Jump to content

Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/346

From Wikisource
This page has not been proofread.
342
NIAṀ

M'lṡeaċlainn an caṫ os cóṁair súl fear Eirean go léir, maidion lae an ċaṫa. Ċuir Brian an ḃeirt i n-aice 'ċéile 'n-a ċaint 'ġá ṫaisbeáint go raiḃ gníoṁ Ṁ'lṡeaċlainn ar aon dul le gníoṁ Ṁac Giolla Pádraig ċóṁ fada agus a ċuaiḋ náire agus aiṫis agus spriúnlaiṫeaċt.

Nuair a fuair Mac Giolla Pádraig go raiḃ Clann Ċais lag d'eiriġ sé ċúċa agus ċeap sé smaċt a ċur orṫa. Níor eiriġ leis, áṁṫaċ, mar a ċífir sa tseanaċus má leiġean tú é.

Ní le Clainn Ċais ná le Mac Giolla Pádraig a ḃainean an sgéal so, áṁṫaċ, aċ le Niaṁ, agus le Caoilte, agus le Conn. Ḃí Taḋg Mór ua Cealla marḃ, agus ḃí Niaṁ gan a h-aṫair. Ḃí uirṫi déanaṁ gan a h-aṫair fé ḋeire. Ba ċruaiḋ an cás é. Aċ ní raiḃ leiġeas air. Ḃí Maolruanaiḋ na Paidre marḃ, leis. D'ḟág san Conn gan aṫair ċóṁ maiṫ le Niaṁ. Agus ḃí aṫair Caoilte marḃ. D'ḟág san Caoilte agus Lonán gan aṫair.

Níor ḃ' ḟoláir do Ċaoilte agus do Lonán dul agus buiḋean a n-aṫar, an méid a ḃí beó acu, do ċruinniuġaḋ agus do ċur i dtreó ċun dul óḋeas aḃaile. Níor ḃ'ḟoláir do Ċonn dul agus an rud céadna ḋéanaṁ do ḃuiḋin Ua ḃFiaċraċ Áiḋne, do'n ṁéid a ḃí beó ḋíoḃ, agus níor ṁór é. Ḃí a neart agus a ṁisneaċ ag casaḋ ar Ṫaḋg Óg ua Ċealla i dtreó go raiḃ sé ábalta, maiṫ go leór, é féin agus Niaṁ, ar ṁuintir Uíḃ Máine do ġleusaḋ agus do ċur i dtreó ċun dul aḃaile.

Aċ níor ṁaiṫ le Conn ná le Caoilte sgaraṁaint le Niaṁ go dtí go ḃfeicfidís ṫiar sa ḃaile i ríġṫeiġlaċ a h-aṫair í.

“Socaruiġmís an sgéal ar an gcuma so,” arsa Taḋg Óg ua Cealla. “Deinimís aon ḃuiḋean aṁáin des na trí buiḋniḃ agus gaḃmís aon ḃóṫar aṁáin go dtí go mbeiḋmíd i gCeann Cora.”

“Déanfaiḋ san an gnó go h-áluinn,” arsa Caoilte, “agus ní ċuirfiḋ sé aistear ar aon ḃuiḋin againn, mar tá