Page:Seadna.djvu/199

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
195
SÉADNA

“Bhí Sadhbh ag tabhairt na rudaí sin go léir fé ndeara agus í ag gabháil an t-úrlár suas fá dhéin an rígh. Nuair a bhí sí i ngoireacht chúig slata, nó mar sin, dó, do stad sí.

‘Druid tamall eile ainíos, a ’nghean ó,’ arsa ’n rígh. Níor chuir sí cor dí.

‘Druid ainíos. Ná bíodh ceist ort,’ arsa ’n rígh.

‘Druid suas. Ní’l aon rud le h-imtheacht ort,’ arsa fear na tuagha léi, i gcogar.

“Níor dhéin sí aon bhlúire amháin ach a clóca do sgaoileadh siar síos di agus dul de léim i bhféasóig an fhir mhóir a bhí ar láimh chlé an rígh agus díriughadh ar an bhféasóig do stathadh, fé mar a dhéin sí le fear an bhramaigh oídhche an aonaigh. An darna tarang d’ar bhain sí as an bhféasóig do ghluais léi, i n-aon sgraith amháin, idir fhéasóg agus gruaig agus fúnsa óir, agus cia bhéadh ann ’na steilibheathaigh aici ach an Síogaidhe macánta!

‘Airiú, a bhitheamhnaigh na croiche duibhe!’ ar sise, ‘sín chúgam amach anso láithreach mo chuid airgid a mheallais uaim i n-ainim an rígh.’

“Ar neómat na baise bhí fiche lámh ós a gcionn agus claidheamh lomrachta ins gach láimh díobh.

‘Ná buailtear é,’ arsa ’n rígh. ‘Gabhthar é,’ ar seisean. ‘Cad as duit-se, a ’nghean ó?’ arsan rígh.

“Do chaith sí í féin ar a dhá glúin os cómhair an rígh.

‘Ó’n Múmhain, a rígh,’ ar sise, ‘agus do tháinig an fear san an lá fé dheire go tigh m’athar, agus dúbhairt sé go raibh sé ag ceannach capall duit-se, a rígh, agus do cheannuigh sé a raibh de chapaillibh ar an aonach an lá san, agus do dhíol sé airgead bréagach asta, agus thaisbeáin sé dhómh-sa t’fháinne-se, a rígh, agus dúbhairt sé ná raibh a dhóithin airgid aige chun díol as a raibh