Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/356

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
352
NIAṀ

ṁeas sé caṫ do ċur orṫa. Ḃí fearg ṁór ar gaċ aoinne mar ġeall air sin. Do feuċaḋ ċun na ḃfear ngunta agus do cuireaḋ gaċ aon ċóir orṫa.

Ní raiḃ Donċaḋ agus a ċualaċt aḃfad tagaiṫe nuair a laḃair Colla airís.

“A ríġṫe agus a uaisle agus a ḋaoine,” ar seisean, “do ṫuit Brian i gcaṫ Ċluain Tairḃ. Do ṫuit Murċaḋ sa ċaṫ, leis. Tá Árdríġ againn i n-inead an Árdríġ do ṫuit. Isé Donċaḋ mac Briain Árdríġ Éirean anois!”

Ansan iseaḋ do cuireaḋ suas an liú ṁólta i gceart. Do tógaḋ an liú airís agus airís eile.

Ansan do ṫáinig a raiḃ de ḋaoine ann ċun na h-áite 'n-a raiḃ Bile Mór Máġa Aḋair agus do h-óirdneaḋ Donċaḋ mac Briain i n' Árdríġ ar Éirinn. Ḋein Colla an obair i láṫair na ndaoine, agus ḃí áṫas agus móráil ar gaċ aoinne.

Níor ġlac fir Éirean, 'n-a ḋiaiġ san, áṁṫaċ, Donċaḋ i n' Árdríġ ar Éirinn, aċ do glacaḋ é 'n-a ríġ ar an Múṁain.

Nuair a ḃí an méid sin déanta ḃí gaċ aoinne sásta. Do sgar na daoine agus d'imṫiġ gaċ treaḃċas abaile ċun a ndúṫa féin. Ċuaiḋ Caoilte agus Lonán aḃaile go dúṫaiġ a n-aṫar. Ċuaiḋ Conn óṫuaiḋ go h-Uíḃ Ḟiaċraċ Áiḋne. Ċuaiḋ Niaṁ agus Taḋg Óg ua Cealla óṫuaiḋ go h-Uíḃ Máine. Ḃí Conn agus iad féin i n-aonḟeaċt, áṁṫaċ, an tslíġ go léir náċ mór.