Page:Seadna.djvu/206

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
202
SÉADNA
CAIBIDIOL A CEATHAIR A’S FICHE.

Fé cheann seachtmhaine bhí árd ghleó sa tsráid bheag. Thánadar lucht airm an rígh agus an fear cinn riain os a gcionn, agus iad ar a gcapaillibh, agus clóca síoda ar gach fear díobh. Claidheamh gach fir ar sileadh síos le maoitheán a chapaill, agus sleagh bhreagh fhada ’na seasamh anáirde i láimh gach fir, agus fir agus mná agus aos óg na sráide ag brúth ar a chéile a d’iaraidh radharc fhághail ortha.

Bhí Sadhbh i n-aonfheacht leó agus Cormac, agus iad istigh i gcóisde bhreagh, agus dhá chapall de chapaillibh an rígh ag tarang an chóisde. Bhí clóca dearg ar Shadhbh, clóca ba dheirge go mór, agus ba bhreaghtha, ’ná an clóca a bhí uirthi an lá úd an aonaigh. An clóca dubh úd a bhí uirthi an mhaidion a chonaic Pails ag imtheacht í, is dócha go raibh sé i bhfolach aici. Bhí slabhra óir ar a muineál, agus e chómh trom chómh téagartha, ba dhóich leat, le réidhtheach trucaile. Bhí fáinní móra óir ar a méireanaibh agus búclaí óir ’na brógaibh. Ní caipín a bhí ar an gclóca ach cába, agus mór-thímpal le fabhra an chába, agus ag luíghe anuas ar a slinneánaibh, bhí sraith de shiogairlíníbh óir go raibh órlach go leith ar faid i ngach siogairlín acu, agus iad ag crith agus ag taithneamh agus ag spréacharnaigh fé sholus na gréine le gach cor d’á gcuireadh an cóisde dhé. I mbrollach an chlóca, fé n-a brághaid, bhí cnaipe óir a bhí chómh mór le píosa coróinneach. Síos lasmuich le h-imeal an chlóca agus mór-thímpal leis an iachtar aige, bhí fabhra d’éadach snáth-óir a bhí dhá órlach go maith ar leithead, agus é go greanta agus go solusmhar, gur dhóigh leat gur shíog