis. Chuadar isteach dorus. D’imthigheadar trí phóirse fhada. Chuireadar dorus eile dhíobh agus póirse eile. Chuireadar an trímhadh dorus díobh. Ní póirse a bhí laistigh dé sin ach páirc bhreagh mhór fhairsing ghrianach, agus í go glas, agus go bearrtha le speil, agus casáin dheasa tríthi anonn, agus gainimh ortha. Bhí rígh-theaghlach áluinn uasal sa taobh thall de’n pháirc sin. Thug an ceann aghaidh ar dhorus an rígh-theaghlaigh sin. Ghluais Sadhbh ’na dhiaigh. Bhuail an ceann buille beag réidh ar an ndorus. Ba ghearr gur h-osgaladh é. Duine uasal breagh groídhe cumasach dob’ eadh an fear d’osgail é. Bhí caipín airgid ar a cheann, nó cheap Sadhbh gur bh’ airgead é. Agus bhí clóca síoda air agus bhí tuagh ar a ghualainn aige, agus í chómh greanta chómh solusmhar le glaine, agus faobhar uirthi gur dhóich leat go mbainfeadh sí an ceann de chapall d’aon iaracht. Do labhair an bheirt fhear le n-a chéile i gcogar ar feadh tamaill. Ansan do bhagair fear na tuagha ar Shadhbh, agus do lean sí é agus d’fhan an fear eile amuich.

“Ní túisge a bhí Sadhbh ar an dtaobh istigh de’n dorus ’ná ba dhóbair go leathadh a radharc uirthi. Do chonaic sí an seómra breagh mór fairsing árd, agus na h-uaisle ’na suídhe ann ar gach taobh. Fir bhreaghtha mhóra [ 194 ]dhathamhla dob’ ea iad, agus clócaí síoda ortha agus slabhraí óir ortha agus búclaí óir ’na mbrógaibh, agus a chlaidheamh le n-a ais ag gach fear díobh. Ar a h-aghaidh suas do chonaic sí aon fhear amháin agus ba mhó agus ba chumasaíghe agus ba dhathamhla é ná aon fhear eile d’á raibh ann. Bhí coróinn óir ar a cheann agus mar bhéadh adharca beaga anáirde aisti mór-thímpal. Ar bárr gach adhaircín acu san do bhí bulla beag óir, agus istigh i lár gach bulla bhig bhí solas éigin ar lasadh agus ar crith, mar bhéadh réiltín, oídhche sheaca. Bhí clóca dearg air, chómh dearg leis an gclóca a bhí ar Shadhbh féin lá an aonaigh, nó b’fhéidir níos deirge. Bhí a shlat ríogdha ’na láimh dheis aige agus bhí sé ’na shuídhe ar chathaoir mhór árd gur dhóich leat go raibh an uile bhlúire dhí déanta d’ór chasta. Nuair a chonaic Sadhbh é bhí a fhios aici gur bh’é an rígh é. Ach ní raibh sgáth ’ná eagla uirthi roimhe, mar ní feuchaint chruaidh choímhtheach a bhí aige, ach feuchaint bhreagh bhog réidh dhuineanda. Bhí an chathaoir ríogdha féin anáirde ar láithreán a bhí mar adéarfá leath-troigh níos aoirde ’ná an chuid eile de’n úrlár. Bhí dhá chathaoir eile ann, cathaoir acu ar gach taobh de’n láithreán, anuas ar an dtalamh, agus bhí beirt uaisle ’na suídhe ortha. Fir chríona liatha dob’ eadh iad. An fear acu a bhí ar dheis an rígh, bhí gruaig fhada liath air, agus í siar síos leis, ar a shlinneánaibh, agus bhi féasóg fhada liath air, síos ar a bhrághaid agus ar a bhrollach. Bhí clóca uaithne air agus bhí cláirseach mhór ’na seasamh i n-a aice. An fear acu a bhí ar an dtaobh eile de’n rígh bhí gruaig fhada liath air leis, agus bhí fúnsa óir ar a cheann, ag coimeád na gruaige siar d’á éadan, agus bhí féasóg fhada liath air, díreach mar a bhí ar fhear na cláirsighe. Ach ba thruime agus ba mhó d’fhear é go mór ná fear na cláirsighe. [ 195 ]“Bhí Sadhbh ag tabhairt na rudaí sin go léir fé ndeara agus í ag gabháil an t-úrlár suas fá dhéin an rígh. Nuair a bhí sí i ngoireacht chúig slata, nó mar sin, dó, do stad sí.

‘Druid tamall eile ainíos, a ’nghean ó,’ arsa ’n rígh. Níor chuir sí cor dí.

‘Druid ainíos. Ná bíodh ceist ort,’ arsa ’n rígh.

‘Druid suas. Ní’l aon rud le h-imtheacht ort,’ arsa fear na tuagha léi, i gcogar.

“Níor dhéin sí aon bhlúire amháin ach a clóca do sgaoileadh siar síos di agus dul de léim i bhféasóig an fhir mhóir a bhí ar láimh chlé an rígh agus díriughadh ar an bhféasóig do stathadh, fé mar a dhéin sí le fear an bhramaigh oídhche an aonaigh. An darna tarang d’ar bhain sí as an bhféasóig do ghluais léi, i n-aon sgraith amháin, idir fhéasóg agus gruaig agus fúnsa óir, agus cia bhéadh ann ’na steilibheathaigh aici ach an Síogaidhe macánta!

‘Airiú, a bhitheamhnaigh na croiche duibhe!’ ar sise, ‘sín chúgam amach anso láithreach mo chuid airgid a mheallais uaim i n-ainim an rígh.’

“Ar neómat na baise bhí fiche lámh ós a gcionn agus claidheamh lomrachta ins gach láimh díobh.

‘Ná buailtear é,’ arsa ’n rígh. ‘Gabhthar é,’ ar seisean. ‘Cad as duit-se, a ’nghean ó?’ arsan rígh.

“Do chaith sí í féin ar a dhá glúin os cómhair an rígh.

‘Ó’n Múmhain, a rígh,’ ar sise, ‘agus do tháinig an fear san an lá fé dheire go tigh m’athar, agus dúbhairt sé go raibh sé ag ceannach capall duit-se, a rígh, agus do cheannuigh sé a raibh de chapaillibh ar an aonach an lá san, agus do dhíol sé airgead bréagach asta, agus thaisbeáin sé dhómh-sa t’fháinne-se, a rígh, agus dúbhairt sé ná raibh a dhóithin airgid aige chun díol as a raibh [ 196 ]ceannuighthe aige, agus d’iar sé orm trí chéad púnt do thabhairt dó ad’ ainim-se, a rígh, agus thugas dó é. Is ar éigin a bhí sé tabhartha dhó agam nuair a fuair Séadna amach gur bhitheamhnach é agus a chuir sé Cormac ’na dhiaigh. Ach do theip ar Chormac teacht suas leis. Agus dar ndóich ní h-iongnadh gur theip agus é anso istigh go seasgair agus gruaig fhada liath air agus féasóg fhada liath. Feuch air sin!’

‘Go réidh, a ’nghean ó,’ arsa ’n rígh. ‘Cé h-é Cormac?’

‘An báille atá againn, a rígh,’ ar sise.

‘Cá bhfuil sé anois?’ arsa ’n rígh.

‘Tá sé amuich ag an ngeata, a rígh,’ ar sise.

‘Tugtar isteach é,’ arsa ’n rígh.

“Do tugadh isteach é. Agus go deimhin, a Athair, deir Uilig de Búrc, dá mba ná béadh agat ach aon gháire amháin go ndéanfá é dá bhfeicfeá an dá shúil a tháinig do Chormac agus an iongnadh agus an alltacht agus an t-uathbhás a tháinig air, nuair a chonaic sé Sadhbh ar a glúinibh os cómhair an rígh agus an sgraith gruaige agus féasóige úd ’na lámhaibh aici agus a clóca laistiar dí ar an úrlár, agus an fear a bhí ag siúbhal an aonaigh léi, ansúd thuas gabhtha, agus fear na tuagha ’na sheasamh laistiar dé, ollamh ar a cheann do sgoltadh leis an dtuaigh dá gcuireadh sé cor dé.

‘A bháille,’ arsa ’n rígh, ‘cé h-é sin?’

‘Siné, a rígh,’ arsa Cormac, ‘an fear cheannuigh na capaill ar aonach an Tobair sa Mhumhain agus do dhíol an t-airgead bréagach asta. Bhí ceathrar acu ann, agus do rugadh ar thriúr acu. Ach do theip orainn teacht suas leis seo. Agus ní deirim go bhfuil aon chúinne sa chathair seo, ’ná is dócha i n-Éirinn, gan daoine anois ann ar a lorg. Ní mór sgéala do chur amach [ 197 ]láithreach go bhfuil beirthe air agus gan fir bhochta do bheith ’ghá marbhadh féin níos sia ag ruith ’na dhiaigh, agus gan é ann le fághail.’

‘Go réidh, a bháille,’ arsa ’n rígh, ‘ní deirim ná go bhfuil iaracht de dhearmhad ort.’

‘Ó, ní’l, a rígh,’ arsa Cormac.

‘Measaim,’ arsa ’n rígh, ‘go bhfuil, mar ní h-ort ata an t-aer agus an talamh do choimeád gan tuitim ar a chéile.’

“Do gháireadar na h-uaisle go léir. D’fheuch Cormac ’na thímpal ortha agus do leath a bhéal air agus tháinig bior ar a shúilibh, mar ní fheidir sé cad do chuir ag gáirídhe iad.

“Ansan do ghlaoidh an rígh chuige ar Shadhbh agus cheistigh sé í agus bhailigh sé uaithi fios bunús an sgéil ó thusach go deireadh, idir chleamhnas agus geallamhaint phósta agus iasacht airgid agus uile. Agus Síogaidhe ansúd gabhtha ag éisteacht leó agus fear na tuagha laistiar dé.

“Nuair bhí a sgéal críochnuighthe ag Sadhbh do tharaing sí as a póca cuid de’n airgead bhréagach agus thug sí do’n rígh é. D’fheuch sé air go géar. Ansan do ghlaoidh sé ar cheann airm na cathrach a bhí ’na sheasamh thíos ag an ndorus. Tháinig sé ainíos.

‘Conus do thárla,’ arsa ’n rígh, ‘gur rugadh ar thriúr acu agus gur imthigh an ceathramhadh duine?’

‘Siné bhí a’m dhalladh, a rígh,’ ar seisean. ‘Ach tuigim anois é. Siné ansan,’ ar seisean, ag síneadh a mhéire chun Síogaidhe, ‘an fear a dhearbhuigh ar an dtriúr.’ Do ghluais osna chléibh ó n-a raibh láithreach nuair dh’airigheadar an méid sin. ‘Do dhearbhuigh sé leis,’ arsa ’n ceann airm, ‘gur bh’é duine a bhí ag déanamh an airgid bhréagaigh ’ná fear a chómhnuighean sa Mhúmhain [ 198 ]gurab ainim dó Séadna, agus gur bh’é do cheannuigh na capaill ar an aonach ad’ ainim-se, a rígh. Agus d’á chómhartha san féin go raibh sé beó bocht go dtí a bhfuil le fíor-bheagán aimsire. Ná raibh ann ach gréasaidhe bocht i mbothán ag bun cnuic agus go bhfuil sé anois ar an bhfear is saidhbhre agus is neamh-spleághchaíghe i n-Éirinn. Do ghleusas láithreach congnamh fear chun imthighthe ceann ar aghaidh ó dheas sa Mhumhain chun beirthe ar Shéadna úd, nuair cé bhuailfeadh chúgainn isteach ach Cormac Báille anso agus é ar thóir na mbitheamhnach, agus allus air agus ceó bóthair a dhóithin. D’inis sé sin dúinn láithreach sgéal a bhí bun os cionn ar fad leis an sgéal eile. Dúbhairt sé linn go raibh togha na h-aithne aige féin ar Shéadna agus gur dhuine mhacánta é, agus gur bh’é a chuir an tóir i ndiaigh na mbitheamhnach, agus mura mbéadh é ná béarfaí i n-aon chor ortha. Cheapas féin an fear d’inis an chéad sgéal do chur os cómhair Chormaic, ach ní raibh tásg ná tuairisg air. Bhí sé imthighthe mar shloigfeadh an talamh é. Chuireas lucht cuardaigh ins gach ball tríd an gcathair. D’imthigheas féin sa chuardach leó, ach ní raibh aon mhaith dhúinn ann. Ní raibh sé le fághail thíos ná thuas. Is cuimhin liom, ámh,’ ar seisean, ‘go maith, go bhfeaca ag gabháil thorm sa tsráid, agus é ag siúbhal ar a shocaracht, duine d’uaislibh an rígh agus féasóg fhada liath go breagh bog sgáinneach air, díreach mar í seo,’ ar seisean, ag breith ar an sgraith a’ lámhaibh Shadhbh, ‘agus gruaig bhreagh throm mar í seo air, agus í siar síos leis ar a ghuailnibh ’n-a fáinníbh ag crith agus ag lúbarnaigh. Is lag a shíleas an uair sin go raibh an t-é a bhí uaim chómh h-achmair dom.’

“Ach ’sé crích an sgéil duit é, a Athair, gur cuarduigheadh tigh an duine uasail agus gur fuaradh ann éacht [ 199 ]ar fad d’airgead agus d’ór agus d’olmhaitheas. Agus go ndúbhairt an rígh nár bh’fholáir a cuid féin do thabhairt do Shadhbh ar a dhúbailt, agus a rogha d’á raibh ann de sheóidibh uaisle. Agus na capaill do ceannuigheadh ar an aonach agus gur díoladh an t-airgead bréagach asta, dúbhairt sé nár bh’fholáir iad do chuardach agus iad do chur thar n-ais sa Mhúmhain ag triall ar an muíntir go mba leó iad. Ansan do órduigh an rígh tigh Shíogaidhe do ghlanadh agus do shocarughadh agus do chur i dtreó, agus é thabhairt do Shadhbh, dá mba mhaith léi dul chun cómhnuighthe ann agus a h-athair do bhreith léi ann, mar go raibh comaoin mhór curtha aici air, comaoin níos mó ’ná chuir aoinne des na h-uaislibh a bhí ’na thímpal riamh air, cé gur mhór an iontaoibh a bhí aige asta agus gur ghairid a ngaol leis. Lar na mháireach an lae sin iseadh d’airigh Uilig de Búrc i dtaobh an chleamhnais. Isé a bhí ar siúbhal ag daoinibh ’ná go raibh Sadhbh agus Cormac le pósadh, agus go raghaidís chun cómhnuighthe sa tigh mhór agus ná raibh aon tseó ach a bhfuair Sadhbh de shaidhbhreas d’éaghmuis na sé gcéad.”

“Aililiú!” arsa Diarmuid. “Is éachtach an saoghal é! Cá bhfuil an t-é cheapfadh go bhfeicfí choídhche an bheirt sin i gcuing phósta!”

“An raghair go dtí an baile mór chun cómhnuighthe, a Dhiarmuid?” arsa Pádraig.

“Pé ball ’na raghaidh sé,” arsa ’n sagart, “ní dóich liom go dtiocfaidh aon ath-iompáil an turus so air.”

“Cathain a bhéidh tú féin ag dul síos go dtí an chathair, a Athair?” arsa Pádraig.

“Dhe, cad chuige, a Phádraig?” arsa ’n sagart.

“Dhe, cad chuige, a Athair, ach chun iad súd do phósadh! Dá mbéinn-se ad’ chás, a Athair, ní thabharfainn aon [ 200 ]chead do mhuíntir na catharach chun an phósta so dhéanamh murab ionan a’s pósadh Shíogaidhe.”

“Ní raibh aon iontaoibh riamh agam a’ pósadh Shíogaidhe,” arsa ’n sagart, “ná aon lorg agam air.”

“Deir Uilig,” arsa Pádraig, “go ndúbhairt an rígh go gcaithfeadh sé radharc fhághail ar Shéadna. Aon fhear chómh géar inntleacht leis gur mór an truagh gan é i bpost éigin, nó i ngnó éigin, ’na mbéadh tairbhe a inntleachta le fághail aige féin nó ag duine éigin eile. Dar leis, dá mbéadh fear de shaghas Shéadna aige mar cheann airm ní ruithfeadh chómh fada leis an Síogaidhe macánta.”

“Nach mór an iongnadh,” arsa ’n sagart, “nár inis Uilig de Búrc, nó duine éigin, do’n rígh, go bhfuil fear anso againn is géar-chúisíghe go mór ’ná Séadna féin, agus go raghadh nead cluthmhar i n-aice an rí chómh maith dhó agus do raghadh sé d’aoinne! Go mór mór ó ná fuil a dhá oiread airgid cheana aige agus a theastuighean uaidh, mar atá ag Séadna.”

“Ní réidhteóch’ an áit le m’ shláinte, a Athair,” arsa Pádraig. “Is ’mó duine n-a mbíon dithineas air chun dul i n-inead sheasgair i n-aice an rígh agus nach sia-de a shaoghal é nuair a gheibhean sé a thoil! ‘Is sleamhain iad leacacha an tíghe mhóir.’ Pé h-é Síogaidhe is dóich liom go dtuigean sé um an dtaca so nach ionan dul go tigh an rígh agus teacht as. Is maith liom go maith an rígh—–abhfad uaim. Go mbuaidh Dia agus Muire leis!”

“Am briathar, a Phádraig,” arsa Diarmuid, “gur dóich liom go bhfuil an ceart agat.”

“Agus dar nóin tá a fhios ag an saoghal, a Dhiarmuid,” arsa Pádraig, “go raghair-se síos go dtí an chathair chun cómhnuighthe sa tigh mór i dteannta Shadhbh [ 201 ]agus Chormaic chómh luath agus bhéidh an áit ollamh duit!”

“Am briathar, a Phádraig, nach é mo thuairim go raghad. Is dóich liom gur b’ é rud a dhéanfad ’ná fanamhaint sa tseana nid seo, mar atá agam. Pé mór breagh é tigh an tSíogaidhe ní dóich liom go raghad ag cur isteach ortha ann. B’ fhéidir, dáltha thíghe an rígh, gur bh’ usa dul ann ’ná teacht as. B’ fhéidir gur bh’ usa fanamhaint as ’ná aon taobh acu. Fanfad-sa mar a bhfuilim, anso imeasg na gcómharsan sa n-áit ’na bhfuil mo shaoghal caithte agam, sa n-áit ’nar chaith m’athair a shaoghal, agus mo shean-athair, agus ní fheadar an ’mó athair rómpa.”

“Ní deirim ’ná gur maith an chómhairle ar a bhfuil socair agat, a Dhiarmuid,” arsa ’n sagart.

Caibidiol 23