Jump to content

Page:Seadna.djvu/203

From Wikisource
This page has been validated.
199
SÉADNA

ar fad d’airgead agus d’ór agus d’olmhaitheas. Agus go ndúbhairt an rígh nár bh’fholáir a cuid féin do thabhairt do Shadhbh ar a dhúbailt, agus a rogha d’á raibh ann de sheóidibh uaisle. Agus na capaill do ceannuigheadh ar an aonach agus gur díoladh an t-airgead bréagach asta, dúbhairt sé nár bh’fholáir iad do chuardach agus iad do chur thar n-ais sa Mhúmhain ag triall ar an muíntir go mba leó iad. Ansan do órduigh an rígh tigh Shíogaidhe do ghlanadh agus do shocarughadh agus do chur i dtreó, agus é thabhairt do Shadhbh, dá mba mhaith léi dul chun cómhnuighthe ann agus a h-athair do bhreith léi ann, mar go raibh comaoin mhór curtha aici air, comaoin níos mó ’ná chuir aoinne des na h-uaislibh a bhí ’na thímpal riamh air, cé gur mhór an iontaoibh a bhí aige asta agus gur ghairid a ngaol leis. Lar na mháireach an lae sin iseadh d’airigh Uilig de Búrc i dtaobh an chleamhnais. Isé a bhí ar siúbhal ag daoinibh ’ná go raibh Sadhbh agus Cormac le pósadh, agus go raghaidís chun cómhnuighthe sa tigh mhór agus ná raibh aon tseó ach a bhfuair Sadhbh de shaidhbhreas d’éaghmuis na sé gcéad.”

“Aililiú!” arsa Diarmuid. “Is éachtach an saoghal é! Cá bhfuil an t-é cheapfadh go bhfeicfí choídhche an bheirt sin i gcuing phósta!”

“An raghair go dtí an baile mór chun cómhnuighthe, a Dhiarmuid?” arsa Pádraig.

“Pé ball ’na raghaidh sé,” arsa ’n sagart, “ní dóich liom go dtiocfaidh aon ath-iompáil an turus so air.”

“Cathain a bhéidh tú féin ag dul síos go dtí an chathair, a Athair?” arsa Pádraig.

“Dhe, cad chuige, a Phádraig?” arsa ’n sagart.

“Dhe, cad chuige, a Athair, ach chun iad súd do phósadh! Dá mbéinn-se ad’ chás, a Athair, ní thabharfainn aon