Page:Seadna.djvu/214

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
210
SÉADNA
CAIBIDIOL A CÚIG A’S FICHE.

Um an dtaca san bhí muíntir an rígh tar éis túirliocan d’á gcapaillibh ar pháirc an aonaigh. D’éaghmuis na gcapall a bhí acu féin chun marcaidheachta, bhí tréad mór eile capall acu d’á dtiomáint, agus giollaí ’na mbun. B’ shiniad na capaill a bhí le tabhairt tar n-ais do na daoinibh gur ceannuigheadh uatha iad an lá úd an aonaigh, agus gur tugadh an t-airgead bréagach dóibh asta i n-ainim an rígh. Bhí muíntir na sráide bailighthe ar an gclaidh, mór-thímpal na páirce, agus bolgshúilí ortha, ag feuchaint ar fhearaibh an rígh, agus ar na clócaíbh síoda, agus ar na caipíníbh cogaidh, agus ar na claidhmhtibh móra fada a bhí acu, agus ar na claidhmhtibh beaga, agus ar na gathanaibh breaghtha sleamhne fada a bhí ’na seasamh anáirde, agus ar na ribíníbh a bhí asta thuas ag rinnce leis an ngaoith. Ach níor leig fir an rígh ortha gur bh’ aon iongnadh leó aon nídh d’á raibh ann. Níor dhéineadar aon iongnadh díobh féin ná d’ aoinne eile.

Bhí muíntir na tuatha ag teacht, na nduine ’s ’na nduine, mar do cuireadh sgéala chúca sa tímpal, aoinne gur ceannuigheadh capall uaidh do’n rígh agus gur tugadh airgead bréagach dó mar dhíoluigheacht ann, ná raibh aige ach teacht go dtí páirc an aonaigh an lá san agus go raibh a chapall le fághail aige, dá n-aithnigheadh sé é, ach go ndéanfadh duine creideamhnach éigin urúdhas air.

Thánadar go léir. Níor bhaoghal go dtiocfadh aoinne agus go leigfeadh sé air capall a bheith imthighthe uaidh. Bhí aithne ró mhaith acu go léir ar a chéile. D’aithneóchfí an cleas san láithreach. Go mór mór, ní fhéadfadh duine de’n tsórd san fear a fhághail a dhéanfadh an t-