Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/345

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
341
NIAṀ

ċun na marḃ a ḋ' aḋlacaḋ mar ba ċóir, agus go dtí go raiḃ corp Ḃriain taḃarṫa suas do'n ċléir le breiṫ óṫuaiḋ go h-Árdṁaċa.

Nuair a ḃí corp Ḃriain taḃarṫa do'n ċléir do laḃair Caoilte.

“Ḃí Murċaḋ le h-ais Ḃriain,” ar seisean, “ins gaċ caṫ d'ár ṫroid sé riaṁ ó ċaṫ Ḃealaiġ Leaċta go caṫ Ġleanna Ṁáma. Is le láiṁ Ṁurċaḋ do ṫuit laoċra agus uaisle Loċlan agus Laiġean i gcaṫ an lae indé. Ní ceart Murċaḋ agus Brian do ḋeiġilt ó ċéile anois!”

Do tugaḋ corp Ṁurċaḋ do'n ċléir le breiṫ óṫuaiḋ go h-Árdṁaċa i n-aonḟeaċt le corp Ḃriain.

Ansan do laḃair Niaṁ.

“Tá sé ċóṁ ceart,” ar sise, “gan a ṁac do ċoimeád ó Ṁurċaḋ agus atá sé gan a ṁac do ċoimeád ó Ḃrian.”

Níor gáḋ ḋi a ṫuille cainte ḋéanaṁ. Do tugaḋ Connla do'n ċléir agus do rugaḋ óṫuaiḋ é go h-Árdṁaċa, i n-aonḟeaċt le Murċaḋ agus le Brian, agus do h-aḋlacaḋ ṫuaiḋ an triúr.

Ansan do ċruinniġ Donċaḋ an méid a ḃí beó de Ċlainn Ċais, agus ṫug sé féin agus iad féin aġaiḋ siar óḋeas fé ḋéin Ċinn Cora.

Aoinne gur maiṫ leis a ḟios a ḃeiṫ aige conus a ḋ'eiriġ leó ar an slíġ, ní'l aige aċ leaḃar an tseanaċais do ṡoláṫar agus do léiġeaḋ. Ċífiḋ sé raint neiṫe ná cuirfiḋ puínn áṫais air sa tseanaċas san. Ċífiḋ sé gníoṁ grána ó Ṁac Giolla Pádraig úd n-ar ṫráċt Brian ar a ainim nuair a ḃí sé ag laḃairt leis an sluaġ maidion lae an ċaṫa. Ċuir sé i n-aice 'ċéile Mac Giolla Pádraig agus M'lṡeaċ- lainn Mór. Isé cúis gur ċuir sé i n-aice 'ċéile iad mar ḃí an gníoṁ céadna déanta acu araon. Do ḋiúltuiġ Mac Giolla Pádraig do'n ċaṫ nuair a ċuaiḋ giollaí turais Ḃriain ag triall air 'ġá ráḋ leis teaċt. Do ṡeaċain