Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/355

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
351
NIAṀ

mar a ḃí socair go daingean i n' aigne ag an uile ḋuine des na fearaiḃ a ḋ'ḟág an baile ċun dul sa ċaṫ so, ar gan teaċt beó ó'n gcaṫ pé taoḃ ar a mbéaḋ buaḋ. Tá sé buailte isteaċ am' aigne mura mbéaḋ an socarú' san a ḃeiṫ déanta roim ré acu, ná déanfaidís an troid ċóṁ dian agus ḋeineadar é. An beagán acu do ṫáinig ó'n gcaṫ, ḃí a n-aigne socair ar gan teaċt ċóṁ daingean agus ḃí ag an muintir a ṫuit sa ċaṫ. Aċ do ṫáinig as an socarú' go raiḃ an troid ċóṁ dian san gur briseaḋ an caṫ ar na Loċlanaiġ sar ar ṫuit a ṫuille d'ár ndaoine. Áṫas, d'á ḃríġ sin, is ceart dúinn a ḃeiṫ orainn indiu agus ní buairt.

“Tá áḋḃar eile áṫais againn, a ḋaoine. Na fir a ṫuit sa ċaṫ so is ar son Creidiṁ Ċríost do ṫuiteadar. Tá ḟios againn go léir, an t-é a ḋ' ḟuilingean bás ar son an Ċreidiṁ go dtugtar aoiḃneas na ḃFlaṫas dó láiṫreaċ. Ní ceart dúinn ḃeiṫ ag déanaṁ buarṫa nuair a ṫuigimíd i n-ár n-aigne go ḃfuil aoiḃneas na ḃFlaṫas anois, le congnaṁ Dé, ag an muintir a baineaḋ dínn sa ċaṫ so.”

Ḋein sé a lán cainte leó ar an gcuma san, níos fearr go mór 'ná mar a ṫagan liom-sa an ċaint a ċur síos anso. Ċuir sé a n-aigne ċun suaiṁnis. Ṫuigeadar gur ċeart ḃeiṫ sásta le toil Dé.

Le n-a linn sin cé ċífidís ag teaċt ċúċa, an bóṫar anoir, aċ Donċaḋ, mac Ḃriain, agus an méid a ḃí beó de'n ḃuiḋin a ṫáinig leis ó'n longṗort i gCill Ṁaiġneann. Ḃí cuid ṁaiṫ acu ar ċróċaraiḃ, mar ní raḃdar ábalta ar siúḃal, agus ḃí an ċuid eile 'ġá n-iompar.

Ċuir Colla an cogar tímpal ameasg na ndaoine a ḃí ann 'ġá ráḋ leó gan a ṫuille guil a ḋéanaṁ. Níor ḃeag san. I n-inead aon ġuil a ḋéanaṁ is aṁlaiḋ a cuireaḋ suas go bríoġṁar gáir ṁolta agus fáilte.

D'inis na fir a ṫáinig conus mar a ċuir Mac Giolla Pádraig an ríġneas orṫa ar an slíġ, agus conus mar a