Niamh/58

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Niamh by Peadar Ua Laoghaire
“Na mílte ologón.”
[ 347 ]

CAIBIDIOL XVII.

“NA MÍLTE OLOGÓN”.

Nuair a ṫáinig Niaṁ agus a cualaċt go Ceann Cora ḃí duḃaḋ na gcnuc agus na gcoillte de'n uile ṡaġas daoine cruinniġṫe roímpi ann. Do h-airiġeaḋ i n-Uíḃ Máine go raiḃ na trí buiḋeana, i n-aon ḃuiḋin aṁáin, ag dul i n-aonḟeaċt go Ceann Cora, agus do ġluais an uile ḋuine sa dúṫaiġ sin n-a raiḃ ann siúḃal i n-aon ċor, soir óḋeas go Ceann Cora. Do h-airiġeaḋ an sgéal céadna i n-Uíḃ Ḟiaċraċ Áiḋne agus do deineaḋ an ġluaiseaċt ċéadna. Ṫáinig, i n-aonḟeaċt leis an dá ċine sin, gaċ aon treaḃċas go raiḃ cuid d'á ndaoine sa ċaṫ, feuċaint an mór acu a ḃí ag teaċt aḃaile slán, nó beó féin.

An rud a h-airiġeaḋ ṫiar i n-Uíḃ Máine agus i n-Uíḃ Ḟiaċraċ Áiḋne do h-airiġeaḋ é ṫeas i gCiarraiġe Luaċra agus ins na tíorṫaiḃ mór-ṫímpal, agus do ġluais na daoine as na tíorṫaiḃ sin, díreaċ mar a ġluais na daoine as na tiorṫaiḃ ṫuaiḋ, fé ḋéin Ċinn Cora.

Nuair a ṫáinig na trí buiḋeana do cuireaḋ trí gárṫa móra fáilte rómpa. Do tógaḋ na gárṫa airís agus airís eile, ḃí a leiṫéid sin d' áṫas ar na daoine a ḃí ag feiṫeaṁ nuair a ċonacadar tagaiṫe an ṁuintir a ḃí uaṫa. Ḃí áṫas an doṁain ar an muintir andeas nuair a ċonacadar Caoilte agus Lonán. Ḃí áṫas ba ṁó 'ná an t-áṫas san [ 348 ]féin ar ṁuintir Uíḃ Máine nuair a ċonacadar Niaṁ agus a driṫáir, agus ḃí áṫas ċóṁ mór leis an áṫas san ar ṁuintir Uíḃ Ḟiaċraċ Áiḋne nuair a ċonacadar Conn. Ní h-ar a ṁuintir féin aṁáin a ḃí áṫas mór i dtaoḃ Ċuinn do teaċt slán, aċ ar an uile ḋuine d'á raiḃ tagaiṫe sa n-áit. Ógánaċ deaġ-ċroíḋeaċ, uasal, fóġanta, diaḋa, ab eaḋ é, mar ba ḋual aṫar dó ḃeiṫ, agus ḃí cion ag gaċ aoinne, ṫuaiḋ agus ṫeas, air.

Tar éis na ḃfáiltí do ṫáinig an fiafraiġe. Fuair muintir Uíḃ Máine amaċ gur fágaḋ Taḋg Mór agus forṁór na ḃfear a ḃí le n-a ċois sínte ṫíos i gCluain Tairḃ. Fuair muintir Uíḃ Ḟiaċraċ amaċ gur ḃ'é an sgéal céadna acu féin é. Fuair muintir Ċiarraiġe amaċ gur fágaḋ a ríġ féin agus na fir a ḃí aige sa n-áit ċéadna. Ar ball do fuair gaċ aoinne amaċ gur fágaḋ duine leis féin ṫíos, nó b'ḟéidir beirt, nó b'ḟéidir triúr. Ansan iseaḋ ḋ' eiriġ na gárṫa, agus níor ġárṫa áṫais iad aċ gárṫa goil. Ansan iseaḋ ḋ' eiriġ “na mílte ologón”! Na mná do ṫusnuiġ é. Ḃíodar ag sileaḋ ar dtúis ar feaḋ tamail. Ansan do ċas bean ologón. Ansan do ġluais an t-éirleaċ lógóir- eaċta ó n-a raiḃ de ṁnáiḃ sa n-áit. Ní raiḃ bean ann gan a fear nó a mac nó b' ḟéidir an ḃeirt i n-aonḟeaċt i n-easnaṁ uirṫi.

Ansan dúḃairt duine éigin, “Ó! cá ḃfuil Brian!”

Dúḃairt duine eile, “Cá ḃfuil Murċaḋ! Agus cá ḃfuil Dúlainn! Agus cá ḃfuil Connla!”

Ansan do ċas na fir “na mílte ologón,” agus ḃuaileadar a mbasa. Fir láidire ċruaḋa. Fir go raiḃ taiṫiġe acu ar bás agus ar ċogaḋ agus ar ár, agus gur ró ḋeacair osna ḃaint ó'n gcroíḋe acu ná deór a ḃaint ó n-a súiliḃ.

Is 'mó duine a ḋ'ḟéadfaḋ éisteaċt le gol agus le h-ologón ó ṁnáiḃ agus ná bainfí aon ċoruiġe as a ċuid [ 349 ]fola. Aċ nuair a ḃainean buairt uaṫḃásaċ fásgaḋ a' croíḋe fir i dtreó go gcaiṫean sé an t-ologón do sgaoileaḋ amaċ 'n-a lán neart nó go bpléasgfaḋ a ċroíḋe istiġ 'n-a ċliaḃ, is deacair d' aoinne éisteaċt le gol an ḟir sin gan toċt agus fásgaḋ do teaċt ar a ċroíḋe féin ná sgarfaiḋ a ċuiṁne leis an ċuid eile d'á ṡaoġal.

Nuair a ġluais an gol ḃí Niaṁ ag sileaḋ. Níor airiġ aoinne a guṫ an ḟaid ná raiḃ ag gol aċ na mná. Aċ nuair eiriġ gol na ḃfear, agus nuair airiġ sí ainim Ḃriain agus ainim Ṁurċaḋ agus ainim Ċonnla agus ainim a h-aṫair, do ġluais an t-ologón uaiṫi ċóṁ h-árd agus do ġluais sé ó aoinne eile d'á raiḃ ann.

Ḃí Colla ann, agus cuid des na sagairt agus des na manaiġ, aníos ó Inis Caṫaiġ. Do sgaoil sé leis an ngol ar feaḋ tamail. Ansan ṫáinig sé anáirde ar árdán agus ċrom sé ar ċaint. Do stad an gol i n-aice na h-áite 'n-a raiḃ sé ag caint. I ndiaiġ ar ndiaiġ do stad an gol ins gaċ aon ḃall, agus ḃí na daoine go léir ag éisteaċt leis. Seo mar a laḃair sé:—

“A ḋaoine,” ar seisean, “ní h-aon iongnaḋ ḋúinn go léir buairt ár ndóṫin a ḃeiṫ orainn.” (Ḃí a ḋá ṡúil féin fliuċ go maiṫ). “Tá cúis ġuil againn má ḃí sé ag aon daoine riaṁ. Aċ seo rud náċ ceart ḋúinn a ḋearṁad i lár ár mbuarṫa. Tá áḋbar áṫais againn indiu má ḃí áḋḃar áṫais ag aon daoine riaṁ. Do buaileaḋ, ṫíos i gCluain Tairḃ, an lá fé ḋeire, caṫ nár buaileaḋ a leiṫéid i n-Éirinn ní fios cad é an ḟaid ó ṡin. Do buaileaḋ an caṫ san idir Ġaeḋlaiḃ Éirean agus Loċlanaiġ an doṁain. Dá ḃfaġaḋ na Loċlanaiġ an láṁ uaċtair sa ċaṫ san is ag na Loċlanaiġ a ḃéaḋ an t-oileán so na h-Éirean indiu. Ní fágfaí oiread agus fód de ṫalaṁ na h-Éirean againn! Ṫug na Loċlanaiġ leó a mná agus a gclann, ḃíodar ċóṁ ceapaiṫe sin ar ṫalaṁ na h-Éirean do ġlacaḋ ċúċa féin agus ar [ 350 ]ṡlioċt Gaeḋal do ḋísgiuġaḋ, do ċur ċun báis, do ġlanaḋ as an oileán gur oiread agus duine acu ḋ'ḟágáilt beó ann. Ṫug Dia ḋúinn, (molaḋ agus glóire agus buiḋċas leis!) gur ḃuaiḋ Brian agus a ṁór-ṡluaġ orṫa. Do ṫuit Brian agus a lán d'á ṁór-ṡluaġ sa ċaṫ. Dá dtugaḋ Dia, mar geall ar ár bpeacaíḃ-ne, an buaḋ dos na Loċlanaiġ, do ṫuitfeaḋ Brian agus a ṁór-ṡluaġ go léir, agus ansan do ṫuitfimís-ne go léir, ins gaċ aon ṗáirt d' Éirinn. Dá mbéaḋ an buaḋ ag na Loċlanaiġ ní ḟágfaidís Brian ná aoinne d'á ṁór-ṡluaġ beó, agus ḃéidís ag gluaiseaċt anois ar fuid na h-Éirean ag marḃú' na ḃfear aosda agus na mban agus na leanḃ agus ní ḃéaḋ Brian ná aoinne d'á ṁór-ṡluaġ ann ċun iad do ċosaint.

“Má ḟeuċaim am' ṫímpal anois anso agus má ḟéadaim a ḋ'ḟáġail amaċ cé h-í an ḃean is mó atá creaċta leis an gcaṫ so, deirim léi, agus is fíor ḋom é, gur mó go mór an t-áḋḃar áṫais atá taḃarṫa ag an gcaṫ ḋí 'ná an t-áḋḃar buarṫa atá taḃarṫa aige di. Is mó atá sí buaiḋte leis an gcaṫ 'ná mar atá sí caillte leis. Pé méid d'á muintir atá tuitiṫe sa ċaṫ, ḃéidís tuitiṫe ann d'á ngaḃaḋ an caṫ 'n-ár gcoinniḃ, agus ḃéaḋ sí féin agus an ċuid eile acu marḃ um an dtaca so ag an sluaġ Loċlanaċ a ḃéaḋ leaṫta anois ar fuid na h-Éirean agus iad ar buile ag déanaṁ díoltais orainn mar ġeall ar ḋéine an ċaṫa.

“Cuirimís uainn an gol, d'á ḃríġ sin, agus an ḃuairt, agus i n-inead ḃeiṫ ag gol agus ag déanaṁ buarṫa, tugaimís ár mbuiḋċas ó ċroíḋe do Ḋia na glóire mar ġeall ar an gcuma 'n-ar ṫug sé saor sinn ó n-a leiṫéid de ċontaḃairt. Nuair a ḋ'eireóċaiḋ an ḃuairt i n-ár gcroíḋe cuirimís ċúġainn féin an ċeist seo. Conus a ḃéaḋ an sgéal againn anois dá mb' ag na Loċlanaiġ a ḃéaḋ an buaḋ?

“Tá ḟios agaiḃ-se ċóṁ maiṫ agus atá ḟios agam-sa conus [ 351 ]mar a ḃí socair go daingean i n' aigne ag an uile ḋuine des na fearaiḃ a ḋ'ḟág an baile ċun dul sa ċaṫ so, ar gan teaċt beó ó'n gcaṫ pé taoḃ ar a mbéaḋ buaḋ. Tá sé buailte isteaċ am' aigne mura mbéaḋ an socarú' san a ḃeiṫ déanta roim ré acu, ná déanfaidís an troid ċóṁ dian agus ḋeineadar é. An beagán acu do ṫáinig ó'n gcaṫ, ḃí a n-aigne socair ar gan teaċt ċóṁ daingean agus ḃí ag an muintir a ṫuit sa ċaṫ. Aċ do ṫáinig as an socarú' go raiḃ an troid ċóṁ dian san gur briseaḋ an caṫ ar na Loċlanaiġ sar ar ṫuit a ṫuille d'ár ndaoine. Áṫas, d'á ḃríġ sin, is ceart dúinn a ḃeiṫ orainn indiu agus ní buairt.

“Tá áḋḃar eile áṫais againn, a ḋaoine. Na fir a ṫuit sa ċaṫ so is ar son Creidiṁ Ċríost do ṫuiteadar. Tá ḟios againn go léir, an t-é a ḋ' ḟuilingean bás ar son an Ċreidiṁ go dtugtar aoiḃneas na ḃFlaṫas dó láiṫreaċ. Ní ceart dúinn ḃeiṫ ag déanaṁ buarṫa nuair a ṫuigimíd i n-ár n-aigne go ḃfuil aoiḃneas na ḃFlaṫas anois, le congnaṁ Dé, ag an muintir a baineaḋ dínn sa ċaṫ so.”

Ḋein sé a lán cainte leó ar an gcuma san, níos fearr go mór 'ná mar a ṫagan liom-sa an ċaint a ċur síos anso. Ċuir sé a n-aigne ċun suaiṁnis. Ṫuigeadar gur ċeart ḃeiṫ sásta le toil Dé.

Le n-a linn sin cé ċífidís ag teaċt ċúċa, an bóṫar anoir, aċ Donċaḋ, mac Ḃriain, agus an méid a ḃí beó de'n ḃuiḋin a ṫáinig leis ó'n longṗort i gCill Ṁaiġneann. Ḃí cuid ṁaiṫ acu ar ċróċaraiḃ, mar ní raḃdar ábalta ar siúḃal, agus ḃí an ċuid eile 'ġá n-iompar.

Ċuir Colla an cogar tímpal ameasg na ndaoine a ḃí ann 'ġá ráḋ leó gan a ṫuille guil a ḋéanaṁ. Níor ḃeag san. I n-inead aon ġuil a ḋéanaṁ is aṁlaiḋ a cuireaḋ suas go bríoġṁar gáir ṁolta agus fáilte.

D'inis na fir a ṫáinig conus mar a ċuir Mac Giolla Pádraig an ríġneas orṫa ar an slíġ, agus conus mar a [ 352 ]ṁeas sé caṫ do ċur orṫa. Ḃí fearg ṁór ar gaċ aoinne mar ġeall air sin. Do feuċaḋ ċun na ḃfear ngunta agus do cuireaḋ gaċ aon ċóir orṫa.

Ní raiḃ Donċaḋ agus a ċualaċt aḃfad tagaiṫe nuair a laḃair Colla airís.

“A ríġṫe agus a uaisle agus a ḋaoine,” ar seisean, “do ṫuit Brian i gcaṫ Ċluain Tairḃ. Do ṫuit Murċaḋ sa ċaṫ, leis. Tá Árdríġ againn i n-inead an Árdríġ do ṫuit. Isé Donċaḋ mac Briain Árdríġ Éirean anois!”

Ansan iseaḋ do cuireaḋ suas an liú ṁólta i gceart. Do tógaḋ an liú airís agus airís eile.

Ansan do ṫáinig a raiḃ de ḋaoine ann ċun na h-áite 'n-a raiḃ Bile Mór Máġa Aḋair agus do h-óirdneaḋ Donċaḋ mac Briain i n' Árdríġ ar Éirinn. Ḋein Colla an obair i láṫair na ndaoine, agus ḃí áṫas agus móráil ar gaċ aoinne.

Níor ġlac fir Éirean, 'n-a ḋiaiġ san, áṁṫaċ, Donċaḋ i n' Árdríġ ar Éirinn, aċ do glacaḋ é 'n-a ríġ ar an Múṁain.

Nuair a ḃí an méid sin déanta ḃí gaċ aoinne sásta. Do sgar na daoine agus d'imṫiġ gaċ treaḃċas abaile ċun a ndúṫa féin. Ċuaiḋ Caoilte agus Lonán aḃaile go dúṫaiġ a n-aṫar. Ċuaiḋ Conn óṫuaiḋ go h-Uíḃ Ḟiaċraċ Áiḋne. Ċuaiḋ Niaṁ agus Taḋg Óg ua Cealla óṫuaiḋ go h-Uíḃ Máine. Ḃí Conn agus iad féin i n-aonḟeaċt, áṁṫaċ, an tslíġ go léir náċ mór.