Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/350

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
346
NIAṀ

agus do ḃuaiḋ an caṫ. Ḃí ḟios acu go maiṫ cad a ḃí n-a gcóir go léir dá mba ag na Loċlanaiġ a ḃéaḋ an buaḋ sa ċaṫ san. Ḃí ḟios acu, leis, ag an uile ḋuine acu, gur ag na Loċlanaiġ a ḃéaḋ an buaḋ mura mbéaḋ a ṫréine do ṫroid na Gaeḋil. Agus ḃí ḟios acu ná raiḃ fir sa ċaṫ ba ṫréine do ṫroid 'ná na trí buiḋeana san a ḃí an uair sin ag gluaiseaċt an bóṫar san siar óḋeas, i n-aon ḃuiḋin aṁáin. D'á ḃríġ sin is aṁlaiḋ a ḃídís 'n-a gcéadtaiḃ agus iad ar a nglúiniḃ, ar ḋá ṫaoḃ an ḃóṫair, agus iad ag liúriġ agus ag gol agus ag gáirí, ag breiṫ a mbuiḋċais le Dia mar ġeall ar an ḃfuasgailt a tugaḋ ar Éirinn, agus 'ġá iaraiḋ ar Ḋia na glóire a ḃeannaċt do ċur go deó, sa tsaoġal so agus ar an saoġal eile, ar na fearaiḃ a ḋein an troid uaṫḃásaċ agus do ḃuaiḋ an caṫ uaṫḃásaċ.

Ṫar gaċ aoinne eile d'á raiḃ ann ḃíoḋ na daoine a d'iaraiḋ raḋarc ḟáġail ar Niaṁ. Ḃí a h-ainim i mbéalaiḃ daoine ins gaċ aon ḃall. Ḃí sé i n-aigne na ndaoine, pé cuma 'n-ar cuireaḋ isteaċ 'n-a n-aigne é, gur ṁó a congnaṁ ċun slóiġte Ḃriain do ġleusaḋ agus do ḋlúṫuġaḋ le n-a ċéile, agus ċun na h-árd-aigne a ḃí acu do ḋúiseaċt ionta i gcóir an ċaṫa, 'ná congnaṁ aon duine eile lasmuiċ de Ḃrian féin. D'á ḃríġ sin, pé duine eile a ċídís ní ḃídís sásta go dtí go ḃfeicidís Niaṁ. Ḃíoḋ na fir agus na mná ar na h-árdánaiḃ agus ar na claṫaċaiḃ agus iad ag iniúċaḋ agus ag cuardaċ le n-a súiliḃ go dtí go ḃfeicidís Niaṁ. Ansan ḃídís ag árduġaḋ na leanḃ suas 'n-a láṁaiḃ i dtreó go ḃfeicfidís Niaṁ.

Níor ġáḋ do'n ċualaċt aon eagla ḃeiṫ orṫa go mbéaḋ aon rud i n-easnaṁ orṫa ar an slíġ. Ḃí an t-im agus an bainne agus na h-uiḃe, agus an uile ṡaġas toraḋ talṁan, ag teaċt ċúċa isteaċ ó gaċ taoḃ de'n ḃóṫar. Ní raiḃ aon ġáḋ acu leis. Ḃí breis agus a ndóṫin de gaċ aon tsaġas bíḋ acu féin. Ṫugadar san le tuisgint dos na daoine.