Page:Seadna.djvu/198

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
194
SÉADNA

dhathamhla dob’ ea iad, agus clócaí síoda ortha agus slabhraí óir ortha agus búclaí óir ’na mbrógaibh, agus a chlaidheamh le n-a ais ag gach fear díobh. Ar a h-aghaidh suas do chonaic sí aon fhear amháin agus ba mhó agus ba chumasaíghe agus ba dhathamhla é ná aon fhear eile d’á raibh ann. Bhí coróinn óir ar a cheann agus mar bhéadh adharca beaga anáirde aisti mór-thímpal. Ar bárr gach adhaircín acu san do bhí bulla beag óir, agus istigh i lár gach bulla bhig bhí solas éigin ar lasadh agus ar crith, mar bhéadh réiltín, oídhche sheaca. Bhí clóca dearg air, chómh dearg leis an gclóca a bhí ar Shadhbh féin lá an aonaigh, nó b’fhéidir níos deirge. Bhí a shlat ríogdha ’na láimh dheis aige agus bhí sé ’na shuídhe ar chathaoir mhór árd gur dhóich leat go raibh an uile bhlúire dhí déanta d’ór chasta. Nuair a chonaic Sadhbh é bhí a fhios aici gur bh’é an rígh é. Ach ní raibh sgáth ’ná eagla uirthi roimhe, mar ní feuchaint chruaidh choímhtheach a bhí aige, ach feuchaint bhreagh bhog réidh dhuineanda. Bhí an chathaoir ríogdha féin anáirde ar láithreán a bhí mar adéarfá leath-troigh níos aoirde ’ná an chuid eile de’n úrlár. Bhí dhá chathaoir eile ann, cathaoir acu ar gach taobh de’n láithreán, anuas ar an dtalamh, agus bhí beirt uaisle ’na suídhe ortha. Fir chríona liatha dob’ eadh iad. An fear acu a bhí ar dheis an rígh, bhí gruaig fhada liath air, agus í siar síos leis, ar a shlinneánaibh, agus bhi féasóg fhada liath air, síos ar a bhrághaid agus ar a bhrollach. Bhí clóca uaithne air agus bhí cláirseach mhór ’na seasamh i n-a aice. An fear acu a bhí ar an dtaobh eile de’n rígh bhí gruaig fhada liath air leis, agus bhí fúnsa óir ar a cheann, ag coimeád na gruaige siar d’á éadan, agus bhí féasóg fhada liath air, díreach mar a bhí ar fhear na cláirsighe. Ach ba thruime agus ba mhó d’fhear é go mór ná fear na cláirsighe.