láithreach go bhfuil beirthe air agus gan fir bhochta do bheith ’ghá marbhadh féin níos sia ag ruith ’na dhiaigh, agus gan é ann le fághail.’
“‘Go réidh, a bháille,’ arsa ’n rígh, ‘ní deirim ná go bhfuil iaracht de dhearmhad ort.’
“‘Ó, ní’l, a rígh,’ arsa Cormac.
“‘Measaim,’ arsa ’n rígh, ‘go bhfuil, mar ní h-ort ata an t-aer agus an talamh do choimeád gan tuitim ar a chéile.’
“Do gháireadar na h-uaisle go léir. D’fheuch Cormac ’na thímpal ortha agus do leath a bhéal air agus tháinig bior ar a shúilibh, mar ní fheidir sé cad do chuir ag gáirídhe iad.
“Ansan do ghlaoidh an rígh chuige ar Shadhbh agus cheistigh sé í agus bhailigh sé uaithi fios bunús an sgéil ó thusach go deireadh, idir chleamhnas agus geallamhaint phósta agus iasacht airgid agus uile. Agus Síogaidhe ansúd gabhtha ag éisteacht leó agus fear na tuagha laistiar dé.
“Nuair bhí a sgéal críochnuighthe ag Sadhbh do tharaing sí as a póca cuid de’n airgead bhréagach agus thug sí do’n rígh é. D’fheuch sé air go géar. Ansan do ghlaoidh sé ar cheann airm na cathrach a bhí ’na sheasamh thíos ag an ndorus. Tháinig sé ainíos.
“‘Conus do thárla,’ arsa ’n rígh, ‘gur rugadh ar thriúr acu agus gur imthigh an ceathramhadh duine?’
“‘Siné bhí a’m dhalladh, a rígh,’ ar seisean. ‘Ach tuigim anois é. Siné ansan,’ ar seisean, ag síneadh a mhéire chun Síogaidhe, ‘an fear a dhearbhuigh ar an dtriúr.’ Do ghluais osna chléibh ó n-a raibh láithreach nuair dh’airigheadar an méid sin. ‘Do dhearbhuigh sé leis,’ arsa ’n ceann airm, ‘gur bh’é duine a bhí ag déanamh an airgid bhréagaigh ’ná fear a chómhnuighean sa Mhúmhain