Page:Seadna.djvu/215

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
211
SÉADNA

urúdhas air. Tháinig fear an bhramaigh, agus tháinig Seághan Ceatach ag déanamh an urúdhais air. Bhí sé nach mór ar an gcéad duine a fuair a chuid. Sul ar tugadh a chapall féin d’aoinne do deineadh socarughadh áirighthe. Do h-órduigheadh gan aoinne de’n mhuíntir n-a mbéadh a gcapaill fághalta acu d’imtheacht ó’n bpáirc go dtí go mbéadh an capall déanach tabhartha amach agus an fear déanach sásta. Isé cúis gur deineadh an t-órdughadh san ’ná le h-eagla go ndéanfaí aon dearmhad i raint na gcapall agus, chun an dearmhaid do leigheas, nár bh’ fholáir na capaill go léir agus na h-éilteóirí go léir a bheith ar aon láthair.

Bhí daoine creideamhnacha a ndóithin ag na h-éilteóiríbh chun na n-urúdhas a dhéanamh. Bhí an sagart ann agus urúdhas aige d’á dhéanamh ar mhórsheisear i n-aonfheacht. Bhí Cormac ann, mar bhí an sagart imthighthe ó’n dtígh roimis agus do lean sé é. Bhí Diarmuid ann, mar ní bhéadh Sadhbh sásta gan é theacht amach go bhfeicfeadh sé muíntir an rígh agus áilneacht a n-órnáidí agus méid a ngradaim. Bhí Séadna ann mar bhí an uile dhuine des na h-éilteóiríbh ’ghá iaraidh air an t-urúdhas a dhéanamh air féin, pé ’cu bhí urúdhas déanta ar dhuine eile aige nó ná raibh.

Do glaodhadh na h-éilteóirí agus na h-uraídhe suas i láthair an chinn airm. Bhí fear an bhramaigh ar tusach. Chonaic sé an bramach, abhfad sul ar glaodhadh air, agus d’aithin sé é. Chonaic fear eile leis an bramach agus cheap sé gur leis féin é. Nuair a glaodhadh ar éilteóir an bhramaigh phreab an bheirt éilteóirí suas.

“Is liom-sa é,” arsa duine acu.

“Ní leat ach liom-sa,” arsa ’n fear eile.

D’fheuch an ceann airm ar na h-uraídhibh. Ní fheidir aoinne cad ba cheart a dhéanamh. Do labhair Séadna.