Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/347

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
343
NIAṀ

aġaiḋ na mbóiṫre is fearr agus is díríġe, ar Ċeann Cora, ó'n áit seo; agus ansan, is ó Ċeann Cora atá na bóiṫre is fearr agus is díríġe ag gaċ buiḋin dínn ċun dul aḃaile.”

Ḃí aiṫne ag Caoilte ar na bóiṫriḃ. Do socaruiġeaḋ an sgéal ar an gcuma san. Do tugaḋ na trí buiḋeana ċun a ċéile. Níor ġluaiseadar ċun bóṫair ró ṫapaiḋ. Ġlacadar a suaiṁneas go dtí go mbéaḋ na fir ġunta a ḃí orṫa láidir a ndóṫin ċun gluaiste. Ba ṁór an ṁaiṫ dos na trí buiḋniḃ iad do ṫaḃairt ċun a ċéile ar an gcuma san agus aon ḃuiḋean aṁáin a ḋéanaṁ díoḃ. Ḃí cuiḋeaċtanas a ċéile acu, agus congnaṁ a ċéile nuair ba ġáḋ é. Ḃí na Conaċtaiġ beirṫe go mór leis an socaruġaḋ mar ḃí an doċtúir acu. Dá n-imṫiġeaḋ na Muíṁniġ leó féin ní ḃéaḋ Lonán ag na Conaċtaiġ. Ċaiṫfeaḋ sé imṫeaċt le n-a ṁuintir féin. Nuair a ḃí na trí buiḋeana i dteannta ċéile ḃí Lonán acu go léir. Ba ṁaiṫ an ḃail orṫa san. Ḃí a lán acu, idir Ċonaċtaiġ agus Muíṁniġ, gunta go dian, agus ġeóḃdís bás i n-aiṁḋeóin gaċ aon rud mura mbéaḋ Lonán a ḃeiṫ ag feuċaint ċúċa agus an t-eólus ṫar na beartaiḃ a ḃeiṫ aige ar a ġnó. Fuair cuid acu bás i n-aiṁḋeóin a ḋíċil.

Ḃí eólus maiṫ ag Niaṁ, leis, agus tuisgint ṁaiṫ, agus ḃíoḋ sí coitċianta ameasg na n-oṫar, ag taḃairt aire ḋóiḃ, agus ag cur misniġ orṫa, agus ag friṫálaṁ orṫa, agus ṁeasaidís ná bíoḋ aoinne ba ṫúisge ṫuigeaḋ cad a ḃíoḋ i n-easnaṁ orṫa 'ná mar a ṫuigeaḋ Niaṁ é. An t-áṫas croíḋe a ṫagaḋ orṫa nuair a ṫagaḋ sí ag friṫálaṁ orṫa ṡaṁluiġdís go gcuireaḋ sé feaḃas sláinte orṫa. Ḃí aiṫne aici ar gaċ duine fé leiṫ de ṁuintir Uíḃ Máine agus Uíḃ Fiaċraċ, agus níor ḃ'ḟada go raiḃ aiṫne aici, leis, ar gaċ duine fé leiṫ des na Muíṁneaċaiḃ.

Ḃí Loċlanaiġ ann. De ṁuintir Ospaic ab eaḋ cuid acu. Do marḃuiġeaḋ Ospac féin sa ċaṫ. Driṫáir do Ḃruadar