Page:Seadna.djvu/200

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
193
SÉADNA

ceannuighthe aige, agus d’iar sé orm trí chéad púnt do thabhairt dó ad’ ainim-se, a rígh, agus thugas dó é. Is ar éigin a bhí sé tabhartha dhó agam nuair a fuair Séadna amach gur bhitheamhnach é agus a chuir sé Cormac ’na dhiaigh. Ach do theip ar Chormac teacht suas leis. Agus dar ndóich ní h-iongnadh gur theip agus é anso istigh go seasgair agus gruaig fhada liath air agus féasóg fhada liath. Feuch air sin!’

‘Go réidh, a ’nghean ó,’ arsa ’n rígh. ‘Cé h-é Cormac?’

‘An báille atá againn, a rígh,’ ar sise.

‘Cá bhfuil sé anois?’ arsa ’n rígh.

‘Tá sé amuich ag an ngeata, a rígh,’ ar sise.

‘Tugtar isteach é,’ arsa ’n rígh.

“Do tugadh isteach é. Agus go deimhin, a Athair, deir Uilig de Búrc, dá mba ná béadh agat ach aon gháire amháin go ndéanfá é dá bhfeicfeá an dá shúil a tháinig do Chormac agus an iongnadh agus an alltacht agus an t-uathbhás a tháinig air, nuair a chonaic sé Sadhbh ar a glúinibh os cómhair an rígh agus an sgraith gruaige agus féasóige úd ’na lámhaibh aici agus a clóca laistiar dí ar an úrlár, agus an fear a bhí ag siúbhal an aonaigh léi, ansúd thuas gabhtha, agus fear na tuagha ’na sheasamh laistiar dé, ollamh ar a cheann do sgoltadh leis an dtuaigh dá gcuireadh sé cor dé.

‘A bháille,’ arsa ’n rígh, ‘cé h-é sin?’

‘Siné, a rígh,’ arsa Cormac, ‘an fear cheannuigh na capaill ar aonach an Tobair sa Mhumhain agus do dhíol an t-airgead bréagach asta. Bhí ceathrar acu ann, agus do rugadh ar thriúr acu. Ach do theip orainn teacht suas leis seo. Agus ní deirim go bhfuil aon chúinne sa chathair seo, ’ná is dócha i n-Éirinn, gan daoine anois ann ar a lorg. Ní mór sgéala do chur amach