Séadna/22
Fear géagach slinneánach, buídhe, dob’ eadh an tíncéir mór. Fear lom láidir. Bhí iaracht de rian na bolgaighe ann, agus ní raibh puínn féasóige air. Bhí sé iaracht bolg-shúileach. Bhí sé fadshrónach, faidleicneach, deagh-chúmtha ’na bheul agus ’na chorán. Bhíodh fáilte ins gach cuideachtain roimis mar ní bhíodh sé choídhche ach ag déanamh spóirt agus suilt agus caitheamh aimsire d’á mbíodh láithreach.
Bhuail sé chúca isteach agus ní túisge chonaic sé an sagart ’ná a tharaing sé siar beagán. Do shnap sé an cáibín d’á cheann agus do nocht sé an t-éadan buídhe maol a bhí air. Agus is air a bhí an multachán mór cinn agus é go cíordhubh agus go cas.
“Déin ar t’ aghaidh, a Phádraig, a mhic ó,” arsa ’n sagart, agus é ag gáirídhe. “Ní baoghal duit,” ar seisean. “B’fhéidir,” ar seisean, “go bhféadfá-sa tuairisg éigin do thabhairt dúinn i dtaobh an ráfla so atá ar siúbhal tímpal Shadhbh Dhiarmuda agus Chormaic Báille.”
“Fágaim le h-uadhacht, a Athair,” arsa ’n tíncéir, “gurab shiné díreach a thug anso anois mé, agus gur lag a shíleas go mbéadh tusach agat’ onóir orm. Ní fearr bheith ag caint air, ’sé mo thuairim láidir ná féadfadh spideóg iasachta teacht isteach sa pharóiste a gan fhios duit.”
“D’á ghéire beirt againn, a Phádraig,” arsa ’n sagart, “ní gádh dhúinn bheith ró mhaoidhmhteach. Bhain Murainn tusach díom-sa féin agus ba ró dhóbair dí ath iompáil do chur ar an nduine mbocht so le n-a cuid [ 188 ]salmaireachta agus le n-a cuid gliúmála. Dúbhairt sí go raibh cearc ag glaodhach sa tigh seo, agus dúbhairt sí gur bhuail droch theangbhálaidhe uim Shadhbh. Agus an bhfuil a fhios agat cad dúbhairt sí leis? Dúbhairt sí gur ó Chúig Uladh í féin agus gurab amhlaidh do cuireadh a-dtuaidh ar fad í chun Sadhbh do chosaint ar a h-eascáirdibh. Bhíos féin ag gabháil anall feuchaint conus bhí sé seo ag teacht chun cinn nuair a bhuail teachtaire umam ’ghá rádh liom go raibh eagal ar na cómharsain go raibh ath-iompáil ag teacht air. Do bhí iongnadh orm cad do chuirfeadh an ath-iompáil air go dtí gur inis sé dhom go raibh sí siúd ag caint leis. Is dócha nár thug sí uain di féin ar iomláine an sgéil do thabhairt léi, le h-eagla ná béadh tusach aici agus gur lúgh-de an síntiús do gheabhadh sí é. Is dóich liom go bhfuair sí síntiús uaidh ach ní raibh puínn aici le h-innsint dó, agus an méid a bhí, níor dhéin sé ach aigne an duine bhoicht do chur tré chéile níos mó, agus buairt a dhóithin cheana air.”
“Agus nach mór an iongnadh nár aithnighis í, a Dhiarmuid,” arsa ’n tíncéir.
“D’airigheas teacht tháirsi go minic, ach ní fheaca riamh roimhe sin í, agus ní h-uirthi bhíos ag cuimhneamh, nídh nach iongnadh, ach ar mo leanbh,” arsa Diarmuid.
“Cad é an sórd innsinte d’airighis-se ar an ráfla so, a Phádraig?” arsa ’n sagart. “Nó an bhfuil aon bhunús leis?”
“Ambasa, a Athair,” arsa Pádraig, “ní fhéadfadh bunús níob’ fhearr a bheith leis. Ní ráfla ná sgéal sgéil é, ach fírinne ghlan. An cairéir, Uilig de Búrc, isé d’inis dómh-sa é. Cormac féin isé d’inis dó-san é. Is dóich leis go bhfuil Cormac agus Sadhbh pósta um an dtaca so. Deir Cormac gurab é an rígh féin do dhéin an cleamhnas.” [ 189 ]“’Gcloistí!” arsa Diarmuid.
“Deirim leat ná fuil aon fhocal bréige ann,” arsa Pádraig. “Ó’n lá do rugadh mé níor airigheas a leithéid d’eachtra. Bhí a fhios ag Cormac Sadhbh do bheith imthighthe as baile. Do lean sé ar muin capaill í. Bhí a fhios aige í bheith ’na cuis agus bíodh go raibh sí raint aimsire ar an mbóthar sul ar ghluais sé, cheap sé nár bhaoghal ’ná go dtiocfadh sé suas léi sul a sroisfeadh sí an chathair. Bhí sé ag cur a tuairisg’ agus ag tabhairt a cómharthaí uaidh fan bhóthair ar feadh abhfad, agus mar sin do choimeád sé ar feadh abhfad an bóthar do lean sise agus ba bheag ná go raibh a fhios aige cad é an fhaid roimis amach a bhí sí. Fé dheire do cuireadh i n-iúil dó gur ghaibh sí dhá bhóthar. Chuir san amúgh’ é, agus isé rud a dhéin sé ansan ’ná déanamh ceann ar aghaidh ar an gcathair. Bhí a fhios aige go mbéadh sé sa chathair roímpi, agus do bhí. Bhí aithne sa chathair air. Do bhí aithne mhaith ag muíntir an righ air. Chuir sé lucht airm amach láithreach ar na bóithribh a-ndeas, agus thug sé cómharthaí Shadhbh dóibh. Ba ghearr go bhfeacadar ag teacht í, ar a cromruathar agus caipín a clóca ar a ceann aici. Chuireadar iad féin i n-iúil di, ach ní raibh aon mhaith dhóibh ann go dtí gur thugadar an cómhartha cruinn di. Dubhradar léi gur bh’é Cormac Báille do chuir fé n-a déin iad agus ‘d’á chómhartha san féin’ gur bh’í Pails bhodhar an t-aoinne amháin a chonaic í ag fágáilt an bhaile. Shásaimh san í.
“Nuair fhiafraigh Cormac di cad a thug í, dúbhairt sí leis gur theastaigh uaithi dul chun cainte leis an rígh agus go gcaithfeadh sí ceart d’fhághail uaidh.
“‘Cad ’tá ag an rígh le déanamh dhuit?’ arsa Cormac.
“‘Tá,’ ar sise, ‘breith ar an mbitheamhnach a rug mo [ 190 ]chuid airgid uaim, agus an t-airgead do bhaint dé agus do thabhairt tar n-ais dom. Cad é an tairbhe dhúinn rígh do bheith againn, agus a lucht airm ’na thímpal, mura bhféadaidh sé sinn do chosaint ar bhitheamhnachaibh?’ ar sise. ‘Is i n-ainim an rígh do rugadh mo chuid uaim,’ ar sise, ‘agus ní rachaidh sé gan innsint dó. Ní’l ionam ach anam aoinne amháin,’ ar sise, ‘ach dá mbéadh anam agus fiche ionam d’imireóchainn leis siúd iad níos túisge ná a leigfinn i n-aisge leis an bheart chaillte do dhéin sé. Sloigfidh an talamh é nó tiocfad-sa suas leis, agus nuair a thiocfad geallaim dhuit go gcuirfead cathúghadh air nár sgaoil sé thairis mé. Is i n-ainim an rígh do rug sé mo chuid uaim. Is ó’n rígh atá sásamh le fághail agam, nó ní rígh é. Má creachadh mé i n-ainim an rígh nach é is lúgha is gann do’n rígh cead agus congnamh agus caoi do thabhairt dom ar an mbitheamhnach d’leanmhaint agus d’fhiadhach chun go mbeiread air? Ní fhágfad poll ná póirse i n-Éirinn gan cuardach dó. Beir i láthair an rígh mé,’ ar sise. ‘Beir i láthair an rígh mé nó rachad féin ’na láthair ar shlígh éigin.’
“B’éigean do Chormac a slígh féin do thabhairt di. Ní dóich liom go raibh aon chur ’na choinnibh aige. Bhí sé ag tarang uisge chun a mhuilinn féin sa ghnó. Bhí a fhios aige pé duine bhéarfadh ar an mbitheamhnach agus thabharfadh chun lámha é go mbéadh a thuarasdal dó go maith as. Agus bhí a fhios aige ná féadfadh aoinne congnamh níob’ fhearr do bheith aige chun na h-oibre ’ná congnamh Shadhbh, an fhaid a bhí an fuadar úd fúithi. Thug sé cead a cinn di.
“‘Béarfad-sa i láthair an rígh thú,’ ar seisean, ‘ach seachain agus ná déin aon rud a chuirfeadh i bpúnc mé. Is minic d’airighis an sean-fhocal, “Ní h-ionan dul go tigh an rígh agus teacht as;” agus, “gur [ 191 ]sleamhain iad leacacha an tíghe mhóir.” Is maith an dá shean-fhocal iad agus is mairg ná coimeádfadh i n-a aigne iad go cruinn.’
“‘Ní baoghal duit,’ ar sise. ‘Ní’l uaim ach go gcurfaí mé am’ sheasamh i láthair an rígh agus go dtabharfaí cead cainte dhom. Ní’l agam le rádh leis ach go dtáinig duine uasal go tigh m’athar sa Mhumhain; gur thaisbeáin sé fáinne an rígh dhom. Gur leig sé air gur ag ceannach capall do’n rígh a bhí sé; gur cheannuigh sé iad i n-ainim an rígh; gur leig sé air liom-sa ná raibh oiread airgid aige agus a dhíolfadh as a raibh ceannuighthe aige agus dá dtugainn-se trí chéad púnt ar iasacht dó, i n-ainim an rígh, ar feadh raint laetheanta go mbéadh comaoin agam d’á chur ar an rígh agus ná rachadh san gan innsint dó, gur thugas mo thrí chéad púnt do’n duine uasal san i n-ainim an rígh; gur fhág san mé féin agus m’ athair beó bocht, mura bhfuil sé ar chumas an rígh leigheas do dhéanamh ar an olc do déineadh i n-a ainim.’
“‘Tá go maith,’ arsa Cormac, ‘ná h-inis d’aoinne beó an nídh seo atá ar aigne agat. Nuair a bhéidh do sgéal innste agat abair leis an rígh go n-aithneóchthá an Síogaidhe dá bhfaghthá radharc air, agus dá mb’ é toil a onóra congnamh fear do chur leat go raghfá ar a lorg agus go dtabharfá chun lámha é.’
“‘D’aithneóchainn ceann an chuirpthigh,’ ar sise, ‘dá mbéadh sé ar feadh cheithre h-uaire fichid d’á bheiriughadh i gcorcán praisge, agus bainfead-sa an forcamás de, geallaim dhuit é.’
“D’imthigh Cormac agus fuair sé lóisdín di. D’imthigh sé ansan agus do labhair sé leis an bhfear a bhí ’na cheann ar theaghlach an rígh. Bhí aithne aige ortha go léir. [ 192 ]“‘Tá óigbhean anso ó’n Múmhain,’ ar seisean, ‘agus deir sí gur rug duine éigin trí chéad púnt uaithi, agus nach féidir léi teacht suas leis, agus go dtáinig sí chun gearáin do chur isteach air, i láthair an rígh.’
“‘Is deacair do’n rígh teacht suas leó go léir,’ arsa ’n ceann. ‘Tá fiadhach ar fuid na h-Éirean,’ ar seisean, ‘le breis agus trí seachtmhaine, ar bhitheamhnach éigin eile agus is dóich liom gur sa Mhúmhain a dhéin sé pé coir atá déanta aige. Támaoid cráidhte, céasda, ciapaithe, ag Muímhneachaibh.’
“Níor labhair Cormac drud.
“‘Cathain a theastuighean uaithi labhairt leis an rígh?’ arsa ’n ceann.
“‘Pé tráth do cheapfadh an rígh féin,’ arsa Cormac, agus do shleamhnuigh sé píosa óir isteach i láimh an chinn.
“‘Fan ansan go fóil,” arsa ’n ceann, agus d’imthigh se. Ba ghearr gur fhill sé. ‘Bíodh sí anso um eadarthra amáireach,’ ar seisean, ‘agus gheabhaidh sí ceart. Tá ceart le fághail anso ag íseal agus ag uasal. Bíodh sí anso amáireach um eadarthra agus fág an chuid eile fúm-sa.”