Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/349

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
345
NIAṀ

bás díoḃ, ag dul i ḃfeaḃas. Ḃí an aimsir, leis, ag dul i ḃfeaḃas agus na laeṫanta ag dul i ḃfaid, agus ḃí an focal i mbéal gaċ aoinne gur ṁiṫid ḃeiṫ ag cuiṁneaṁ ar an mbaile. Do gaḃaḋ na capail agus do cuireaḋ na h-ualaí orṫa. Do cuireaḋ na daoine leicṫe ar ċaraíḃ agus leapaċa fúṫa. Ḃí oiread san capal agus caraí acu nár ġáḋ d'aoinne ḃeiṫ 'n-a ċuis. Ḃí mórán lóin acu, agus mórán earaí, agus mórán stuic. Ḃí ba agus caoire a ndóṫin acu, loiliġeaċa ċun bainne, agus ba seasga ċun mairtḟeóla. Ċuireadar gaċ aon rud i dtreó ċun gluaiste agus ġluaiseadar an bóṫar siar óḋeas fé ḋéin Ċinn Cora.

Sar ar ḟágadar an ċóṁarsanaċt ċuaiḋ Niaṁ go Sórd ċun go ḃfeicfeaḋ sí uaiġ Ḋúlainn agus uaġna na n-uasal eile a ḃí curṫa ann. Ċuaiḋ Taḋg Óg agus Caoilte agus Conn agus Lonán i n-aonḟeaċt léi. Ġoileadar a ndóṫin ar uaiġ Ḋúlainn agus ar na h-uaġnaiḃ eile. Ḃí uaiġ Ṫaiḋg Ṁóir agus uaiġ Ṁaoilruanaiḋ i n-aice 'ċéile. D'ḟan Niaṁ aḃfad os cionn uaġa a h-aṫar. Ba ṁaiṫ léi, dá mb' é toil an Tiġearna é, uaiġ eile ḃeiṫ le h-ais na h-uaġa san agus í féin a ḃeiṫ sínte ann, agus a h-anam a ḃeiṫ i ḃfoċair anama a h-aṫar. Aċ do ṫuig sí nár ḃ'é toil Dé é, agus go raiḃ gnó eile curṫa 'n-a ċúram ag Dia uirṫi, agus d'ḟág sí an áit.

Ċomáin na trí buiḋeana leó, agus iad i n-aon ḃuiḋin aṁáin, an bóṫar siar óḋeas, go breaġ réiḋ socair. Ní ḟéadfaidís gluaiseaċt ró ṁear, dá mba ná béaḋ aon níḋ ċun ríġnis a ċur orṫa aċ na slóiġte daoine a ḃíoḋ ag teaċt rómpa ar an slíġ ag fáiltiuġaḋ rómpa agus 'ġá molaḋ agus ag cur gaċ aon tsaġas beannaċt orṫa. Ḃí tuairisg an ċaṫa tar éis leaṫaḋ ar fuid na h-Éirean um an dtaca san, agus ḃí ualaċ tógṫa de ċroíḋe na ndaoine. Ḃí na daoine ag imṫeaċt as a meaḃair le neart áṫais agus le neart buiḋċais ar Ḋia agus ar na fearaiḃ do ṫroid an caṫ