CAIBIDIOL XVI.
I NDIAIĠ AN ĊAṪA.
Nuair a ṫáinig Niaṁ agus an ṁuintir a ḃí le n-a cois go dtí an longṗort, agus corp Ċonnla acu, ḃí Donċaḋ, mac Ḃriain, tagaiṫe ṫar n-ais ó Ċúige Laiġean agus mórán creaċ aige. Ḃí iongnaḋ ar Ḋonċaḋ nuair a fuair sé go raḃṫas tar éis an ṁóir-ċaṫa do ṫroid. Ḃí iongnaḋ, leis, air féin agus ar gaċ fear des na fearaiḃ a ḃí i n-aonḟeaċt leis, mar ġeall ar ḋéine an ċaṫa agus ar ṁéid an áir ar gaċ taoḃ. D'ḟiafraiġ sé conus a ṫárla gur deineaḋ a leiṫéid de ḋísgiuġaḋ ar Ḋál gCais agus ar na Conaċtaiġ agus ar na Muíṁneaċaiḃ, agus M'lṡeaċlainn Mór agus a ṡluaġ ḃeag do ḋul as ċóṁ maiṫ.
Do h-innseaḋ dó conus mar a ṫaraing M'lṡeaċlainn agus a ḋeiċ gcéad siar ó'n gcaṫ i dtusaċ an lae agus conus mar a ċuireadar an ṗáirc ṫreaḃṫa idir iad agus an caṫ. Aċ do h-innseaḋ dó conus mar a ḋeineadar rud maiṫ um ṫráṫnóna, gur ġluaiseadar ar ṫóir na Loċlanaċ, agus mura mbéaḋ iad go mb' ḟéidir ná brisfí an caṫ ar na Loċlanaiġ ċóṁ h-iomlán agus a deineaḋ. Pé'r doṁan é ná curfaí ar na Loċlanaiġ an t-ár a cuireaḋ orṫa mura mbéaḋ M'lṡeaċlainn agus a ḋeiċ gcéad.
“Ar ġluais sé ar ṫóir na Loċlanaċ,” arsa Donċaḋ, “sar a' raiḃ ḟios aige go raiḃ m' aṫair marḃ?”
Níor ḟéad aoinne an ċeist sin do ḟreagairt dó.
Ḃí sé i n-aigne gaċ aoinne, áṁṫaċ, lasmuiċ de'n méid a ḃí beó de Ḋál gCais, gur ḃ' é M'lṡeaċlainn Mór a ḃéaḋ i n' Árdríġ ar Éirinn i ndiaiġ Ḃriain.
D' oibriġ M'lṡeaċlainn agus Donċaḋ, agus na h-uaisle eile, a' láiṁ a ċéile, go dtí go raiḃ gaċ aon rud déanta [ 341 ]ċun na marḃ a ḋ' aḋlacaḋ mar ba ċóir, agus go dtí go raiḃ corp Ḃriain taḃarṫa suas do'n ċléir le breiṫ óṫuaiḋ go h-Árdṁaċa.
Nuair a ḃí corp Ḃriain taḃarṫa do'n ċléir do laḃair Caoilte.
“Ḃí Murċaḋ le h-ais Ḃriain,” ar seisean, “ins gaċ caṫ d'ár ṫroid sé riaṁ ó ċaṫ Ḃealaiġ Leaċta go caṫ Ġleanna Ṁáma. Is le láiṁ Ṁurċaḋ do ṫuit laoċra agus uaisle Loċlan agus Laiġean i gcaṫ an lae indé. Ní ceart Murċaḋ agus Brian do ḋeiġilt ó ċéile anois!”
Do tugaḋ corp Ṁurċaḋ do'n ċléir le breiṫ óṫuaiḋ go h-Árdṁaċa i n-aonḟeaċt le corp Ḃriain.
Ansan do laḃair Niaṁ.
“Tá sé ċóṁ ceart,” ar sise, “gan a ṁac do ċoimeád ó Ṁurċaḋ agus atá sé gan a ṁac do ċoimeád ó Ḃrian.”
Níor gáḋ ḋi a ṫuille cainte ḋéanaṁ. Do tugaḋ Connla do'n ċléir agus do rugaḋ óṫuaiḋ é go h-Árdṁaċa, i n-aonḟeaċt le Murċaḋ agus le Brian, agus do h-aḋlacaḋ ṫuaiḋ an triúr.
Ansan do ċruinniġ Donċaḋ an méid a ḃí beó de Ċlainn Ċais, agus ṫug sé féin agus iad féin aġaiḋ siar óḋeas fé ḋéin Ċinn Cora.
Aoinne gur maiṫ leis a ḟios a ḃeiṫ aige conus a ḋ'eiriġ leó ar an slíġ, ní'l aige aċ leaḃar an tseanaċais do ṡoláṫar agus do léiġeaḋ. Ċífiḋ sé raint neiṫe ná cuirfiḋ puínn áṫais air sa tseanaċas san. Ċífiḋ sé gníoṁ grána ó Ṁac Giolla Pádraig úd n-ar ṫráċt Brian ar a ainim nuair a ḃí sé ag laḃairt leis an sluaġ maidion lae an ċaṫa. Ċuir sé i n-aice 'ċéile Mac Giolla Pádraig agus M'lṡeaċ- lainn Mór. Isé cúis gur ċuir sé i n-aice 'ċéile iad mar ḃí an gníoṁ céadna déanta acu araon. Do ḋiúltuiġ Mac Giolla Pádraig do'n ċaṫ nuair a ċuaiḋ giollaí turais Ḃriain ag triall air 'ġá ráḋ leis teaċt. Do ṡeaċain [ 342 ]M'lṡeaċlainn an caṫ os cóṁair súl fear Eirean go léir, maidion lae an ċaṫa. Ċuir Brian an ḃeirt i n-aice 'ċéile 'n-a ċaint 'ġá ṫaisbeáint go raiḃ gníoṁ Ṁ'lṡeaċlainn ar aon dul le gníoṁ Ṁac Giolla Pádraig ċóṁ fada agus a ċuaiḋ náire agus aiṫis agus spriúnlaiṫeaċt.
Nuair a fuair Mac Giolla Pádraig go raiḃ Clann Ċais lag d'eiriġ sé ċúċa agus ċeap sé smaċt a ċur orṫa. Níor eiriġ leis, áṁṫaċ, mar a ċífir sa tseanaċus má leiġean tú é.
Ní le Clainn Ċais ná le Mac Giolla Pádraig a ḃainean an sgéal so, áṁṫaċ, aċ le Niaṁ, agus le Caoilte, agus le Conn. Ḃí Taḋg Mór ua Cealla marḃ, agus ḃí Niaṁ gan a h-aṫair. Ḃí uirṫi déanaṁ gan a h-aṫair fé ḋeire. Ba ċruaiḋ an cás é. Aċ ní raiḃ leiġeas air. Ḃí Maolruanaiḋ na Paidre marḃ, leis. D'ḟág san Conn gan aṫair ċóṁ maiṫ le Niaṁ. Agus ḃí aṫair Caoilte marḃ. D'ḟág san Caoilte agus Lonán gan aṫair.
Níor ḃ' ḟoláir do Ċaoilte agus do Lonán dul agus buiḋean a n-aṫar, an méid a ḃí beó acu, do ċruinniuġaḋ agus do ċur i dtreó ċun dul óḋeas aḃaile. Níor ḃ'ḟoláir do Ċonn dul agus an rud céadna ḋéanaṁ do ḃuiḋin Ua ḃFiaċraċ Áiḋne, do'n ṁéid a ḃí beó ḋíoḃ, agus níor ṁór é. Ḃí a neart agus a ṁisneaċ ag casaḋ ar Ṫaḋg Óg ua Ċealla i dtreó go raiḃ sé ábalta, maiṫ go leór, é féin agus Niaṁ, ar ṁuintir Uíḃ Máine do ġleusaḋ agus do ċur i dtreó ċun dul aḃaile.
Aċ níor ṁaiṫ le Conn ná le Caoilte sgaraṁaint le Niaṁ go dtí go ḃfeicfidís ṫiar sa ḃaile i ríġṫeiġlaċ a h-aṫair í.
“Socaruiġmís an sgéal ar an gcuma so,” arsa Taḋg Óg ua Cealla. “Deinimís aon ḃuiḋean aṁáin des na trí buiḋniḃ agus gaḃmís aon ḃóṫar aṁáin go dtí go mbeiḋmíd i gCeann Cora.”
“Déanfaiḋ san an gnó go h-áluinn,” arsa Caoilte, “agus ní ċuirfiḋ sé aistear ar aon ḃuiḋin againn, mar tá [ 343 ]aġaiḋ na mbóiṫre is fearr agus is díríġe, ar Ċeann Cora, ó'n áit seo; agus ansan, is ó Ċeann Cora atá na bóiṫre is fearr agus is díríġe ag gaċ buiḋin dínn ċun dul aḃaile.”
Ḃí aiṫne ag Caoilte ar na bóiṫriḃ. Do socaruiġeaḋ an sgéal ar an gcuma san. Do tugaḋ na trí buiḋeana ċun a ċéile. Níor ġluaiseadar ċun bóṫair ró ṫapaiḋ. Ġlacadar a suaiṁneas go dtí go mbéaḋ na fir ġunta a ḃí orṫa láidir a ndóṫin ċun gluaiste. Ba ṁór an ṁaiṫ dos na trí buiḋniḃ iad do ṫaḃairt ċun a ċéile ar an gcuma san agus aon ḃuiḋean aṁáin a ḋéanaṁ díoḃ. Ḃí cuiḋeaċtanas a ċéile acu, agus congnaṁ a ċéile nuair ba ġáḋ é. Ḃí na Conaċtaiġ beirṫe go mór leis an socaruġaḋ mar ḃí an doċtúir acu. Dá n-imṫiġeaḋ na Muíṁniġ leó féin ní ḃéaḋ Lonán ag na Conaċtaiġ. Ċaiṫfeaḋ sé imṫeaċt le n-a ṁuintir féin. Nuair a ḃí na trí buiḋeana i dteannta ċéile ḃí Lonán acu go léir. Ba ṁaiṫ an ḃail orṫa san. Ḃí a lán acu, idir Ċonaċtaiġ agus Muíṁniġ, gunta go dian, agus ġeóḃdís bás i n-aiṁḋeóin gaċ aon rud mura mbéaḋ Lonán a ḃeiṫ ag feuċaint ċúċa agus an t-eólus ṫar na beartaiḃ a ḃeiṫ aige ar a ġnó. Fuair cuid acu bás i n-aiṁḋeóin a ḋíċil.
Ḃí eólus maiṫ ag Niaṁ, leis, agus tuisgint ṁaiṫ, agus ḃíoḋ sí coitċianta ameasg na n-oṫar, ag taḃairt aire ḋóiḃ, agus ag cur misniġ orṫa, agus ag friṫálaṁ orṫa, agus ṁeasaidís ná bíoḋ aoinne ba ṫúisge ṫuigeaḋ cad a ḃíoḋ i n-easnaṁ orṫa 'ná mar a ṫuigeaḋ Niaṁ é. An t-áṫas croíḋe a ṫagaḋ orṫa nuair a ṫagaḋ sí ag friṫálaṁ orṫa ṡaṁluiġdís go gcuireaḋ sé feaḃas sláinte orṫa. Ḃí aiṫne aici ar gaċ duine fé leiṫ de ṁuintir Uíḃ Máine agus Uíḃ Fiaċraċ, agus níor ḃ'ḟada go raiḃ aiṫne aici, leis, ar gaċ duine fé leiṫ des na Muíṁneaċaiḃ.
Ḃí Loċlanaiġ ann. De ṁuintir Ospaic ab eaḋ cuid acu. Do marḃuiġeaḋ Ospac féin sa ċaṫ. Driṫáir do Ḃruadar [ 344 ]ab eaḋ é. Tar éis an ċaṫa ċuaiḋ cuid d'á ṁuintir i mbuiḋin Ḋonċaḋ, ṁic Ḃriain, agus ṫáinig cuid acu i mbuiḋin Ṫaiḋg Óig uí Ċealla. Ḃíoḋ Caoilte mar ḟear teangan idir iad agus na Gaeḋil. Ḃí cuid acu gunta go dian, agus do tugaḋ aireaċas dóiḃ ċóṁ maiṫ díreaċ agus a tugaḋ dos na Gaeḋlaiḃ féin.
Cáirde ab eaḋ muintir Ospaic, aċ ḃí cuid de ṁuintir a ḋriṫár ann, leis, agus do tugaḋ an t-aireaċas céadna ḋóiḃ, bíoḋ gur ḃ'é an driṫáir sin a ḋein an gníoṁ ba ṁeasa ar na Gaeḋlaiḃ d'ár deineaḋ sa ċaṫ, .i. marbuġaḋ Ḃriain.
Ḃí aon ḟear aṁáin ann agus níor féadaḋ a ḋéanaṁ amaċ ar feaḋ aḃfad cé 'r ḃ'é ná cár ḃ' as é. Ḃí sé ar éadtromaċt. Ḃain éirleaċ an lae sin a ṁeaḃair ṡaoġalta ḋé. Ḃí focal éigin aige d'á ráḋ coitċianta, aċ níor ṫuig aoinne é go dtí gur ṫáinig Caoilte ċuige. Fuair Caoilte amaċ uaiḋ gur adtuaiḋ ar fad ó Inis Tuile a ṫáinig sé. Isé focal a ḃíoḋ 'n-a ḃéal aige, agus nár tuigeaḋ, 'ná: “A Ṗeadair Naoṁṫa taḃair saor ó'n lá so mé agus raġaiḋ mé trí h-uaire go dtí an Róiṁ ag triall ort am' ṁaidirín!”
Do tugaḋ saor ó'n gcaṫ é. Ṫáinig a ṁeaḃair dó i ndiaiġ ċéile nuair a fuair sé an caradas agus an t-aireaċas. Ansan ní ṡásóċ' aon rud é aċ go gcaiṫfeaḋ Niaṁ an Creideaṁ a ṁúineaḋ ḋó. B'éigean do Ċaoilte ḃeiṫ sa ṁúineaḋ, leis, go dtí go raiḃ an fear boċt ábalta ar an nGaeluinn a ṫuisgint.
Do ġlac na Loċlanaiġ eile a ḃí ann an Creideaṁ, leis, ċóṁ luaṫ agus do féadaḋ é ṁúineaḋ ḋóiḃ. Is aṁlaiḋ a deiridís, an Creideaṁ a ḃí ag Niaṁ go raiḃ sé maiṫ a ḋóṫin d' aoinne sa doṁan; ná féadfaḋ sé gan ḃeiṫ 'n-a Ċreideaṁ ḟóġanta agus é ḃeiṫ ag Niaṁ. Ansan, nuair a múintí ḋóiḃ é, do ṫuigidís a ṁaiṫeas agus a ṫairḃṫe ann féin.
Fé ḋeire ṫiar ṫall ḃí na daoine gunta, an méid ná fuair [ 345 ]bás díoḃ, ag dul i ḃfeaḃas. Ḃí an aimsir, leis, ag dul i ḃfeaḃas agus na laeṫanta ag dul i ḃfaid, agus ḃí an focal i mbéal gaċ aoinne gur ṁiṫid ḃeiṫ ag cuiṁneaṁ ar an mbaile. Do gaḃaḋ na capail agus do cuireaḋ na h-ualaí orṫa. Do cuireaḋ na daoine leicṫe ar ċaraíḃ agus leapaċa fúṫa. Ḃí oiread san capal agus caraí acu nár ġáḋ d'aoinne ḃeiṫ 'n-a ċuis. Ḃí mórán lóin acu, agus mórán earaí, agus mórán stuic. Ḃí ba agus caoire a ndóṫin acu, loiliġeaċa ċun bainne, agus ba seasga ċun mairtḟeóla. Ċuireadar gaċ aon rud i dtreó ċun gluaiste agus ġluaiseadar an bóṫar siar óḋeas fé ḋéin Ċinn Cora.
Sar ar ḟágadar an ċóṁarsanaċt ċuaiḋ Niaṁ go Sórd ċun go ḃfeicfeaḋ sí uaiġ Ḋúlainn agus uaġna na n-uasal eile a ḃí curṫa ann. Ċuaiḋ Taḋg Óg agus Caoilte agus Conn agus Lonán i n-aonḟeaċt léi. Ġoileadar a ndóṫin ar uaiġ Ḋúlainn agus ar na h-uaġnaiḃ eile. Ḃí uaiġ Ṫaiḋg Ṁóir agus uaiġ Ṁaoilruanaiḋ i n-aice 'ċéile. D'ḟan Niaṁ aḃfad os cionn uaġa a h-aṫar. Ba ṁaiṫ léi, dá mb' é toil an Tiġearna é, uaiġ eile ḃeiṫ le h-ais na h-uaġa san agus í féin a ḃeiṫ sínte ann, agus a h-anam a ḃeiṫ i ḃfoċair anama a h-aṫar. Aċ do ṫuig sí nár ḃ'é toil Dé é, agus go raiḃ gnó eile curṫa 'n-a ċúram ag Dia uirṫi, agus d'ḟág sí an áit.
Ċomáin na trí buiḋeana leó, agus iad i n-aon ḃuiḋin aṁáin, an bóṫar siar óḋeas, go breaġ réiḋ socair. Ní ḟéadfaidís gluaiseaċt ró ṁear, dá mba ná béaḋ aon níḋ ċun ríġnis a ċur orṫa aċ na slóiġte daoine a ḃíoḋ ag teaċt rómpa ar an slíġ ag fáiltiuġaḋ rómpa agus 'ġá molaḋ agus ag cur gaċ aon tsaġas beannaċt orṫa. Ḃí tuairisg an ċaṫa tar éis leaṫaḋ ar fuid na h-Éirean um an dtaca san, agus ḃí ualaċ tógṫa de ċroíḋe na ndaoine. Ḃí na daoine ag imṫeaċt as a meaḃair le neart áṫais agus le neart buiḋċais ar Ḋia agus ar na fearaiḃ do ṫroid an caṫ [ 346 ]agus do ḃuaiḋ an caṫ. Ḃí ḟios acu go maiṫ cad a ḃí n-a gcóir go léir dá mba ag na Loċlanaiġ a ḃéaḋ an buaḋ sa ċaṫ san. Ḃí ḟios acu, leis, ag an uile ḋuine acu, gur ag na Loċlanaiġ a ḃéaḋ an buaḋ mura mbéaḋ a ṫréine do ṫroid na Gaeḋil. Agus ḃí ḟios acu ná raiḃ fir sa ċaṫ ba ṫréine do ṫroid 'ná na trí buiḋeana san a ḃí an uair sin ag gluaiseaċt an bóṫar san siar óḋeas, i n-aon ḃuiḋin aṁáin. D'á ḃríġ sin is aṁlaiḋ a ḃídís 'n-a gcéadtaiḃ agus iad ar a nglúiniḃ, ar ḋá ṫaoḃ an ḃóṫair, agus iad ag liúriġ agus ag gol agus ag gáirí, ag breiṫ a mbuiḋċais le Dia mar ġeall ar an ḃfuasgailt a tugaḋ ar Éirinn, agus 'ġá iaraiḋ ar Ḋia na glóire a ḃeannaċt do ċur go deó, sa tsaoġal so agus ar an saoġal eile, ar na fearaiḃ a ḋein an troid uaṫḃásaċ agus do ḃuaiḋ an caṫ uaṫḃásaċ.
Ṫar gaċ aoinne eile d'á raiḃ ann ḃíoḋ na daoine a d'iaraiḋ raḋarc ḟáġail ar Niaṁ. Ḃí a h-ainim i mbéalaiḃ daoine ins gaċ aon ḃall. Ḃí sé i n-aigne na ndaoine, pé cuma 'n-ar cuireaḋ isteaċ 'n-a n-aigne é, gur ṁó a congnaṁ ċun slóiġte Ḃriain do ġleusaḋ agus do ḋlúṫuġaḋ le n-a ċéile, agus ċun na h-árd-aigne a ḃí acu do ḋúiseaċt ionta i gcóir an ċaṫa, 'ná congnaṁ aon duine eile lasmuiċ de Ḃrian féin. D'á ḃríġ sin, pé duine eile a ċídís ní ḃídís sásta go dtí go ḃfeicidís Niaṁ. Ḃíoḋ na fir agus na mná ar na h-árdánaiḃ agus ar na claṫaċaiḃ agus iad ag iniúċaḋ agus ag cuardaċ le n-a súiliḃ go dtí go ḃfeicidís Niaṁ. Ansan ḃídís ag árduġaḋ na leanḃ suas 'n-a láṁaiḃ i dtreó go ḃfeicfidís Niaṁ.
Níor ġáḋ do'n ċualaċt aon eagla ḃeiṫ orṫa go mbéaḋ aon rud i n-easnaṁ orṫa ar an slíġ. Ḃí an t-im agus an bainne agus na h-uiḃe, agus an uile ṡaġas toraḋ talṁan, ag teaċt ċúċa isteaċ ó gaċ taoḃ de'n ḃóṫar. Ní raiḃ aon ġáḋ acu leis. Ḃí breis agus a ndóṫin de gaċ aon tsaġas bíḋ acu féin. Ṫugadar san le tuisgint dos na daoine. [ 347 ]Ní raiḃ aon ṁaiṫ ann. Ṫáinig an bia. Dúḃairt Niaṁ é ċur i gcoimeád agus go ḃféadfaí é ṫaḃairt do ḋaoine boċta ar ball.