gurab ainim dó Séadna, agus gur bh’é do cheannuigh na capaill ar an aonach ad’ ainim-se, a rígh. Agus d’á chómhartha san féin go raibh sé beó bocht go dtí a bhfuil le fíor-bheagán aimsire. Ná raibh ann ach gréasaidhe bocht i mbothán ag bun cnuic agus go bhfuil sé anois ar an bhfear is saidhbhre agus is neamh-spleághchaíghe i n-Éirinn. Do ghleusas láithreach congnamh fear chun imthighthe ceann ar aghaidh ó dheas sa Mhumhain chun beirthe ar Shéadna úd, nuair cé bhuailfeadh chúgainn isteach ach Cormac Báille anso agus é ar thóir na mbitheamhnach, agus allus air agus ceó bóthair a dhóithin. D’inis sé sin dúinn láithreach sgéal a bhí bun os cionn ar fad leis an sgéal eile. Dúbhairt sé linn go raibh togha na h-aithne aige féin ar Shéadna agus gur dhuine mhacánta é, agus gur bh’é a chuir an tóir i ndiaigh na mbitheamhnach, agus mura mbéadh é ná béarfaí i n-aon chor ortha. Cheapas féin an fear d’inis an chéad sgéal do chur os cómhair Chormaic, ach ní raibh tásg ná tuairisg air. Bhí sé imthighthe mar shloigfeadh an talamh é. Chuireas lucht cuardaigh ins gach ball tríd an gcathair. D’imthigheas féin sa chuardach leó, ach ní raibh aon mhaith dhúinn ann. Ní raibh sé le fághail thíos ná thuas. Is cuimhin liom, ámh,’ ar seisean, ‘go maith, go bhfeaca ag gabháil thorm sa tsráid, agus é ag siúbhal ar a shocaracht, duine d’uaislibh an rígh agus féasóg fhada liath go breagh bog sgáinneach air, díreach mar í seo,’ ar seisean, ag breith ar an sgraith a’ lámhaibh Shadhbh, ‘agus gruaig bhreagh throm mar í seo air, agus í siar síos leis ar a ghuailnibh ’n-a fáinníbh ag crith agus ag lúbarnaigh. Is lag a shíleas an uair sin go raibh an t-é a bhí uaim chómh h-achmair dom.’
“Ach ’sé crích an sgéil duit é, a Athair, gur cuarduigheadh tigh an duine uasail agus gur fuaradh ann éacht