Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/357

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
353
NIAṀ

CAIBIDIOL XVIII.

AN GAṪ GRÉINE CÉADNA.

Do ġluais an dá ḃuiḋin, muintir Uíḃ Máine agus muintir Uíḃ Ḟiaċraċ Áiḋne, siar óṫuaiḋ i dtreó a ḋá ndúṫaiġ féin. Ḃí i n-aonḟeaċt leis an méid acu a ṫáinig ó Ċill Ṁaiġneann an méid a ṫáinig 'n-a gcoinniḃ go Ceann Cora, i gcás ná raiḃ aon uaigneas orṫa. Nuair a ṫánadar i gcoṁngar do'n ḃaile do sgaradar ó ċéile. Ba ḃeag ná gur eiriġ an gol agus “na mílte ologón” airís nuair a ṡroiseadar an t-aos óg agus na seandaoine nár ḟéad dul go Ceann Cora. Aċ do cuireaḋ cosg leis an mbuairt. Do h-innseaḋ cad 'dúḃairt Colla nuair a ḃí sé ag caint leis an bpobal mór ṫíos ag Ceann Cora. Do cuireaḋ na seandaoine ċun suaiṁnis.

Ċóṁ luaṫ agus ḃí a dtuirse curṫa ḋíoḃ ag an muintir a ṫáinig aḃaile ó'n gcaṫ, ṫusnuiġdar ar ḃualaḋ um a ċéile agus ar ḃeiṫ ag caint agus ag cuiṁneaṁ ar cad a déanfaí feasda. Ḃí an saoġal ana ċiúin, ana ṡuaiṁneasaċ acu, agus an aimsir ag dul i mbreaġṫaċt. An ṗráing agus an ḃruid agus an fásgaḋ aigne a ḃí ar na daoine i gcaiṫeaṁ na h-aimsire an ḟaid a ḃí an t-ollṁúċán ar siúḃal i gcóir an ċogaiḋ, agus an ḟaid a ḃí na slóiġte ag imṫeaċt ó ḃaile agus ag cruinniuġaḋ ċun an ċaṫa, agus an ḟaid do lean an sgannraḋ i dtaoḃ conus a ġeóḃaḋ an caṫ, ḃíodar go léir imṫiġṫe. Ḃí gaċ aon rud ciúin, suaiṁneasaċ, socair.

Do h-óirdneaḋ Conn 'n-a ríġ ar Uíḃ Ḟiaċraċ Áiḋne, agus do h-óirdneaḋ Taḋg Óg ua Cealla 'n-a ríġ ar Uíḃ Máine. Ḃí raint gnóṫa le déanaṁ acu araon ar feaḋ tamail ag socaruġaḋ neiṫe idir ċlainn na ḃfear a fágaḋ i gCluain Tairḃ. Do deineaḋ a lán cleaṁnaisí sa